Fógra ama teagmhála
Chun uisce a dhíghalrú agus é a dhéanamh sábháilte le hól ní mór dúinn an méid ceart clóirín a chur leis ar feadh an achair ama cheart. Eisímid fógraí Ama Teagmhála más amhlaidh nár oibrigh an próiseas díghalraithe le clóirín mar is ceart.
Clóirín agus fógraí Ama Teagmhála
Úsáidtear clóirín ar fud an domhain chun cóireáil a dhéanamh ar uisce. Tá an-mhianach ann maidir le baictéir dhíobhálacha atá ina siocair le breoiteacht a mharú. Le go rachadh clóirín i bhfeidhm, caithfear dóthain clóirín a chur leis an uisce agus a dhóthain ama a thabhairt dó. Is é an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a shocraigh an caighdeán d'Am Teagmhála. Tá Uisce Éireann i mbun an chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm ar ár gClár Náisiúnta Díghalraithe.
Cathain a eisímid fógra Ama Teagmhála
Déanaimid monatóireacht agus tástáil go rialta ar sholáthairtí uisce uile. Más léir dúinn go bhfuil fadhb ag baint le hAm Teagmhála:
- Téimid i gcomhairle le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS), an t-údarás reachtach ar shláinte poiblí.
- Insímid do chustaiméirí atá buailte más é an cás tar éis dúinn dul i gcomhairle leis an FSS go bhfuil riosca ann do shláinte an phobail.
- Cuirimid Fógra Fiuchta Uisce nó Fógra Ná hÓltar ar an soláthar uisce.
- Cuirimid an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar an eolas.
- Déanaimid iniúchadh ar chúis na faidhbe agus déanaimid í a réiteach.
D'fhonn sláinte an phobail a chosaint, uaireanta eisímid fógra sula ndearbhaítear an riosca le torthaí na tástála. Mar shampla, má theipeann ar chóras díghalraithe nó má dhéantar foinse uisce a thruailliú.
Soláthairtí ina bhfuil fógraí Ama Teagmhála Ná hÓl i bhfeidhm
Water supply | Population affected (est.) | No of properties affected (est.) | Total population | % of supply affected | Notice issued | Notice lifted (est.) | Notice type |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cnoc an Dúin | 27 | 9 | 132 | 27 | 31/07/2019 | TBC | Déach |
Water supply | Population affected (est.) | No of properties affected (est.) | Total population | % of supply affected | Notice issued | Notice lifted (est.) | Notice type |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Aughcasla | 42 | 14 | 342 | 12 | 09/06/2020 | Q2 2021 | Déach |
Water supply | Population affected (est.) | No of properties affected (est.) | Total population | % of supply affected | Notice issued | Notice lifted (est.) | Notice type |
---|---|---|---|---|---|---|---|
An Trá | 6 | 3 | 6 | 100 | 13/11/2020 | Q2 2021 | BWN |
Water supply | Population affected (est.) | No of properties affected (est.) | Total population | % of supply affected | Notice issued | Notice lifted (est.) | Notice type |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Baile Shláine | 3 | 1 | 3,010 | 0.1 | 05/07/2019 | 2021 | BWN |
Maigh Dearmhaí | 6 | 2 | 1,725 | 0.35 | 05/07/2019 | 2021 | BWN |
Water supply | Population affected (est.) | No of properties affected (est.) | Total population | % of supply affected | Notice issued | Notice lifted (est.) | Notice type |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Poll na gCuinneog, Cluain Meala | 96 | 36 | 2,566 | 4.2 | 11/10/2018 | TBC | Déach |
Water supply | Population affected (est.) | No of properties affected (est.) | Total population | % of supply affected | Notice issued | Notice lifted (est.) | Notice type |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Carraig na nGabhar | 13 | 14 | 38 | 92 | 22/12/2021 | TBC | Déach |
Tigh na Binne | 16 | 36 | 96 | 44 | 22/12/2021 | TBC | Déach |
Baile Shiobháin | 104 | 41 | 112 | 07/01/2022 | TBC | Déach | |
Gráig na Gaoithe | 46 | 17 | 40 | 07/01/2022 | TBC | Déach |
An Clár Náisiúnta Díghalraithe
Faoin gclár seo, d'aimsíomar dornán ionad réadmhaoine nach raibh díghalrú iomlán déanta ar a soláthar uisce. Bhí na hionaid réadmhaoine seo go léir suite gar d'ionad cóireála uisce agus b'amhlaidh go raibh dóthain clóirín curtha leis an soláthar uisce. Fós féin, níor tugadh an 30 nóiméad don chlóirín a cuireadh isteach le go n-imoibreodh sé leis an uisce.
Níor fhágfadh a dhóthain ama mar sin le go bhféadfaí an t-íoschaighdeán leagtha síos ag an EDS a chomhlíonadh maidir le díghalrú an uisce. Chuamar chun cainte leis an FSS agus GCC. Le sláinte an phobail a chosaint, eisíomar fógraí do gach ionad réadmhaoine a bhí thíos leis seo.
Caighdeáin uisce EDS
Is í an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a shocraigh an t-am teagmhála (Ct) agus é ina íoschaighdeán nach foláir do gach soláthar uisce óil cloí leis. Tá Uisce Éireann i mbun an chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm ar a Chlár Náisiúnta Díghalraithe.
Is in aonad cumaisc a chuirtear Am Teagmhála in iúl ar a dtugtar nóiméid mhilleagraim in aghaidh an Lítir (mg.nóim/Lítear). Dar le EDS, caithfidh Ct de 15mg.nóim/L a bheith ag uisce chun an t-íoschaighdeán le haghaidh díghalrú a chomhlíonadh, mar shampla:
- Má tá 0.5mg/L de chlóirín i do chuid uisce agus más amhlaidh gur ligeadh dó meascadh go hiomlán ar feadh 30 nóiméad, fágann sé sin go mbeidh Ct de 0.5mg/L x 30 nóiméad = 15mg.nóim/Lítear aige mar sin. Is é seo an t-íoschaighdeán EDS le haghaidh díghalrú.
- Má tá 0.5mg/L de chlóirín i do chuid uisce agus más amhlaidh nár ligeadh dó meascadh go hiomlán ach ar feadh 20 nóiméad, fágann sé sin go mbeidh Ct de 0.5mg/L x 20 nóiméad = 10mg.nóim/Lítear aige mar sin. Ní bhaineann sé seo an t-íoschaighdeán EDS le haghaidh díghalrú amach.
- Má chuirtear an iomad clóirín san uisce óil chun a ghiorra is a bhí an t-am teagmhála a chúiteamh, tá seans maith ann go dtiocfaidh blas clóirín do-ghlactha ar do chuid uisce.