Skip to main content

Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú

Sruthlaítear na mílte rudai nach bhfuil oiriúnach don leithreas síos an leithreas gach lá in ionad iad a chur sa bhosca bruscair. Cruthaíonn sé seo an-chuid fadbhanna ar son an bpluiméireacht inár gcuid tithe, tithe ár gcomharsan, ár lionra fuíolluisce agus ár thimpeallacht mhuirí.

Feachtas feasactha is ea é an feachtas Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú, chun aird a tharraingt ar na fadhbanna a bhaineann le táirgí sláintíochta agus táirgí eile leis an bpluiméireacht inár gcuid tithe.

Clár An Taisce a bhíonn i mbun an feachtas, i gcomhphairt le hUisce Éireann.

 

Táirgí sláintíochta a shruthlú

Sruthlaítear na mílte rudai nach bhfuil oiriúnach don leithreas síos an leithreas gach lá in ionad iad a chur sa bhosca bruscair. Is féidir píopaí a bheith blocáilte de bharr sin.

Greamaíonn na táirgí seo le chéile agus cuireann siad calcthaí inár bpíopaí agus inár séaraigh, rud a fhágann go mbíonn dramhaíl ag sileadh siar agus ag tuilte tithe agus gairdíní. Críochnaíonn go leor de na táirgí seo ar ár dtránna, rud a chruthaíonn bagairt don fhiadhúlra mar is minic a ionghabháil siad bruscar plaisteach, a bhaineann le séarachas, agus é ag dul amú ar bhia.

Ragging

Ragging an t-ainm a thugtar ar chlogáil nuair a dhéantar earraí cosúil le ceirtíní tais a shruthlú síos an leithreas. San ionad cóireála fuíolluisce, caithfear bruscar a bhaineann le séarachas a bhaint go cúramach le haghaidh líonadh talún.

Go háirithe, níor chóir flas fiacla a shruthlú síos an leithreas mar go bhféadfadh sé innealra a bhriseadh síos.

 
 

Ní féidir ach na trí P a shruthú síos an leithreas

Nuair a shruthlaítear na trí P i mBéarla (Pee, Poo, (toilet) Paper) síos an leithreas, téann siad chuig an ionad cóireála fuíolluisce áitiúla. Anseo, déantar cóireáil ar an uisce ionas go bhféadfaidh sé dul ar ais go dtí an fharraige. Ba chóir gach rud eile a chur sa mbosca bruscair, ceirtíní tais chomh maith.

 

Nuair a sruthlaítear na rudai seo síos an leithreas, cruthaíonn sé an-chuid fadbhanna inár gcuid tithe, ár lionra fuíolluisce agus ár thimpeallacht mhuirí. Cuir sa bhosca bruscair iad, in ionad an leithreas.

  • Ní bhriseann ceirtíní tais síos agus is minic a aimsítear iad ar ár dtránna
  • Tá bud cadáis déanta as plaisteach agus is féidir go mairfidh siad tréimhse an-fhada ar ár dtránna
  • Greamaíonn olann chadáis le chéile agus féadann sé calcthaí agus tuilte a chur faoi deara
  • Féadann cógais neamhúsáidte uisce a éilliú agus tionchar a imirt ar fhiadhúlra. Ba chóir duit leigheas atá as dáta/neamhúsáidte a thabhairt chuig do chógaslann áitiúil i gcónaí lena dhiúscairt
  • Is féidir le gruaig a shruthlaítear síos an leithreas calcadh a chur ar phíopaí
  • Déantar plástróirí as plaisteach do-bhithmhillte agus féadann siad calcadh a chur ar phíobaí
  • Tá flas fiacla do-bhithmhillte agus má dhéantar é a shruthlú féadfaidh sé calcadh a chur ar phíobaí
  • Déantar clúidíní aon uaire as plaisteach a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le calcthaí
 
 
 
 
 
 

How to prevent blocked pipes and drains

Scéal an Uisce

Clár faisnéise is ea é 'Scéal an Uisce', dírithe ar an luach criticiúil ár acmhainn nádúrtha luachmhar. Féach ar an gcaibidil maidir le fuíolluisce anois.

Na Pobail

Roghnaíodh 15 pobail timpeall na tíre chun a bheith mar phobail Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú. De bharr an tionscnamh seo, tugann muid ceardlanna i scoileanna, ag féilte agus imeachtaí pobail, obair a dhéanamh le gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne, aird a tharraingt agus comhairle a thabhairt mar gheall ar iompar sa seomra folctha.

Is iad na 15 pobail seo ná:

Cathair Bhaile Átha Cliath; Na Creagacha Dubha, Contae Lú; An Uaimh, Contae na Mí; Maigh Nuad, Contae Chill Dara; Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí; Cathair Chorcaí; Dún Mánmhaí agus Beanntraí, Contae Chorcaí; Cathair Phort Láirge; Trá Mhór, Contae Phort Láirge; Cathair na Gaillimhe; Áth Eascrach, Contae na Gaillimhe; An Leathros, Contae Shligigh; Béal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo; Bun Dobhráin, Contae Dhún na nGall

 

An Feachtas

Clár An Taisce a bhíonn i mbun an feachtas, i gcomhphairt le hUisce Éireann.