Skip to main content

Maidir Linn

Is sinne Uisce Éireann. Mar fhóntas náisiúnta rialaithe uisce na hÉireann, bímid freagrach gach lá as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann.

Ár gCuspóir agus ár bhFís

Is é an cúram atá orainn uisce óil ar an gcaighdeán is airde a sholáthar do do sconnaí gach lá agus a chinntiú go ndéantar fuíolluisce a chóireáil i gceart agus go gcuirtear ar ais go sábháilte sa timpeallacht é.

Icon

Ár gCuspóir

A bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar a chinntíonn go bhfuil pobail ag déanamh go maith.

Icon

Ár bhFís

Éire inbhuanaithe, áit a mbíonn meas ar uisce agus ina dtugtar cosaint dó, ar mhaithe leis an domhan agus na daoine go léir a mhaireann air.

Ár gCuideachta

Táimid bródúil as a bheith freagrach as ár soláthar uisce a chosaint chun go ndéanfaimid córas slán sábháilte uisce a sholáthar do dhaonra atá ag fás go tapa agus chun go gcuirfimid borradh faoi fhás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann.

 


Scéal an Uisce

Is scannán faisnéise é 'Scéal an Uisce' ina ndírítear ar luach ríthábhachtach na hacmhainne nádúrtha is luachmhaire atá againn agus ar stádas reatha líonra uisce poiblí na hÉireann. Féach ar an réamhfhógrán thíos.

Scéal an Uisce | Réamhfhógrán

Tar ag Obair Linn

Tá sé mar aidhm againn daoine cumasacha agus oilte a mhealladh agus a fhorbairt, ar daoine iad a bhfuil cúlraí éagsúla acu agus raon saineolais agus léargais acu a bhíonn ag athrú. Creidimid go gcuideoidh a leithéid d'fhórsa saothair láidir linn maidir lenár spriocanna a bhaint amach agus go ligfidh sé dúinn leanúint leis an infheistiú i seirbhísí uisce na hÉireann agus na seirbhísí sin a chur chun cinn.

An Creat um Sheachadadh Seirbhísí Uisce sa Todhchaí

Fáilte romhat chuig suíomh gréasáin tiomanta Uisce Éireann d'fhoireann seirbhísí uisce na nÚdarás Áitiúil d'fhonn an t-eolas is déanaí a thabhairt maidir leis an gcéad chéim eile de bhunathrú earnáil an uisce in Éirinn.

Saoráil Faisnéise

Cuireadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuireann ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí liostaithe an fhaisnéis a choimeádann siad ar fáil don phobal.

Scéim na bhfoilseachán eiseamláireach

Ullmhaíodh agus foilsíodh Scéim na bhFoilseachán Eiseamláireach i gcomhréir le ceanglais Alt 8 den Acht um SF. Éascaíonn sé rochtain ar thaifid ina dtugtar achoimre ar struchtúr Uisce Éireann.

Seirbhísí uisce a bhunathrú

D'fhonn ár seirbhísí uisce a bhunathrú, d'fhorbair Uisce Éireann Plean Gnó sheacht mbliana agus an príomhchuspóir ag baint leis de sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do chustaiméirí.

Cinnteoidh Uisce Éireann go nglacfar le cur chuige náisiúnta agus fadtéarma maidir le pleanáil agus forbairt ár seirbhísí uisce, go gcuirfear deireadh le dúbláil agus go gcuirfear cur chuige córasach i bhfeidhm maidir le hoibriú agus cothabháil na líonraí uisce agus fuíolluisce.

 

Misean Uisce Éireann

Ba cheart go bhfaigheadh ár gcustaiméirí uile soláthar uisce óil atá sábháilte agus iontaofa agus go ndéantar a bhfuíolluisce a bhailiú agus a chur ar ais sa timpeallacht go sábháilte. Cosnóimid an comhshaol sna gníomhaíochtaí uile dár gcuid agus tacóimid le fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann trí infheistíocht iomchuí a dhéanamh i Seirbhísí Uisce.

Ár n-uisce, ár dtodhchaí

Is ceann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn é uisce. Trí chaomhnú uisce a fheabhsú agus trí obair a dhéanamh i gcomhar le chéile, is féidir linn seirbhísí uisce inbhuanaithe a chinntiú d'Éirinn anois agus amach anseo.

Icon

Uisce óil sábháilte

Oibrímid laistigh de cheann amháin de na córais rialála is doichte ar domhan agus bímid ag déanamh monatóireacht i gcónaí ar do chuid uisce ag gach céim ina aistear.

Icon

Cóireáil nua-aimseartha fuíolluisce

Táimid tiomanta do chórais éifeachtacha, nua-aimseartha a chinntiú lena ndéantar riachtanais ár gcustaiméirí a shásamh mar aon le riachtanais comhshaoil atá cosanta ar thionchair sceitheadh fuíolluisce.

Icon

An comhshaol a chosaint

Mar chuideachta atá tiomanta do bheith inár ngnólacht atá inbhuanaithe amach is amach, is ár n-aidhm chun leanúint de na caighdeáin is airde a chur ar fáil dár gcustaiméirí ar bhealaí trína bhfeabhsaítear an comhshaol ina gcónaímid uile.

Icon

Fás eacnamaíoch

Tá sé mar aidhm ag an obair infheistíochta dár gcuid soláthairtí uisce óil a fheabhsú, an comhshaol a chosaint agus an geilleagar a thacú.