Skip to main content

Uisce ar bith nó brú íseal

Bíonn roinnt cúiseanna ann le heaspa uisce nó le brú an-íseal sa soláthar uisce chuig do réadmhaoin.

D'fhéadfadh na leideanna thíos bheith ina gcuidiú leat chun a fháil amach cén fáth nach bhfuil uisce ar bith agat nó go bhfuil brú íseal sa soláthar uisce.

No water or very low pressure

Oibreacha i do cheantar

Le linn oibreacha beartaithe d'fhéadfaí cur isteach ar do sholáthar uisce. Chun a sheiceáil má tá oibreacha ar siúl i do cheantar, tabhair cuairt ar ár leathanach faoi Nuashonruithe Soláthair Uisce nó tabhair cuairt ar Twitter at @IWCare.

Seiceáil leis na comharsana

Déan seiceáil le do chomharsana chun a fháil amach an bhfuil fadhbanna acu freisin. Má tá, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an bpríomhphíobán uisce poiblí. Mura bhfuil, is dócha go bhfuil fadhb ann le do phíopaí inmheánacha.

Uisce ar bith ag teacht ón sconna fuar sa chistin

Mura bhfuil oibreacha ar bith ar siúl agus níl uisce ar bith agat ag teacht ón sconna uisce fhuair i do dhoirteal sa chistin, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an bpríomhphíobán uisce poiblí i do cheantar amhail píopa pléasctha atá ag dul i bhfeidhm ar do sholáthar uisce. Glaoigh ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh.

Uisce ar bith ag teacht ón sconna te sa chistin

​Má tá an sconna uisce fhuair sa doirteal i do chistin ag obair ach mura bhfuil an sconna uisce the nó na sconnaí sa doirteal i do sheomra folctha ag obair, ansin d'fhéadfadh aerbhac a bheith agat i do chuid pluiméireachta inmheánaí. Más é sin an cás tabhair cuairt ar ár leathanach faoi Aerbhaic. Más é an cás tar éis duit na céimeanna sin a athdhéanamh roinnt uaireanta agus níl uisce ar bith agat go fóill, beidh ort glaoch ar phluiméir.

Píopaí reoite nó píopaí pléasctha

Nuair a thiteann an teocht amuigh faoi nialas, d'fhéadfadh píopaí neamhchosanta agus sconnaí atá ag sileadh reo agus scoilteadh, rud a théann i bhfeidhm ar an soláthar uisce chuig do réadmhaoin.

Nuashonruithe maidir le soláthar agus seirbhís

Féach ar an léarscáil soláthair agus seirbhíse le haghaidh na nuashonruithe is déanaí i do cheantar.