Skip to main content

Calcthaí

Is féidir calcthaí damáise a dhéanamh ar do mhaoine. Lean na comharthaí agus faigh amach má tá fadhb inmheánach nó seachtrach agat.

Lean na leideanna thíos chun na draenacha a bhfuil calcadh orthu a aithint, agus cé atá freagrach as iad a ghlanadh.

Comharthaí calcadh

Icon

Tá sé deacair an leithreas a shruthlú, tá bolgáin sa leithreas agus na sconnaí atá ag rith.

Icon

Tá an leitreas nó an doirteal ag cur thar maoil

Icon

Tá glugar ann nuair a imíonn an t-uisce síos an draein

Icon

Tá boladh ón ndoirteal, cith, folcadán nó leithreas

Cé atá freagrach as calcthaí a bhaint

Braitheann sé ar an suíomh agus an bhfuil nasc agat leis an líonra fuíolluisce nó nach bhfuil. Níl Uisce Éireann freagrach as aon calcthaí ón ndabhach shéarachais.                                    

Má tá a fhios agat suíomh na calcadh, is féidir leat ár dtreoir a úsáid ionas go bhfeicfidh tú cé atá freagrach as.

Mura bhfuil tú cinnte faoi, déan teagmháil leis an gcuideachta glantacháin

Déan teagmháil linn má tá an fadhb ann fós tar éis an próiseas fiosraithe. B'fhéidir go bhfuil an calcadh sa séarach poiblí.  

Má tá an chalcadh istigh an réadmhaoin phríobháideach, is tusa an duine atá freagrach as. Tá roinnt rudaí gur féidir leat a dhéanamh chun calcadh a bhaint.

Calcthaí as an doirteal:

Úsáid 'drain snake' chun an calcadh a bhriseadh suas

Píopa dhíreach:

Úsáid slata chun an calcadh a ghlanadh. Braitheann sé seo ar an suíomh - Má bhíonn an calcadh ar an talamh poiblí nó príobhádach. Is féidir slata a cheannach nó fháil ar cíos ó chuideachta glantacháin.

Calcthaí i dtreo na tí:

Tá gach maoin a chuireann leis an sreabhadh freagrach as an gcalcadh. Sa chás seo, ba chóir teagmháil a dhéanamh le comharsana chun suíomh an calcadh a fháil amach. Is féidir slata a úsáid chun an calcadh a ghlanadh.

How to prevent blocked pipes & drains | Uisce Éireann

Cé atá freagrach as fadhbanna fuíolluisce?

  • Tá Uisce Éireann freagrach as an líonra séarachais poiblí a ghlanadh agus a chothabháil
  • Tá an úinéir réadmhaoine freagrach as a gcuid pluiméireachta agus na píopaí go dtí an líonra séarachais
  • Má tá nasc agat le dabhach shéarachais, nó coras fuíolluisce poiblí, níl muid in ann cabhair a thabhairt duit.

Déan teagmháil linn

Má cheapann tú go bhfuil an calcadh ar an dtaobh poiblí agus nach bhfuil nasc agat le dabhach shéarachais, déan teagmháil linn.

Má tá an calcadh suite ar an dtaobh poiblí, glanfaidh muid an calcadh chomh luath agus is féidir. De gnáth, tarlaíonn sé seo istigh de 24 uair.

Tá custaiméirí freagrach as aon chalcthaí suas go dtí an séarach a ghlanadh, mar a mhínítear sa treoir. Mura féidir le Custaiméir calcadh a ghlanadh agus má cheapann sé go bhféadfadh cliseadh struchtúrtha a bheith ar an bpíblíne i limistéar poiblí, ba cheart dóibh a bheith sásta plé a dhéanamh orainn.

Féadfaimid suirbhé CCTV a iarraidh chun riocht na píopa a mheas. Ní mór do chustaiméirí a chinntiú go leanann siad an Doiciméad Treorach: Ceanglais maidir le Suirbhéanna CCTV ar Nasc na Seirbhíse Fuíolluisce Custaiméirí.

Beidh eolas ag Conraitheoirí CCTV ar an obair a thuairiscítear sa doiciméad seo agus tabharfaidh siad comhairle duit. Is ar chostas an Chustaiméara a chosnaíonn an suirbhé CCTV. Ba cheart an Tuarascáil CCTV a sheoladh ansin le húsáid le haghaidh athbhreithnithe. Féadfaimid na deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh, ag brath ar infhaighteacht maoinithe.

 

Níl mo chomarsana sásta costas an deisiúcháin a roinnt. Cad is féidir liom a dhéanamh faoi?

Is féidir le húinéir réadmhaoine duine eile a thabhairt os comhair an cúirte faoi reachtaíocht na Seirbhísí Uisce, más féidir a thaispeáint gur draein phobail é an draein phríobháideach, agus mura féidir aghaidh a thabhairt ar an draein is cúis leis an fhadhb gan rochtain a fháil ar an draein ar mhaoin na ndaoine eile, atá á diúltú, nó má mhainnítear tabhairt faoi oibreacha riachtanacha chun an núis a laghdú.

Calcadh a thuairisciú

Líon isteach ár bhfoirm ar líne chun tuairisciú a dhéanamh ar chalcadh i pluiméireacht inmheánach nó i ndraenacha do réadmhaoine.