D'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach thuas a bhaint amach agus go háirithe chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil, d'fhéadfadh sé tarlú ó am go ham go gcaithfimid do Shonraí Pearsanta a aistriú lasmuigh de Limistéar Eacnamaíoch na hEorpa (LEE) chuig tír nár dheimhnigh an Coimisiún Eorpach go fóill go bhfuil cosaint a dhóthain i bhfeidhm ann maidir le sonraí pearsanta.
Más rud é, agus sa mhéid go ndéanaimid é sin, cinnteoimid go bhfuil bearta cuí i bhfeidhm chun cloí lenár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a rialaíonn aistrithe den sórt sin, a d'fhéadfadh a bheith san áireamh i gcomhaontú próiseála sonraí maidir leis an aistriú ina bhfuil na 'gnáthchlásail chonartha' ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach, nó maidir le haistrithe go Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag cinntiú ar an gcaoi sin go dtagann an t-aistriú faoin gCreat Sciath Príobháideachais AE-SAM (nó faoi aon chreat a thiocfaidh ina áit). Is féidir tuilleadh sonraí faoi na bearta atá curtha i bhfeidhm againn i dtaca leis seo a fháil ach iad a iarraidh ó dataprotection@water.ie.
Is ionann é seo agus a rá, sa chás nach féidir linn a dheimhniú go ndearna an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an gceann scríbe a gheobhaidh do chuid sonraí, úsáidimid rialuithe ceadaithe eile lena chinntiú gur féidir linn do chuid sonraí a chosaint ar bhealach sásúil agus, i gcás na dtríú páirtithe sin a d'fhéadfadh do shonraí pearsanta a phróiseáil ar ár son leis, a chinntiú go gcloífidh siad leis na caighdeáin is airde maidir le cleachtais phríobháideachais agus go gcloíonn siad leis an dlí cosanta sonraí is infheidhme.