Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre
Tá an acmhainn leis an tionscadal seo freastal ar riachtanais soláthair uisce do suas le 50% de dhaonra an Stáit.
Beidh comhairliúchán poiblí maidir leis an tionscadal atá beartaithe oscailte anois ón 7 Eanáir go dtí an 4 Márta 2025
Forléargas ar an tionscadal
Is é ár gcuspóir seirbhísí uisce bunathraitheacha a sholáthar a chuidíonn le pobail déanamh go maith. Do Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre, teastaíonn foinse nua uisce chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.
I láthair na huaire níl againn ach foinse amháin chun 85% den uisce a sholáthar do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath – is é sin An Life Mar gheall ar an spleáchas sin ar An Life (agus dhá phríomhionad cóireála an Bhaile Mhóir agus Léim an Bhradáin), cruthaítear leochaileacht an-mhór i leith rioscaí amhail triomach fada agus/nó éilliú. Ina theannta sin, mar gheall ar an bhfás eacnamaíoch, ar an bhfás daonra lena n-áirítear an t-éileamh ar thithíocht agus tionchar an athraithe aeráide, léirítear lenár réamhaisnéisí go mbeidh 34% níos mó uisce ná mar atá ar fáil inniu ag teastáil ón réigiún faoi 2044. Níl an meascán sin d’easnamh soláthair uisce atá ag dul i méid agus easpa athléimneachta soláthair inbhuanaithe – tá foinse nua uisce de dhíth orainn.
s é an réiteach an Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre. Mar a thionscadal bonneagair náisiúnta criticiúil, beidh sé ábalta tacú le riachtanais soláthair uisce do suas le 50% dár ndaonra. Tabharfaidh sé uisce cóireáilte ó Abhantrach an Phairtín go Mullach na Pise i mBaile Átha Cliath agus beidh an acmhainn leis le haghaidh asbhaintí feadh an bhealaigh i dTiobraid Árann, in Uíbh Fhailí agus san Iarmhí. Éascófar leis freisin soláthairtí a fhreastalaíonn ar Bhaile Átha Cliath a atreorú ar ais go háitiúil i gCeatharlach, i gCill Mhantáin, sa Mhí agus i Lú.
Tionscadal Soláthair Uisce in 2025
Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil thíos le haghaidh físeán gairid 3 nóiméad.
An Tionscadal
Le Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre atá beartaithe, bainfear 2% ar a mhéad de mheánsreabhadh na Sionainne ag Abhantrach an Phairtín. Tá an tionscadal ag teacht leis an bPlean (Creatphlean) Náisiúnta um Acmhainní Uisce agus leis an bPlean Réigiúnach Acmhainní um Uisce do Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre. Déanfar an méid seo a leanas leis an Tionscadal:
- Asbhaint uisce as an tSionainn Íochtair ag Abhantrach an Phairtín i gContae Thiobraid Árann, le sruth ó Loch Deirgeirt.
- Cóireáil an uisce asbhainte i gCnocán an Éin Fhinn, Contae Thiobraid Árann
- An t-uisce cóireáilte a phíobú feadh achar 170km trí Thiobraid Árann, Uíbh Fhailí agus Cill Dara go dtí taiscumar pointe foirceanta ag Mullach na Pise i gContae Bhaile Átha Cliath
- Nascfar le gréasán soláthair uisce Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, agus beidh an acmhainn leis uisce a sholáthar do phobail feadh an bhealaigh.
Tá an Comhairliúchán Poiblí oscailte anois
D'fhoilsigh Uisce Éireann Tuarascáil Achomair ar an Tionscadal Soláthair Uisce agus roinnt bileoga eolais faoin bpíblíne nua atá beartaithe.
Tá Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil 8 seachtaine á thionól againn anois ón 7 Eanáir go dtí an 4 Márta 2025 chun eolas a thabhairt don phobal faoi shonraí an tionscadail atá beartaithe. Tá aiseolas á lorg ag Uisce Éireann ón bpobal, ó úinéirí talún ar suim leo an scéal, agus ó pháirtithe leasmhara ar ár bpleananna.
Imeachtaí Faisnéise an Chomhairliúcháin Phoiblí:
Dáta | Láthair | Am | Ionad |
---|---|---|---|
15 January 2025 | Ballina | Lakeside Hotel | 4-8pm |
16 January 2025 | Nenagh | Abbeycourt hotel | 4-8pm |
22 January 2025 | Tullamore | Tullamore Court Hotel | 4-8pm |
23 January 2025 | Birr | Birr County Arms | 4-8pm |
28 January 2025 | Johnstown Bridge | Hamlet Court Hotel | 4-8pm |
29 January 2025 | Maynooth | The Glenroyal hotel | 4-8pm |
Virtual Consultation Room
Fáilte chuig Seomra an Chomhairliúcháin Fhíorúil. Cliceáil ar an gcnaipe thíos agus osclófar an seomra i bhfuinneog bhrabhsálaí eile. Tá an fhaisnéis go léir faoin tionscadal sa Seomra Fíorúil i seomra 360 céim. Úsáid na deilbhíní treo chun bogadh thart agus úsáid do luchóg chun cliceáil ar scáileán teilifíse nó ar Chlár Taispeána chun féachaint ar an bhfaisnéis agus ar fhoirm aiseolais chun do thuairimí a fhágáil.
Cláraigh le haghaidh seisiún gréasáin ar líne
Chun páirt a ghlacadh sna seimineáir ghréasáin bheo, beidh ort an aip MS Teams a íoslódáil ar do ghléas.
Seisiún gréasáin réamhthaifeadta
Ag Teacht go Luath...is féidir leat éisteacht ar ais lenár seimineár gréasáin atá óstáilte ag Foireann an Tionscadail chun cuidiú leat aighneacht a dhéanamh.
Ceisteanna Comhairliúcháin
Is féidir le páirtithe leasmhara na ceisteanna seo a leanas a úsáid chun a n-aiseolas a threorú. Ní ach áis é sin, áfach, agus breithneofar gach aighneacht ábhartha a gheofar mar fhreagairt ar an gcomhairliúchán.
- Cad a cheapann tú faoi na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith leis an Tionscadal atá Beartaithe?
- An bhfuil aiseolas ar bith agat faoi na príomh-chomhpháirteanna bonneagair den Tionscadal atá Beartaithe, amhail an stáisiún iontógála agus caidéalúcháin uisce, píblínte, ionad cóireála uisce, taiscumar stórála, stáisiún caidéalúcháin neartaithe agus umar scaoilte brú?
- Cad a cheapann tú faoin gcur chuige tógála atá beartaithe, lena n-áirítear úsáid na mbóithre aitheanta don trácht tógála, agus suíomhanna na stórála sealadaí agus na limistéar oibre?
- An féidir leat aon tuairimí a thabhairt maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an Tionscadal atá Beartaithe ar an timpeallacht agus maidir leis na bearta atá beartaithe chun na tionchair sin a mhaolú?
- An bhfuil aon tuairimí breise ar mhaith leat a roinnt maidir leis an Tionscadal atá Beartaithe?
Cuirimid fáilte roimh gach aighneacht ábhartha maidir leis an tionscadal atá beartaithe agus breithneoimid gach ceann acu go cúramach. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin, beidh Tuarascáil Aighneachtaí Comhairliúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
Cuideoidh an t-aiseolas a gheofar leis na doiciméid don iarratas pleanála a mhúnlú. Is é ár sprioc an t-iarratas pleanála le haghaidh Forbairt Bonneagair Straitéisigh agus an t-iarratas ar Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála in 2025. Áireofar leis an aighneacht seo gach plean, sonra, tuarascáil tacaíochta, an Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta, agus Ráiteas Tionchair Natura.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár ndoiciméad Ceisteanna Coitianta. Má bhíonn ceisteanna ar bith eile agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an seoladh ríomhphoist thuas.
Doiciméid chomhairliúcháin
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region 2025
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Site Layout Plans
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Proposed Land Use
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Landscape Plans
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Overview Component Plans
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Overview Component Plans 1-20
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Overview Component Plans 21-40
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Overview Component Plans 41-59
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region - Supporting Figures - Overview Component Plans 1-20
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region 2025 - Executive summary
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region 2025 - Appendix 1
- Project Summary Report Water Supply Project Eastern and Midlands Region 2025 - Appendix 2
- Consultation Brochure
- Water Supply Project Eastern and Midlands Region infographic