Skip to main content

Luaidhe san uisce óil

Is buairt sláinte aitheanta é luaidhe in uisce óil. Níl aon phríomhlíonra uisce déanta as luaidhe in Éirinn cé go bhfuil roinnt píopán luaidhe fágtha fós sa líonra poiblí.

An baol do shláinte daoine a bhaineann le luaidhe

Bíonn drochiarmhairtí sláinte ag gabháil le luaidhe fiú mura n-itear ach méid beag de. Bíonn an baol is mó ann do leanaí sa bhroinn, do naíonáin agus do pháistí óga. Is iad naíonáin a bhfuil cothú buidéil á dtabhairt dóibh an dream is íogaire i dtaobh seo más amhlaidh go gcothaítear iad le bainne foirmle a dhéantar le huisce óil a chur tríd.

Is amhlaidh gur laghdaíodh an teorainn dhlíthiúil maidir leis an méid luaidhe a cheadaítear in uisce óil arís agus arís eile le himeacht na mblianta. I láthair na huaire tá sé ag leibhéal fíoríseal de 10µg/L nó 10 micreagram in aghaidh an lítir.

Conas is féidir le luaidhe síothlú isteach in uisce óil

Ar fhágáil an ionaid cóireála di, is beag luaidhe nó luaidhe ar bith atá in uisce óil. É sin ráite, nuair a theagmhaíonn uisce óil le píopáin luaidhe, is féidir le luaidhe leá isteach ann. Braitheann an méid luaidhe a léann isteach sa uisce óil ar:

  • fad na píboibre trína ngabhann an t-uisce
  • an fad ama a fhanann an t-uisce sa phíopán luaidhe
  • teocht an uisce
  • cé acu an bhfuil uisce crua nó bog agat

Déan iniúchadh ar do theach féin le fáil amach an bhfuil píobáin luaidhe ann

Ní bhlaisfidh tú nó ní fheicfidh luaidhe in uisce óil ná ní bhfaighfeá boladh luaidhe uaidh ach an oiread. Le píopáin luaidhe a aimsiú, tá dhá rud le déanamh:

  1. Faigh amach cé chomh sean agus atá d'ionad réadmhaoine agus an stair phluiméireachta a bhaineann leis
  2. Déan iniúchadh ar na píopáin agus na feistithe atá ann cheana

An chúis a bhfuil tábhacht ag baint le haois d'ionaid réadmhaoine

Ba nós le tógálaithe agus pluiméirí leas a bhaint as luaidhe sa phluiméireacht anuas go dtí na 1970idí agus le linn na 1970idí féin. Má tógadh do theach roimh 1970 agus má tá an phluiméireacht inmheánach bunaidh fós ann, tá seans ann go bhfuil píopáin nó feistithe luaidhe agat.

Conas na píobáin atá ann cheana féin a iniúchadh

Aimsigh an áit ina dtéann an píopán uisce isteach i d'ionad réadmhaoine agus atá nasctha le sconna na cistine. Déan é seo fiú má rinneadh uasghrádú ar an bpluiméireacht inmheánach nó má cuireadh ceann nua isteach ina áit, mar seans go bhfuil sé fós ina phíobán luaidhe. Bain leas as an treoir seo ansin le dath agus cuma an phíobáin a mheas. Déan a oiread den phíobáin agus is féidir a iniúchadh. Má tá tú idir dhá chomhairle faoi, cuir fios ar do phluiméir áitiúil.

Dath Cuma / Dlús Ábhar
Dath dúliath air nó dath dubh agus brat modartha air (is é sin, mura bhfuil sé péinteáilte)

Cuma ata ar na hailt

Tagann dath lonrach airgid air nuair a scríobtar le scian é

Luaidhe
Liath, dubh nó gorm Crua Plaisteach
Dath donn/oráiste a bhíonn geal scaití nó modartha uaireanta eile Crua Copar
Dubh, agus é meirgeach, leis, uaireanta An-chrua Iarann

Déan do chuid uisce a thástáil le haghaidh luaidhe

Is féidir an t-uisce as do sconna a thástáil le fáil amach an bhfuil luaidhe ann. Beidh ort é seo a eagrú as do stuaim féin. Molaimid duit saotharlann chreidiúnaithe a fhostú chuige seo. Is féidir teacht ar a leithéid ach dul i gcomhairle le Bord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú nó le Seirbhís Chreidiúnaithe na Ríochta Aontaithe (UKAS) nó a mhacasamhail.

Seans nach leor aon tástáil amháin a dhéanamh ar an méid luaidhe san uisce le tuiscint iomlán a fháil ar na leibhéil luaidhe in uisce óil an áitribh. Is féidir leis na cúinsí seo a leanas dul i bhfeidhm ar an méid luaidhe a fhaightear san uisce:

  • fad píobáin
  • An méid ama a fhágtar uisce ina uisce marbh
  • teocht
  • comhdhéanamh ceimiceach an uisce

Má thugann tástálacha le fios go bhfuil luaidhe i do chuid uisce óil, ní fhágann sé sin go bhfuil an soláthar uisce ar fad buailte leis seo.Is fadhb é seo a bhaineann leis an ionad réadmhaoine amháin agus ní leis an soláthar uisce ar fad.

Samplaí a thógáil

Ba cheart duit 3 shampla uisce a thógáil ón sconna.

  1. Déan é seo tar éis an uisce a fhágáil ar feadh scaithimh (30 nóiméad ar a laghad) nó thar oíche más féidir.
  2. Tar éis don sconna a chur ag dul ar feadh 1 nóiméad amháin.
  3. Tar éis don sconna a chur ag dul ar feadh 5 nóiméad.

Ba cheart gur léir ón dtástáil más fiú an sconna a chur ag dul chun an méid luaidhe san uisce a laghdú go méid atá sábháilte le hól.

Bearta le déanamh ar eagla na heagla

Déan na réamhchúraimí seo más dóigh leat go bhfuil luaidhe i do chuid uisce agus ní raibh deis agat an fhadhb seo a réiteach go fóill. Ní dhéanfaidh sé cúis uisce a fhiuchadh chun an luaidhe a bhaint de.

Úsáid uisce as an sconna fuaruisce nó uisce buidéil

  • Aon uisce le hól, le cócaireacht a dhéanamh leis nó le meascadh le bainne foirmle do leanaí, ná tóg é ach as an sconna fuaruisce i do chistin amháin. Cinntigh go dtagann an t-uisce seo caol díreach isteach i do theach ón bpríomhlíonra uisce.
  • Ná hól uisce ón sconna fuaruisce i do sheomra folctha mar, níos minice ná a mhalairt, is ó umar sa áiléar a thagann an t-uisce seo i dtithe daoine.
  • Úsáid uisce buidéil. Más bainne foirmle do naíonáin nó bia atá á réiteach agat, ná húsáid uisce buidéil a bhfuil lipéad uisce mianraí Nádúrtha air chuige seo más féidir. Féadann leibhéil arda de shóidiam (salann) agus de mhianraí eile a bheith in uisce mar seo. Mura bhfuil aon uisce eile ar fáil, ní haon dochar é uisce mianraí nádúrtha a úsáid ar feadh tamaillín chun bainne foirmle do naíonáin nó bia a ullmhú.

Cuir an t-uisce ag dul ar feadh tamaillín roimh é a úsáid

A fhad a fhágtar uisce i bpíobán, is é is mó seans go leáfaidh luaidhe isteach ann. Cuir an sconna ag dul nó déan é a shruthlú roimh uisce le hól nó le haghaidh cócaireachta a thógáil as. Seans go laghdódh sé seo an méid luaidhe atá ann. Fós féin, is é an t-aon bhealach le fáil amach an n-oibríonn sé seo ná do chuid uisce a thástáil le haghaidh luaidhe roimh agus tar éis an sconna a chur ag dul.

Mura laghdaíonn sruthlú an méid luaidhe

Más léir ó thorthaí tástála nach ndearnadh sé puinn difir do sconna a chur ag dul i dtaca le leibhéil luaidhe a ísliú go faoi bhun na teorann 10µg in aghaidh an lítir.

  • Bain úsáid as uisce óil ó fhoinse eile, go háirithe do mhná atá ag iompar clainne, do naíonáin a bhfuil cothú buidéil á dtabhairt dóibh agus do pháistí óga.
  • Is féidir leat an t-uisce a úsáid chun leithreas a shruthlú, cithfholcadh a ghlacadh agus tú féin a fholcadh, an níochán a dhéanamh agus na soithí a ní.

Píobáin luaidhe nua a chur isteach

Ba cheart duit píobáin nua a chur isteach in áit aon phíobáin luaidhe i do theach.

Cad iad na píobáin a bhfuil tú freagrach astu?

Is fútsa atá sé aire a thabhairt don phluiméireacht inmheánach i do theach agus don phíobán cónaisc atá ag teacht isteach ó imeall seachtrach theorainn an áitribh. Tugtar an taobh príobháideach air seo. Is ann do chineálacha eile, mar shampla, cásanna ina roinntear an ceangal nó nuair a thagann sé tríd an ngairdín cúil ach is annamh a tharlaíonn a leithéid. Faigh amach cé atá freagrach as cad i dtaca le píobáin de.

Scéim athsholáthair píopán luaidhe

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun píopán cónaisc seirbhíse poiblí a chur isteach in áit seancheann luaidhe saor in aisce. Le bheith i dteideal é seo, ní mór duit píobán soláthair príobháidigh nua a bheith curtha isteach agat in áit seancheann luaidhe.

Uisce Éireann agus athsholáthar píobán luaidhe

Táimid i mbun píobáin phlaisteacha a chur in áit gach píobáin luaidhe atá fágtha sa líonra uisce poiblí. Is as poileitiléin atá siad seo déanta. Tá an obair seo á déanamh mar chuid de Chlár Laghdaithe Sceite Uisce Éireann.

Glaoigh ar ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí

1800 278 278 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2828.