Skip to main content

Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tOirthear agus an Lár Tíre

Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tOirthear agus an Lár Tíre

Mar gheall ar fhorbairt an dréachtphlean PRAU-OLT, beidh Uisce Éireann in ann den chéad uair riamh athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanais soláthair uisce go ginearálta do Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre ina iomláine agus ó thaobh gach cineáil riosca de, lena n-áirítear cáilíocht, cainníocht, iontaofacht agus inbhuanaitheacht. Cuirtear ar ár gcumas roghanna áitiúla a bhreithniú chun dul i ngleic leis na riachtanais sin agus ar Roghanna Réigiúnacha níos mó lena mbeifear in ann dul i ngleic le riachtanais thar sholáthairtí iomadúla.

Mar chuid den PRAU-OLT déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú ar riachtanais thar 134 soláthar uisce agus déanfaidh sé roghanna a shainaithint chun dul i ngleic leis na riachtanais sin. Cuirtear an plean ar ár gcumas roghanna áitiúla a bhreithniú chun dul i ngleic le riachtanais laistigh de sholáthairtí aonair agus roghanna réigiúnacha lena mbeifear in ann dul i ngleic le riachtanais thar sholáthairtí iomadúla.

Mar thoradh ar an gcomhairliúchán poiblí maidir le Céim 2 den Dréacht PRAU-OLT agus na tuarascálacha timpeallachta lena mbaineann, cuireadh na haighneachtaí agus na tuairimí a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí san áireamh, agus rinneadh uasdátú ar an PRAU-OLT. 

Tá an PRAU-OLT glactha anois, agus tá Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Cinneadh maidir le Measúnacht Chuí ag gabháil leis. Foilsíodh Tuarascáil um Chomhairliúchán ina ndéantar achoimre ar an aiseolas a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí chomh maith.

Áirítear na nithe a leanas le toradh an PRAU-OLT:

  • An líon Criosanna Acmhainní Uisce i Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre a laghdú ó 134 cinn go 89 cinn.
  • Criosanna Acmhainní Uisce idirnasctha móra a fhorbairt do na limistéir uirbeacha sa réigiún.
  • Uasghrádú a dhéanamh ar 130 ionad cóireála uisce atá ann cheana, ó thaobh méide agus feidhmiú bacainne de.
  • Ceithre ionad cóireála uisce nua a fhorbairt.
  • 70 ionad cóireála uisce a dhíchoimisiúnú.
  • 55 soláthar a idirnascadh trí 969 ciliméadar de mhór-phríomhphíobáin a thógáil.

Ligean a laghdú ón mbonnlíne sa bhliain 2019, arbh í 38% den éileamh réigiúnach í, go 22% den éileamh réigiúnach. B'ionann é sin agus laghdú 45% sa ligean idir an bhliain 2019 agus an bhliain 2034. Cuirfear é sin i gcrích trí bhainistíocht brú, rialú gníomhach sceite, aimsigh is deisigh, agus athsholáthar sócmhainní.

Áirítear na nithe seo leis na torthaí agus na tairbhí a bhaineann leis an gCur Chuige Roghnaithe Réigiúnach sin:

Feidhmíocht fheabhsaithe ar fud na soláthairtí uisce uile ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de.
Claochlú straitéiseach ón soláthar ilroinnte atá ann cheana chuig soláthar idirnasctha atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe.

Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre

Cumhdaítear sa Réigiún thart ar 20,900 ciliméadar cearnach a shíneann ó Inbhear na Sionainne san Iardheisceart go habhantrach mhór na Bóinne agus Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath (MBÁC) san oirthuaisceart. Is é príomhréigiún eacnamaíoch na hÉireann é, ina bhfuil Baile Átha Cliath (an phríomhchathair) agus Cathair Luimnigh agus ina soláthraítear níos mó ná 1 mhilliún post. Sainaithníodh sa Chreat Náisiúnta Pleanála (CNP), lena gcuirtear taca faoi fhás an daonra atá inbhuanaithe ón taobh eacnamaíoch, sóisialta agus timpeallachta de. Droichead Átha agus Baile Átha Luain mar dhá Lárionad Réigiúnach i Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre. Tugtar tacaíocht leo trí líonra láidir de phríomhbhailte agus soláthraítear fostaíocht dhaingean agus poitéinseal fáis eacnamaíoch leo. I réigiún an Oirthir agus Lár Tíre soláthraíonn Uisce Éireann timpeall 887 milliún lítear d'uisce in aghaidh an lae do dhaonra 2.48 milliún duine agus do 76,000 gnólacht. Is ionann é sin agus níos mó ná 50% de sholáthar iomlán Uisce Éireann ar fud na tíre.

Aimsigh do bhaile fearainn

Tá liosta de na cathracha, na bailte, na sráidbhailte agus na bailte fearainn a chumhdaítear leis an bPlean Réigiúnach seo ar fáil sna naisc thíos. Faightear an t-eolas a chuirtear ar fáil i liostaí na mbailte fearainn, na mbailte agus na lonnaíochtaí a chuimsítear i bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce an Oirthir agus an Láir Tíre ó Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann.

Limistéir pleanála réigiúnaí

Tuarascálacha Teicniúla na Limistéar Staidéir

Chun an dréachtphlean PRAU-OLT a sholáthar, rinneamar an réigiún a fhoroinnt ina aonaid bheaga chun go bhféadfaimis bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas um réitigh fhéideartha soláthair uisce (roghanna) a shainaithint agus ár gCineálacha Cur Chuige Roghnaithe a roghnú chun easnaimh inár soláthar uisce agus i gcáilíocht an uisce a réiteach. Tugtar Limistéir Staidéir ar na haonaid bheaga sin.

Soláthraítear Tuarascáil Theicniúil mhionsonraithe do gach Limistéar Staidéir ina gcuirtear síos ar na cineálacha réitigh ar leibhéal an Limistéir Staidéir agus ina soláthraítear achoimre ar an bpróiseas mionsonraithe um Roghanna agus Cineálacha Cur Chuige a Fhorbairt agus na torthaí a thagann astu le haghaidh gach Limistéir Staidéir.

Soláthraítear tuarascálacha teicniúla na Limistéar Staidéir mar aguisíní a ghabhann leis an dréachtphlean PRAU-OLT.  

Tá Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre comhdhéanta de naoi Limistéar Staidéir, mar a thaispeántar san íomhá thíos.

Tá Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre comhdhéanta de naoi Limistéar Staidéir, mar a thaispeántar san íomhá.

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - Taifeadadh seimineáir ghréasáin an Oirthir agus an Láir Tíre

Treochlár um Chomhairliúchán Poiblí PRAU an Oirthir agus an Láir Tíre

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - Foilseacháin an Oirthir agus an Láir Tíre

Dréachtplean Réigiúnach um Acmhainní Uisce: An tOirthear agus an Lár Tíre

Físeán an Phlean Réigiúnaigh um Acmhainní Uisce don Oirthear agus don Lár Tíre