Skip to main content

Aerbhaic inmheánacha

Má tá do sconna fuar ag obair ach níl do sconna te ag obair, ansin d'fhéadfadh aerbhac a bheith agat i do phluiméireacht inmheánach. Lean na leideanna a leanas chun seiceáil le haghaidh aerbhaic agus é a ghlanadh.

Seiceáil le haghaidh aerbhac

Sa chéad dul síos, cinntigh go bhfuil na sconnaí teo uile sa teach casta as. Ansin, agus ceann amháin den dá rogha a leanas á roghnú ag brath ar chineál an sconna i do chistin.

Sconnaí teo agus fuara ar leith

Más sconnaí teo agus fuara ar leith atá sa chistin i.e. níl siad comhcheangailte i sconna meascthóra, ba cheart an sconna te a chasadh air. Má tá aerbhac ann, ní thiocfaidh uisce ar bith ón sconna te. Chun an t-aerbhac a ghlanadh lean na céimeanna a leanas:

Icon

Céim 1

Cas an dá sconna as.

Icon

Céim 2

Ceangal an dá sconna le hosán.

Icon

Céim 3

Cuir an sconna te air ar dtús agus ansin an sconna fuar - leis sin fórsálfar uisce fuar tríd an gcóras uisce the agus fórsálfar an t-aer atá ina chúis leis an aerbhac ar ais isteach san umar uisce.

Icon

Step 4

Lig don sconna fuar rith le haghaidh 2 nóiméad, cas an dá sconna as agus bain an osán díobh. Ansin lig don sconna te rith le haghaidh 2 nóiméad chun a dhearbhú go bhfuil an t-aerbhac glanta.

Mura bhfuil an t-aerbhac glanta, déan an nós imeachta arís uair nó dhó. Mura n-éiríonn leis sin, déan teagmháil le pluiméir cláraithe chun an fhadhb a réiteach.

I gcorrchásanna d'fhéadfadh aerbhac a bheith sna sconnaí uisce fhuair i mbáisíní níocháin nó san fholcadán freisin. Oibreoidh an nós imeachta sin ina leith freisin ach is nós imeachta níos deacra é mar bíonn píosa osáin fada de dhíth ón sconna fuar sa chistin go dtí an báisín níocháin nó sconna folcadáin is cóngaraí.

Sconna comhcheangailte nó meascthóra

Má tá sconna meascthóra sa chistin, lean na céimeanna thíos:

Icon

Céim 1

Cas an sconna te air. Agus éadach i do lámh (chun cuidiú le scairdeadh amach an uisce a laghdú) déan an sconna a bhlocáil. Bí cúramach maidir le scalladh de thimpiste le huisce te.

Icon

Céim 2

Cuir an sconna fuar air go séimh - leis sin fórsálfar uisce fuar tríd an gcóras uisce the agus fórsálfar an t-aer atá ina chúis leis an aerbhac ar ais isteach san umar uisce.

Icon

Céim 3

Lig don sconna fuar rith le haghaidh 2 nóiméad, ansin cas an dá sconna as.

Icon

Céim 4

Lig don sconna te rith le haghaidh 2 nóiméad chun a dhearbhú go bhfuil an t-aerbhac glanta.

Mura bhfuil an t-aerbhac glanta, déan an nós imeachta arís uair nó dhó. Mura n-éiríonn leis sin, déan teagmháil le pluiméir cláraithe chun an fhadhb a réiteach.

I gcorrchásanna d'fhéadfadh aerbhac a bheith sna sconnaí uisce fhuair i mbáisíní níocháin nó san fholcadán freisin, agus oibreoidh an nós imeachta sin ina leith freisin.

 

Uisce ar bith ag teacht ón sconna fuar

Mura bhfuil uisce ar bith agat ag teacht ón sconna uisce fhuair i do dhoirteal sa chistin, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an bpríomhphíobán uisce poiblí i do cheantar amhail príomhphíobán pléasctha atá ag dul i bhfeidhm ar do sholáthar. Más é sin an cás glaoigh ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh.

Fadhbanna le linn briste nó ina dhiaidh

Má tá fadhbanna agat le do sholáthar le linn briste nó ina dhiaidh, tabhair cuairt ar ár leathanach maidir le soláthar tar éis briste.

 

Nuashonruithe maidir le soláthar agus seirbhís

Féach ar ár Léarscáil Soláthair agus Seirbhíse le haghaidh na nuashonruithe is déanaí i do cheantar.