Skip to main content

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tOirdheisceart

Mar gheall ar fhorbairt Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce an Oirdheiscirt (PRAU-OD), beidh Uisce Éireann in ann den chéad uair riamh athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanais soláthair uisce go ginearálta do Réigiún an Oirdheiscirt ina iomláine agus ó thaobh gach cineáil riosca de, lena n-áirítear cáilíocht, cainníocht, iontaofacht agus inbhuanaitheacht. Cuirfear ar ár gcumas leis an bplean roghanna áitiúla agus roghanna réigiúnacha níos mó a bhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais uisce thar sholáthairtí iomadúla.

Mar chuid den PRAU-OD, rinne Uisce Éireann athbhreithniú ar riachtanais an tsoláthair uisce ar fud 111 crios acmhainní uisce agus d'aithin siad roghanna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas ar bith eile. Cuirtear ar ár gcumas leis an bplean roghanna áitiúla a bhreithniú chun dul i ngleic le riachtanais laistigh de sholáthairtí aonair sin agus ar roghanna réigiúnacha lena mbeifear in ann dul i ngleic le riachtanais thar sholáthairtí iomadúla.

Tá an PRAU-OD glactha anois, agus tá Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Cinneadh maidir le Measúnacht Chuí ag gabháil leis. Foilsíodh Tuarascáil um Chomhairliúchán ina ndéantar achoimre ar an aiseolas a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí chomh maith.

Áirítear na nithe a leanas le toradh an dréachtphlean PRAU-OD: 

  • Córais soláthair a chur le chéile laistigh den réigiún chun 12 Chrios Acmhainní Uisce idircheangailte níos mó a chruthú, a dhéanfadh líon na gCriosanna Acmhainní Uisce i Réigiún an Oirdheiscirt a laghdú ó 111 go 58

  • 13 ionad cóireála uisce (ICUnna) atá ann cheana a uasghrádú chun an riosca a bhaineann le cáilíocht uisce a laghdú ar fud na CAUnna ar fad. 

  • Méadú ar an acmhainn a bhaineann le 24 (den 56 ceann eile díobh) chun dul i ngleic leis an easnamh atá sa soláthar reatha agus chun freastal ar an bhfás réamh-mheasta. Soláthairtí a idircheangal trí 455 ciliméadar de mhór-phríomhphíobáin a thógáil. 

  • 13 ionad cóireála uisce nua a fhorbairt. 

  • 63 ionad cóireála uisce a dhíchoimisiúnú de réir a chéile. 

  • Sceitheadh a laghdú go dtí 24% den éileamh réigiúnach trí bhainistíocht brú, trí thabhairt go gníomhach faoi sceitheadh a rialú, agus sócmhainní nua a chur isteach in ionad sócmhainní reatha

Áirítear na nithe seo leis na torthaí agus na tairbhí a bhaineann leis an gCur Chuige Roghnaithe Réigiúnach sin:

Icon

Feidhmíocht fheabhsaithe ar fud na soláthairtí uisce uile ó thaobh Cáilíochta agus Cainníochta de.

Icon

Aistriú straitéiseach ón soláthar ilroinnte atá ann cheana chuig soláthar idirnasctha atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe; agus

Icon

Beith in ann tacú le fás agus forbairt ar fud Réigiún an Oirdheiscirt.

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce: An tOirdheisceart

Réigiún an Oirdheiscirt

Is é 9,200 ciliméadar cearnach achar an Réigiúin (arb é sin tuairim is 13% d'achar Phoblacht na hÉireann) agus síneann sé ó chósta an oirdheiscirt, ó dheas ón Inbhear Mór i gCill Mhantáin, i dtreo an Aird Mhóir, an Bhaile Dhuibh i bPort Láirge agus Luimnigh san iarthar. Faigheann an réigiún tacaíocht ó ghréasán láidir príomhbhailte a sholáthraíonn fostaíocht sheasmhach agus lena mbaineann acmhainn fáis eacnamaíoch. Soláthraíonn Uisce Éireann thart ar 161 milliún lítear uisce in aghaidh an lae do dhaonra 369,240 duine agus do 29,700 cuideachta i réigiún an Oirdheiscirt. Is ionann é sin agus níos mó ná 9% de sholáthar iomlán Uisce Éireann ar fud na tíre.

 

Aimsigh do bhaile fearainn

Tá liosta de na cathracha, na bailte, na sráidbhailte agus na bailte fearainn a chumhdaítear leis an bPlean Réigiúnach seo ar fáil sna naisc thíos. Faightear an t-eolas a chuirtear ar fáil i liostaí na mbailte fearainn, na mbailte agus na lonnaíochtaí a chuimsítear i bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce Réigiún an Oirdheiscirt ó Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann.

Tuarascálacha Teicniúla na Limistéar Staidéir

Chun an dréachtphlean PRAU-OD a sholáthar, rinneamar an réigiún a fhoroinnt ina aonaid bheaga lena chur ar ár gcumas bainistíocht a dhéanamh ar an bpróiseas um réitigh fhéideartha soláthair uisce (roghanna) a shainaithint agus ár gCuir Chuige Roghnaithe a roghnú chun easnaimh inár soláthar uisce agus i gcáilíocht an uisce a réiteach. Tugtar Limistéir Staidéir ar na haonaid bheaga sin. 

Soláthraítear Tuarascáil Theicniúil mhionsonraithe do gach Limistéar Staidéir ina gcuirtear síos ar na cineálacha réitigh ar leibhéal an Limistéir Staidéir agus ina soláthraítear achoimre ar an bpróiseas mionsonraithe um Roghanna agus Cuir Chuige a Fhorbairt agus na torthaí a thagann astu le haghaidh gach Limistéir Staidéir. 

Soláthraítear tuarascálacha teicniúla na Limistéar Staidéir mar aguisíní a ghabhann leis an dréachtphlean PRAU-OD. 

Tá Réigiún an Oirdheiscirt comhdhéanta de thrí Limistéar Staidéir, mar atá taispeánta san íomhá thíos.


Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce Réigiún an Oirdheiscirt Taifeadadh an tSeimineáir Ghréasáin

Féach réamhthaifeadadh den láithreoireacht thíos chun achoimre a fháil ar an dréachtphlean

Treochlár Comhairliúcháin Phoiblí PRAU an Oirdheiscirt

Físeán ar Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce an Oirdheiscirt