Skip to main content

Fadhbanna le linn briste nó ina dhiaidh

Bíonn fadhbanna ag custaiméirí áirithe uaireanta maidir le cáilíocht an uisce nó le soláthar an uisce nuair a bhíonn soláthar uisce acu arís tar éis briseadh a bheith ann. Seo roinnt leideanna cabhracha maidir le cad atá le déanamh.

Chun seiceáil má tá do sholáthar uisce ar ais arís, tiontaigh an sconna fuar air sa chistin. Má tá uisce ag rith, tá do sholáthar uisce ceangailte arís ón bpríomhphíobán. Mura bhfuil sé ag sreabhadh, tiontaigh an sconna cistine as agus déan seiceáil arís go tráthrialta.

Mura bhfuil do sholáthar uisce ceangailte arís tar éis 24 uair an chloig, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid é a fhiosrú.

Fadhbanna tar éis briseadh sa soláthar uisce

Nuair a bheidh soláthar uisce agat arís tar éis briseadh a bheith ann, b'fhéidir go dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil iarracht de dhath ar an uisce. De ghnáth, is féidir sin a ghlanadh tríd an sconna a rith ar feadh cúpla nóiméad go dtí go ritheann an t-uisce glan.

Mura féidir leat an t-uisce a ghlanadh trí do sconna a chasadh air, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid cinnte de go ndéanfar an scéal a fhiosrú go pras.

D'fhéadfadh sé go mbeadh brú íseal sa soláthar uisce díreach tar éis briseadh a bheith ann, ach ba chóir go dtiocfadh feabhas air sin de réir a chéile. Má tá brú íseal sa soláthar uisce díreach tar éis briseadh a bheith ann, tabhair do d'aire go bhféadfadh sé suas go trí uair an chloig a thógáil sula mbeidh an gnáthbhrú ann arís.

Má tá soláthar uisce agat arís tar éis briseadh a bheith ann ach mura bhfuil do sconna ag oibriú, caithfidh tú do chóras a sheiceáil le haghaidh aerbhac. Má tá seiceáil le haghaidh aerbhac déanta agat cheana féin (chloígh tú leis an nós imeachta agus rinne tú trí huaire é) agus mura bhfuil an fhadhb réitithe dá thoradh sin, beidh ort glaoch a chur ar phluiméir cláraithe chun cúnamh a fháil.

D'fhéadfadh sé gur éileamh ar an líonra is cúis leis seo. Ba chóir go dtiocfadh feabhas air seo de réir a chéile. Mura dtagann feabhas air laistigh de 24 uair an chloig, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid an scéal a fhiosrú.

Bristeacha pleanáilte sa soláthar uisce

Má fuair tú fógra faoi bhriseadh pleanáilte sa soláthar uisce, moltar duit coimeádáin a líonadh le huisce úr chun go mbeidh uisce agat le linn an bhriste. Déan cinnte de go gcoimeádann tú sconnaí casta as, agus déan iarracht gan an t-uisce ar fad i d'umar stórála a úsáid mar d'fhéadfadh aerbhac a bheith mar thoradh air sin (m.sh. ná sruthlaigh do leithreas).

Ná déan na nithe seo a leanas:

  • Uisce a ól ó na sconnaí uisce the nó ó na sconnaí sa seomra folctha
  • An córas téimh lárnaigh a úsáid fad is atá an t-uisce casta as
  • Aon fhearais gháis, ola nó leictreacha a úsáid chun do chuid uisce a théamh, m.sh. tumthéitheoir.
  • Úsáid a bhaint as aon fhearais a úsáideann sreabhadh leanúnach uisce fad is nach bhfuil uisce ar fáil ón sconna fuar sa chistin (m.sh. miasniteoirí)

Déan na nithe seo a leanas:

  • Coimeád sconnaí casta as
  • Déan iarracht gan an t-uisce ar fad i d'umar stórála a úsáid mar d'fhéadfadh aerbhac a bheith mar thoradh air sin (m.sh. ná sruthlaigh do leithreas).

Nuashonruithe maidir le soláthar agus seirbhís

Féach ar ár Léarscáil Soláthair agus Seirbhíse le haghaidh na nuashonruithe is déanaí i do cheantar.