Skip to main content

Soláthar

Is é ár misean na réitigh is éifeachtaí ó thaobh costas de a aimsiú do ghníomhartha foinsithe uilig de chuid Uisce Éireann. Is féidir linn ansin na buntáistí a uasmhéadú don chomhlacht trí phróisis iomaíocht foinsithe a fhorbairt agus caidreamh a chothú lenár soláthraithe lárnacha.

Na réimsí lárnacha a bhfuil muid dírithe orthu

Na trí philéar a ndíríonn muid ár gcuspóirí orthu:

  • Margadh maith airgid a chinntiú
  • Comhlíonadh a chinntiú le gach riachtanas dlí agus rialaithe
  • Riosca lenár ngnó a íoslaghdú

Ó 1 Eanáir 2014, ghlac Uisce Éireann freagracht as soláthar agus bainistiú seirbhísí uisce agus fuíolluisce in Éireann. Mar thoradh air seo, tá Uisce Éireann freagrach as soláthraithe a íoc atá ag freastal ar earnáil seirbhísí uisce agus fuíolluisce.

An próiseas soláthair

Glacann Uisce Éireann le cineálacha éagsúla chur chuige maidir le soláthar, ag brath ar luach airgeadaíochta an chonartha. Féach na bealaí éagsúla a dtéimid i ngleic le soláthar.

Tairiscintí reatha

Féach na tairiscintí oscailte reatha atá ag Uisce Éireann, chomh maith le treoir ar a gcaoi do shuim a léiriú leis an tairiscint.

Próiseas cláraithe ríomhthairiscintí

Féach an chaoi clárú le ríomhthairiscintí, clárú léiriú spéise agus freagairt ríomhthairisceana a dhéanamh.

3 Uisce Éireann engineers holding site plans while smiling at eachother

Tairseach ríomhsholáthraithe

Baineann Uisce Éireann úsáid as an tairseach ríomhsholáthraithe chun próiseáil na sonrasc a uathoibriú agus chun a nOrduithe Ceannaigh a dhéanamh níos soiléire do na soláthraithe. Is uirlis féinseirbhíse ar líne é an tairseach seo, rud a thugann cumas do sholáthraithe rochtain díreach a bheith acu ar eolas agus aghaidh a thabhairt ar idirbhearta gnó thar shaolré soláthair go híoc.

Cairt Inbhuanaitheachta do Sholáthraithe

Is sa Chairt Inbhuanaitheachta do Sholáthraithe de chuid Uisce Éireann a shonraítear ár dtiomantas d'inbhuanaitheacht ar fud ár Slabhra Soláthair agus leis sin tugtar breis tacaíochta don Chreat Inbhuanaitheachta uileghabhálaí.

Inbhunaitheacht- ag obair i gcomhar lenár Slabhra Soláthair

Tá tús áite á thabhairt ag Uisce Éireann don inbhuanaitheacht. Is mian linn go mbeadh an fhaisnéis chuí ag ár gcomhpháirtithe sa slabhra soláthair chun luí isteach ar an obair d'fhonn na spriocanna uaillmhianacha inbhuanaitheachta atá romhainn ar fad a bhaint amach. Is duine de bhunaitheoirí Scoil na hInbhuanaitheachta in Éirinn/ Sustainability School in Ireland sinn agus molaimid dár gcomhpháirtithe ar fad sa slabhra soláthair clárú mar bhaill den scoil; saor in aisce, thíos. Cuireann Scoil Inbhuanaitheachta an Slabhra Solathair raon leathan d'acmhainní ar líne ar fáil, modúil foghlama atá creidiúnaithe d'fhorbairt ghairimiúil leanúnach, gearrfhíseáin faoi inbhuanaitheacht, ar shaincheisteanna ar nós, modúil maidir le slábhaíocht nua-aimseartha, soláthar inbhuanaitheach, an geilleagar ciorclach, bithéagsúlacht, tuairisciú carbóin, Idirmhalartú leictreonach sonraí (EDI) agus luach sóisialta.