Skip to main content

Saoráil Faisnéise

Faigh amach conas iarratas Saorála Faisnéise a dhéanamh chuig Uisce Éireann.

Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 ann chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis a choimeádann ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí liostaithe.

Tá sé de cheart ag daoine faoin Acht um Shaoráil Faisnéise:

  1. Teacht ar thaifid oifigiúla a choimeádann ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí liostaithe.
  2. Go ndéanfar faisnéis phearsanta fúthu a cheartú sa chás go bhfuil sé neamhiomlán, mícheart nó dá gcuirfeadh sé duine amú.
  3. Go dtabharfar míniú dóibh ar chinntí a bhaineann leo a rinne ranna rialtas agus comhlachtaí poiblí liostaithe.

Séanadh/nóta:
Tá díolúintí san Acht um Shaoráil Faisnéise nuair nach scaoilfear, mar gheall ar chúinsí sonracha, an fhaisnéis iarrtha, mar shampla: cearta príobháideachais duine aonair eile a chosaint Má tá gá le haon díolúintí, tabharfaidh Aonad SF Uisce Éireann na cúiseanna duit chomh maith le míniú orthu.

Iarratas a dhéanamh

Foirm SF a líonadh

Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh chuig Uisce Éireann faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise, priontáil an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise agus líon isteach í. Seol an fhoirm chuig Uisce Éireann ag: Oifigeach SF, Aonad SF, Uisce Éireann, Teach Colvill, 24-26 Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath 1, Éire.

Seol litir chugainn

Tá rogha eile agat, féadfaidh tú d'iarratas a chur chugainn i bhfoirm litreach ag an seoladh thuas. Maidir le do litir, iarrtar ort:

  • A lua go sonrach go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
  • An oiread sonraí agus is féidir a thabhairt mar thacaíocht le d'iarratas ionas gur féidir linn é a phróiseáil go héifeachtach
  • Seoladh fillte a chur sa litir

Scéim Foilsitheoireachta Eiseamláireach

Éascaíonn an Scéim Foilsitheoireachta Eiseamláireach teacht ar thaifid a choimeádann Uisce Éireann trí achoimre a thabhairt ar struchtúr Uisce Éireann agus trí threoirlínte a chur ar fáil faoin mbealach le hiarratas SF a dhéanamh.

Is féidir le taifid a bheith i bhformáidí éagsúla, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta: do cháipéisí ar pár (lena n-áirítear léarscáileanna agus pleananna), d'fhaisnéis a choimeádtar go leictreonach (ar ríomhaire) agus d'ábhar closamhairc.

Seolfaidh Aonad SF Uisce Éireann litir admhála chugat laistigh de 10 lá oibre (gan Laethanta Saoire Poiblí san áireamh) ó d'iarratas a bheith faighte. Déanfar na chéad chéimeanna eile den phróiseas a mhíniú go soiléir duit sa litir seo.

Is iondúil go n-eiseoidh Aonad SF Uisce Éireann cinneadh maidir le d'iarratas laistigh de 20 lá oibre tar éis d'iarratas a fháil.

Tógann sé níos mó ama ná sin chun cinneadh a dhéanamh, i gcásanna áirithe. Má tharlaíonn sé seo agus d'iarratas á phróiseáil, déanfaidh Aonad SF Uisce Éireann teagmháil leat agus míneoidh siad na cúiseanna atá leis.

Is féidir. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh a rinne Aonad SF Uisce Éireann, is féidir leat é sin a dhéanamh trí iarratas i scríbhinn a sheoladh chuig an Oifigeach SF, Aonad SF, Uisce Éireann, 24-26 Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath 1, Éire, ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh Tá táille athbhreithnithe inmheánaigh €30 i gceist (€10 má tá cárta leighis agat) nuair a dhéanann tú achomharc in aghaidh cinnidh, agus caithfear é seo a sheoladh chugainn in éineacht le d'aighneacht i scríbhinn. Féach ár leathanach faoi Tháillí SF agus faoi Mhodhanna Íocaíochta le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.

Beidh athbhreithniú iomlán ag leibhéil níos airde i gceist leis an bpróiseas achomhairc maidir le d'iarratas bunaidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Mura bhfuil tú sásta tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh, agus más mian leat achomharc a dhéanamh an athuair, seol d'achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise an uair seo.

Tuilleadh Faisnéise

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi Shaoráil Faisnéise agus faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC), féach na naisc agus na cáipéisí áisiúla thíos:

Déan teagmháil linn

Má tá cabhair uait chun d'iarratas a dhéanamh nó má tá ceist agat faoi SF, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn tríd an ríomhphost ag: foi@water.ie nó tríd an bpost ag: Oifigeach SF, Aonad SF, Uisce Éireann, Teach Colvill, 24-26 Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath 1, Éire.