Skip to main content

Le hoibreacha athsholáthair ar phríomhlíonra píobán Chreamhghoirt, cinntítear soláthar uisce níos iontaofa

Rinne Uisce Éireann cuid 2km ar fad den phríomhphíobán uisce ar chladach thiar Chuan na Maoile Rua a raibh an baol ann go bpléascfadh sé a athsholáthar go rathúil. Rinneadh na deisiúcháin idir an Chúil Uachtarach agus Creamhghort faoi Chlár náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann agus beidh soláthar uisce níos sláine agus níos iontaofa do chustaiméirí sa cheantar mar thoradh air.

Rinneadh na hoibreacha feadh an L12123 ag an gCúil Uachtarach (ó acomhal R245 Bhóthar Charraig Airt go dtí Séipéal na Cúile). Bhain na hoibreacha athsholáthair le píobáin nua-aimseartha a chur in ionad thart ar 2km de phríomhlíonra píobán a bhí ag dul in aois. Bhain na hoibreacha freisin le naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra uisce poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha áitribh na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí.

Cuireadh tús leis na hoibreacha go luath i mí an Mhárta na bliana seo agus críochnaíodh iad ag deireadh an tsamhraidh agus ba é Farrans Construction a rinne na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann.

Leis na hoibreacha críochnaithe, soláthrófar roinnt buntáistí do na pobail áitiúla. Chomh maith le laghdú suntasach a dhéanamh ar an méid uisce óil a chailltear sa talamh sula sroicheann sé na custaiméirí, leis na príomhphíobáin uisce uasghrádaithe, cinnteofar soláthar uisce níos iontaofa do chustaiméirí trí rioscaí pléasctha nó fadhbanna oibriúcháin eile a laghdú.

Dúirt Patricia Lowry, Bainisteoir Cláir le hUisce Éireann, gur féidir le custaiméirí i gceantair Chreamhghoirt agus Bhaile na nGallóglach a bheith cinnte go gcuirfear soláthar uisce níos glaine agus níos iontaofa ar fáil dóibh mar thoradh ar na hoibreacha rathúla.

Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil leis na pobail áitiúla as a bhfoighne agus a gcomhoibriú fad is a bhí na hoibreacha riachtanacha deisiúcháin sceite sin á ndéanamh,” arsa Patricia. “De bharr na n-oibreacha, rinneadh laghdú ar an méid uisce óil a chailltear sa talamh sula sroicheann sé sconnaí na gcustaiméirí agus beifear ábalta soláthar uisce níos iontaofa agus níos sláine a sholáthar do chustaiméirí sa réigiún.

Tá tionscadal na Cúile Uachtaraigh go dtí Creamhghort ina chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann agus cuideoidh sé leis an bhfóntas a sprioc 2030 a bhaint amach maidir le ráta sceite náisiúnta 25%. Tá an-dul chun cinn déanta ag an bhfoireann Náisiúnta Laghdaithe Sceite ó bhí 2018 ann, nuair ba é 46% an ráta sceite.

Ó 2018, tá os cionn €500 milliún infheistithe ag Uisce Éireann chun nuashonrú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre tríd an gClár Náisiúnta um Laghdú Sceite a sholáthar. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú ag Uisce Éireann gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.

Déan teagmháil linn

Lean orainn ar na meáin shóisialta nó cur glaoch orainn