Skip to main content

Píopaí reoite nó pléasctha

Faigh amach an chaoi le seiceáil má tá píopa reoite nó pléasctha agat agus an méid atá le déanamh má tá.

Nuair a thiteann an teocht amuigh faoi nialas, d'fhéadfadh píopaí neamhchosanta agus sconnaí atá ag sileadh reo agus scoilteadh. D'fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do sholáthar uisce.

Nuair a ardaíonn an teocht arís, d'fhéadfadh na píopaí scoilte seo tosú ag sceitheadh, rud a dhéanfadh damáiste agus a mbeadh an-chostas leis le deisiú.

Seiceáil do phíopaí reoite

Má tá ceann amháin nó níos mó de do chuid sconnaí nach bhfuil ag obair, déan seiceáil leis na comharsana má tá an fhadhb chéanna acu. Má tá, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an soláthar uisce. Muna bhfuil na fadhbanna céanna acu, d'fhéadfadh píopa reoite a bheith agat.

What to do if you have frozen or burst pipes | Uisce Éireann

An méid atá le déanamh má tá píopa reoite agat

Má tá buneolas an pluiméireacht agat, beidh na leideanna seo ina gcabhair chun an píopa reoite a aimsiú agus a leá arís. Muna bhfuil tú cinnte faoin méid atá le déanamh, cuir glaoch ar phluiméir atá cláraithe.

Cuir stop leis an soláthar uisce.

Cuirfidh sé seo srian ar an méid sceithidh mó damáiste má phléascann píopa:

  • Aimsigh agus múch an comhla stoptha taobh istigh
  • Múch an buacaire i d'umar fuaruisce, a aimsítear de ghnáth san áiléar

Aimsigh an píopa

  • Seiceáil an brú uisce san fhearas ar nós sconnaí agus leithris go bhfeicfidh tú má tá sé níos ísle ná mar a bhíonn sé de ghnáth
  • Aimsigh an áit a gceapann tú go bhfuil píopa reoite ann
  • Seiceáil má tá píopaí infheicthe ann nach bhfuil inslithe, píopaí atá i bhfad níos fuaire ná na cinn eile má leagan tú lámh orthu, a bhfuil séideán gar dóibh nó damáiste orthu
  • Múch sconnaí fuara atá i ngar leis an mbrú a scaoileadh ón bpíopa reoite - ná las na sconnaí te RIAMH

Leáigh an píopa

  • Muna bhfuil an sconna nó na feistithe scoilte nó briste, is féidir iarracht a dhéanamh a píopa a leá go réidh
  • Cosain nó bog rud ar bith a bhféadfaí damáiste a dhéanamh dó má phléascann an píopa agus é leáite
  • Bain leas as triomadóir gruaige ar an socrú is ísle chun an píopa a théamh go réidh, ag tosú gar don sconna

Ná déan iarracht RIAMH píopa a leá tríd an tumthéitheoir, teas lárnach, séidtóirse srl a lasadh

An méid atá le déanamh má tá píopa reoite agat

Is féidir le píopa pléasctha an-damáiste a dhéanamh do do theach agus tá sé tábhachtach, mar sin, gníomhú chomh luath agus gur féidir.

Cuir srian ar an méid damáiste

  • Múch an soláthar uisce mar atá treoraithe thuas
  • Triomaigh an córas tríd na sconnaí fuara ar fad a mhúchadh agus tríd na leithris a shruthlú
  • Múch an teas lárnach agus an tumthéitheoir Má bhaineann tú úsáid as breoslaí soladacha, lig dóibh múchadh
  • Nuair atá teas an uisce múchta go hiomlán, las na sconnaí te leis an gcóras a thriomú a thuilleadh
  • Má tá uisce ó phíopa atá pléasctha ag sceitheadh gar d'aon soicéad, lasc nó fearas, múch an príomhlíonra leictreachais má tá sé sábháilte. Má tá an lasc fliuch, ná leag lámh air, agus cuir glaoch ar leictreoir cáilithe
  • Má tá soláthar uisce agat atá roinnte, m.sh. má tá cónaí ort in ionad árasán, cinntigh go bhfuil fáil agat ar an mbuacaire. Aimsítear é seo de ghnáth san áit a dtagann an soláthar uisce isteach san fhoirgneamh
  • Seiceáil leis na comharsana nach ndeachaigh sé i bhfeidhm ar a soláthar nuair a mhúch tú an t-uisce

Faigh deisithe é

  • Is féidir deisiú sealadach a dhéanamh ar phíopa pléasctha trína fháisceadh láidir le héadach nó le téip.
  • Cuir deisiú buan isteach ina áit seo chomh luath agus gur féidir, rud a dhéanfaidh pluiméir cáilithe agus cláraithe.
  • Cinntigh go bhfuil do chóras uisce te líonta arís SULA lasann tú an tumthéitheoir nó an coire arís.

Cuir cosc le píopaí reoite agus pléasctha - tabhair cuairt ar leathanach Winter Proofing chun leideanna a fháil.

Déan teagmháil lenár bhFoireann Cúraim Custaiméirí

1800 278 278 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2828. Línte ar oscailt 24/7.