Tá Uisce Éireann ag obair ar a sheacht ndícheall chun soláthar uisce a chur ar fáil arís do chustaiméirí na Gaillimhe tar éis cliseadh leictreachais
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Tá Uisce Éireann ag obair chun soláthar uisce a chur ar fáil arís do chustaiméirí ar fud na Gaillimhe a ndeachaigh cliseadh soláthair leictreachais de thoradh na droch-aimsire i bhfeidhm orthu.
Le 48 uair a’ chloig anuas tá curtha isteach ar sholáthar leictreachais agus mar gheall ar sin tá lagbhrú uisce ann agus easpa uisce ann go headrannach sa Spideál, sa Cheathrú Rua, i gCloch na Rón, i mBaile Conaola, i gCill Ciaráin, i Ros Muc, dTír na Fia agus na ceantair eile magúaird. Tá cur isteach ar sholáthar chuig custaiméirí ar na hOileáin Árann agus tréan iarrachtaí á ndéanamh chun an méid atá stóráilte ar na hOileáin a chaomhnú.
Tá criúnna ullamh chun tabhairt faoi na deisiúcháin riachtanacha. Tá Uisce Éireann i dteagmháil le BSL ionas go dtabharfar tosaíocht do athsholáthar leictreachais chuig na hionaid buailte ag easpa leitreachais. Tá Uisce Éireann ag súil go mbeidh soláthar leictreachais ar fáil arís faoi dheireadh an lae inniu do roinnt de na ceantair atá buailte lena n-áirítear An Cheathrú Rua, Ros Muc, agus Tír an Fhia, ach ní mór a bheith ar an airdeall go dtógfaidh sé cúpla uair an chloig do na taiscumair uisce agus don líonra uisce líonadh suas arís.
Táthar ag tuar go mbeidh aimsir stoirmiúil chugainn sna laethanta amach romhainn. De thoradh sin tá Uisce Éireann ag iarraidh ar gach uile chustaiméir sna ceantair atá buailte a bheith tíosach leis an uisce i rith na tréimhse seo,go mór mór agus na taiscumair ag líonadh suas arís nuair a fhillfidh an soláthar leictreachais ar na soláthair uisce a mbuaileadh. Bheadh sé ina chabhair mhór dá mbeadh daoine tíosach leis an uisce ionas nach gcuirfear brú breise ar na soláthair áitiúla agus cinnteofar leis sin go mbeidh gnáthbhrú uisce ann agus gur féidir soláthar uisce a chur ar fáil do gach uile chónaitheoir.
Dúirt Tony Kelly ó Uisce Éireann, ‘Tá éifeachtaí na droch-aimsire le dhá lá anuias tar éis cur isteach ar an soláthar leictreachais agus tá sé sin tar éis cur isteach ar tháirgiúlacht na n-ionad cóireála uisce ar fud Iarthar na Gaillimhe. Tá criúnna a bhfuil saineolas acu ag obair go dícheallach chun oibríochtaí sna hionaid a chur ar siúl arís agus san am céanna tá siad ag déanamh deimhin de go bhfuil na léibhéil uisce sna taiscumair ag teacht ar ais. Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar chustaiméirí a bheith tíosach leis an uisce nuair is féidir é chun an brú ar na soláthair seo a mhaolú. Is oth linn aon chur isteach mar gheall ar seo, agus is mór againn foighne na bpobal atá thíos leis.’
Chun tacaíocht a thabhairt do na custaiméirí atá buailte, beidh soláthairtí uisce ar fáil sna láithair a leanas ó 6 a’chlog tráthnóna, Dé hAoine an 22 Samhain.
- Cé an Spidéil
- An carrchlós ag Teach Pobail an Chnoic, Indreabhán
- Ar aghaidh Foirgneamh TG4, Baile na hAbhann
- Carrchlós Óstán Eldon, Cloch na Rón
- Carrchlós Keogh's, Baile Conaol
- Sráidbhaile Charna
- Teach Pobail Chill Chiaráin, Cill Chiaráin
Meabhraítear do chustaiméirí a soithí féin a úsáid nuair atá uisce á fháil ón tancaer agus ní foláir an t-uisce sin a fhiuchadh ar fhaitíos na bhfaitíos.
Déantar teagmháil go díreach le custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le Uisce Éireann maidir le aon chliseadh seirbhíse a mhairfidh níos mó ná ceithre uair an chloig. Ag teacht leis an dea-chleachtas is fearr, beidh stóras ar an láthair ag tromlach na dtithe agus na ngnónna mar fhoinse chúltaca uisce chun críche an tsláinteachais.
Tá líne cabhrach na gcustaiméirí ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn ar X@IWCare le haon cheist a bheadh agaibh. Chun eolas chun dáta a fháil, féach ar eolas chun dáta i ndáil le soláthar uisce.
Tá séirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas réadama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin anseo.
Water Service Updates
Sign up for our free text service to be kept informed of water outages and works in your area.