Skip to main content

Blas nó boladh neamhghnách

Faigh amach cad is bun leis an athrú a tháinig ar bhlas nó ar bholadh do chuid uisce.

Ó thaobh blais agus bolaidh de, ba cheart don uisce óil a sholáthraímid do do sconsa a bheith inghlactha agus gan aon athrú neamhghnách a bheith le sonrú ann. Má tá blas nó boladh dreoite do chuid uisce nó amhail is go bhfuil tuar measctha tríd, ba chiallmhar an mhaise duit a fháil amach cad is bun leis seo.

Tuar nó díghalrán

Má tá blas beag nó rian de bholadh tuair nó díghalráin ag baint le d'uisce óil, gach seans gurb amhlaidh atá mar tá clóirín tríd. Úsáidtear clóirín ar fud an domhain chun baictéir dhíobhálacha i soláthairtí uisce óil a mharú. Úsáidtear é chun soláthairtí uisce óil a choinneáil slán agus sláinte an phobail a chosaint.

Déanaimid monatóireacht agus rialú cúramach ar an méid clóirín atá i do chuid uisce le go mbeidh sé sábháilte le hól i gcónaí. Uaireanta, féadann leibhéil clóirín dul i méid béagánín nuair a dhéantar athruithe ar an bpróiseas cóireála uisce. Is féidir leis an méadú seo boladh agus blas an uisce sa soláthar uisce a chur as a riocht.

An bhfuil sé sábháilte chun é a ól?

Is beag soláthar uisce nach gcuirtear clóirín leis. Tá blas beag agus rian de bholadh clóirín ag baint leis an uisce ó na soláthairtí seo. Níl sé díobhálach do do shláinte.

Má éiríonn an blas nó an boladh níos láidre ná mar is gnách, téigh i dteagmháil linn ag 1800 278 278 agus fiosróimid an scéal.

Cad is féidir leat a dhéanamh

Má tá boladh nó blas de dhíghalrán ar do chuid uisce nach bhfaighfeá uaidh de ghnáth agus/nó é níos láidre ná mar is iondúil, líon crúiscín le huisce as an sconna, cuir clúdach air é agus cuir sa chuisneoir é. Fág ansin é thar oíche le go maolódh an boladh nó an blas de chlóirín.

Boladh/blas na hithreach nó dreoite

Má tá boladh/blas na hithreach nó dreoite ar do chuid uisce, seans gurb é ceann amháin de na nithe seo a leanas is cúis leis.

Uisce stálaithe sna píopáin

Má tá uisce óil i bpíobán ar feadh tamaill, is féidir leis éirí stálaithe agus boladh nó blas na hithreach teacht air. Aon ionad réadmhaoine a bhfuil naisc seirbhíse fada aige, tá claonadh ann uisce marbh bailiú iontu mura ndéantar iad a shruthlú go minic nó más amhlaidh nach bhfuil aon duine ag cur faoi/fúithi san ionad réadmhaoine. D'fhéadfadh sé tarlú freisin i bhfoirgnimh ina bhfuil umair stórála uisce óil, amhail bloic árasán.

Baictéir i do chuid pluiméireachta

Is féidir le boladh na hithreach nó boladh dreoite éirí as baictéir i do chóras pluiméireachta. Má tá barrúil agat gurb amhlaidh atá, ba cheart duit cabhair a iarraidh ar phluiméir áitiúil.

Alga i bhfoinse uisce

Má tá alga ag fás i bhfoinse uisce óil, tá seans ann go bhfágfaidh sé seo boladh na hithreach nó boladh dreoite ar uisce a thógtar as. Faightear alga i lochanna agus i dtaiscumair uisce ar uairibh.

Substaintí orgánacha

Is féidir le substaintí áirithe, amhail MIB (2-Methylisoborneol) agus Geoismin, blas na hithreach nó blas dreoite a fhágáil ar uisce óil. Faightear na ceimiceáin seo go nádúrtha agus is alga agus baictéir snáithíneacha a tháirgeann iad. Faightear i lochanna, aibhneacha, sruthanna agus taiscumair iad agus ní bhíonn siad ann ach ar feadh ráithe agus iad gearrshaolach, leis.

An bhfuil sé sábháilte chun é a ól?

Fiú má tá blas na hithreach nó blas dreoite ar uisce óil, is beag dochar a dhéanann sé do dhaoine de ghnáth. Má thagann blas nó boladh neamhghnách ar do chuid uisce gan choinne, téigh i dteagmháil linn ag 1800 278 278.

Cad is féidir leat a dhéanamh

  • Labhair le do chomharsana le fáil amach ar bhain a leithéid de mhíthapa dóibh: is é sin, ar tháinig blas nó boladh na hithreach ar a gcuid uisce.
  • Cas air an sconna fuaruisce i ndoirteal na cistine le haon uisce marbh a ruaigeadh as do chóras. Mura dtagann feabhas ar an mblas nó ar an mboladh tar éis duit an sconna a chur ag dul, téigh i dteagmháil linn ag 1800 278 278 agus fiosróimid an scéal.
  • Má tá barrúil agat go bhfuil an locht ar do chóras pluiméireachta, ba cheart duit cabhair a iarraidh ar phluiméir áitiúil.

Glaoigh ar ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí

1800 278 278 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2828.