Skip to main content

Uisce dídhathach

Ba cheart go mbeadh cuma ghlan ar an uisce i do sconna agus é gan dath de réir mar a bhíonn sé nuair a fhágann sé an t-ionad cóireála uisce. Má tá dath donn ar d'uisce ón sconna nó má tá drochdhath air, cuideoidh an treoir seo leat an chúis a aimsiú.

Conas uisce ar a bhfuil drochdhath a ghlanadh

Má tá dath donn ar d'uisce ón sconna nó má tá drochdhath air, rith an sconna uisce fhuair sa chistin le haghaidh cúpla nóiméad. De ghnáth, déantar dath neamhghnách ar bith a ghlanadh leis sin. Mura n-oibríonn sé sin, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh.

Uisce ar a bhfuil dath donn nó dath oráiste

Tá roinnt de na príomhphíopaí déanta as iarann teilgthe agus tá siad suas le 100 bliain d'aois. D'fhéadfadh dríodar ó na seanphíopaí sin teacht isteach san uisce de réir mar a théann sé tríothu. D'fhéadfadh dath donn nó oráiste a bheith ar d'uisce mar thoradh ar an dríodar.

Is féidir dríodar a chorraí mar thoradh ar athruithe ar shreabhadh, ar threo nó ar bhrú an uisce. Tarlaíonn sé sin go minic le linn oibreacha deisithe nó cothabhála. Sin an chúis, nuair a bhíonn oibreacha ar siúl i do cheantar, gurb é is dóichí go dtiocfaidh dath donn nó oráiste ar d'uisce.

Conas a dhéanaimid uisce ar a bhfuil dath donn nó oráiste a chosc

Sruthlaímid na príomhphíobáin uisce go rialta chun méadú dríodair a chosc. Tá na seanphíopaí iarainn theilgthe á n-athsholáthar againn mar chuid de chlár athshlánaithe príomhphíobán.

An bhfuil sé sábháilte chun é a ól?

Má thagann dath donn nó oráiste ar d'uisce go tobann, rith do sconna le haghaidh roinnt nóiméad le feiceáil má éiríonn sé glan. Mura n-oibríonn sé sin, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh air. Níor cheart duit an t-uisce a ól go dtí go ndéanfaimid iniúchadh air.

What to do if your water appears brown

Uisce modartha nó bán

Má tá cuma bhán nó mhodartha ar d'uisce ón sconna, d'fhéadfadh boilgeoga aeir nó screamh aoil bheith ina gcúis leis. Déan an tástáil shimplí seo chun a fháil amach cad is cúis leis.

  1. Líon gloine uisce ón sconna fuar sa chistin i do bhaile.

  2. Fág é mar atá sé ar feadh cúpla nóiméad.
  3. Ansin seiceáil le feiceáil an bhfuil an t-uisce á ghlanadh anuas nó aníos

Á ghlanadh aníos? Boilgeoga aeir is cúis leis.

Má ghlantar an t-uisce ó bhun an ghloine aníos ansin tá boilgeoga aeir ina gcúis leis an modarthacht. Glantar na boilgeoga de réir mar a ardaíonn siad aníos ó bhun an ghloine.

Á ghlanadh anuas? Is screamh aoil is cúis leis.

Má ghlantar an t-uisce ó bharr an ghloine anuas, d'fhéadfadh screamh aoil nó uisce crua a bheith ina gcúis leis an modarthacht nó leis an dath bán.

An bhfuil sé sábháilte chun é a ól?

Ní théann uisce crua ná boilgeoga aeir i bhfeidhm ar cháilíocht d'uisce óil. Má ghlantar dath d'uisce tar éis cúpla nóiméad, tá an t-uisce sábháilte chun ól. Más screamh aoil atá i gceist, seiceáil le fáil amach conas méadú screamh aoil mar thoradh ar uisce crua a chosc. Mura nglantar an chuma bhán nó mhodartha, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh air.

What to do if your water appears white or cloudy

Dath dubh ar d'uisce nó spotaí beaga dubha ann

An bhfuil dath dubh ar d'uisce nó an bhfuil cáithníní dubha ann? Tá cúpla cúis fhéideartha leis sin.

Crúscaí scagtha uisce

D'fhéadfadh carbón gníomhach a bheith sna scagairí i gcrúscaí uisce a bhfuil an cumas acu spotaí beaga / gráinníní dubha a ligean isteach san uisce. Chun sin a sheiceáil, cuir gloine uisce ó do sconna fuar i gcomparáid le gloine uisce ón gcrúsca scagtha. Mura dtaispeántar spotaí / gráinníní dubha ach san uisce ón gcrúsca scagtha amháin, ansin seiceáil na treoracha ón déantúsóir.

Leicneáin sconnaí

D'fhéadfadh leicneán sconna atá ag meathlú spotaí beaga nó gráinníní dubha a fhágáil i d'uisce, a bhfuil tú in ann iad a fháscadh idir do mhéara. Seiceáil chun a fháil amach má theastaíonn uait an leicneán sconna a athrú.

Mangainéis

Má tá dath dubh ar d'uisce nó má tá spotaí dubha beaga ann, d'fhéadfadh mangainéis a bheith ina cúis leis sin. D'fhéadfadh mangainéis tarlú go nádúrtha i bhfoinsí uisce áirithe. Mura mbainimid í i rith na cóireála, d'fhéadfadh sí bheith ina dríodar i bpíopaí uisce ar deireadh. Is féidir an dríodar sin a chorraí mar thoradh ar athruithe ar shreabhadh, ar threo nó ar bhrú an uisce agus féadtar é a iompar ar aghaidh go dtí do sconna. Go minic tarlaíonn sé mar thoradh ar oibreacha deisithe nó cothabhála ar an líonra uisce. Tháirg an FSS liosta faisnéiseach de Cheisteanna Coitianta maidir le Mangainéis i d'Uisce Óil.

An bhfuil sé sábháilte chun é a ól?

Tá sé níos fearr chun do sconna a rith le haghaidh roinnt nóiméad le feiceáil má éiríonn sé glan. Mura nglantar é, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh air. Níor cheart duit an t-uisce a ól go dtí go ndéanfaimid iniúchadh air.

Glaoigh ar ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí

1800 278 278 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2828. Línte ar oscailt 24/7.