Skip to main content

Cas as do sholáthar uisce

Ligeann an chomhla stoptha duit an soláthar uisce chuig do theach a rialú, rud a ligeann duit an t-uisce a chasadh air nó as

Tá sé tábhachtach fios a bheith agat cá bhfuil an chomhla stoptha do do theach nó do do ghnólacht, ar eagla go gcaithfidh tú an t-uisce a chasadh as am éigin má bhíonn fadhb pluiméireachta nó sceitheadh mór uisce agat ann.

Cén chuma atá uirthi?

Níl an chuma chéanna ar gach comhla stoptha ach tá an fheidhm chéanna acu go léir, an soláthar uisce chuig do theach a rialú.

Aimsigh do chomhla stoptha

Níl an chuma chéanna ar gach comhla stoptha ach tá an fheidhm chéanna acu go léir. Is gnách go mbíonn siad suite faoin doirteal cistine i dtithe cónaithe. Bíonn siad suite in áiteanna eile chomh maith amhail:

  • Taobh istigh de chófra te/aerála ar urlár na talún i do theach
  • Ag an áit a dtagann píopa gáis isteach i do theach
  • Taobh istigh de sheomra fóntais nó i ngaráiste
  • Faoin staighre
  • Faoi dhoirteal i seomra folctha ar urlár na talún i do theach
  • Taobh istigh d'aonad/cófra cistine
  • Taobh istigh de choire-theach

Cuir ceist ar chomharsa

Mura féidir leat an chomhla stoptha a aimsiú sna háiteanna sin, is maith an smaoineamh é ceist a chur ar chomharsa chun a fháil amach cá bhfuil a gceann féin suite. Is gnách go mbíonn siad suite san áit chéanna i dtithe in aice láimhe.

Feabhsúcháin tí

B'fhéidir gur cheart duit a sheiceáil freisin ar cuireadh aon síneadh le do theach nó an ndearnadh aon obair athchóirithe nó athruithe ailtireachta air. D'fhéadfadh sé seo cabhrú leat fáil amach cá mbíodh an chistin nó an doirteal cistine. Má tá tú chun aonaid nua chistine a shuiteáil, déan cinnte de go mbeidh teacht éasca ar an gcomhla stoptha i gcónaí.

Mura féidir leat an chomhla stoptha a aimsiú i do theach nó má tá deacracht agat é a úsáid, cuir glaoch ar phluiméir cáilithe chun cúnamh a fháil.