Skip to main content

Bainfidh Trá Lí leas as uasghrádú ar an bpríomhphíobán uisce

Tá sean-phríomhphíobáin uisce á n-athsholáthar ag Uisce Éireann in Ard Charraig, Cathair Slí, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Mar chuid de Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdú Sceitheadh, cuirfear tús le hoibreacha chun thart ar 250 méadar de phríomhphíobáin uisce a athsholáthar go luath i mí Mheán Fómhair in eastát tithíochta Ard Charraig.

Is féidir le cónaitheoirí Ard Charraig a bheith ag tnúth le soláthar uisce níos iontaofa agus beidh laghdú ar phléasctha agus bristeacha uisce do chustaiméirí sa cheantar . Áireofar leis an tionscadal freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí. 

Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt Bainisteoir Punainne Uisce Éireann, Joe Carroll an méid seo a leanas: "Infheistíocht shuntasach eile is ea an infheistíocht seo i bhfeabhsú an tsoláthair uisce do mhuintir Chiarraí. Beidh soláthar uisce níos iontaofa ar fáil do mhuintir na háite nuair a bheidh athsholáthar déanta againn ar an gcuid seo den phríomhphíobán uisce agus chomh maith leis sin, beidh laghdú ar sceitheadh uisce. 

“Cuirfear na hoibreacha i gcrích ag foirne seirbhíse uisce a bhfuil taithí orthu. Is sampla iontach í an Fhoireann Seirbhíse Uisce um Obair Dhíreach i gCiarraí de shaineolas áitiúil agus tacar sainscileanna den fhoireann seirbhísí uisce go léir in Uisce Éireann agus Comhairle Contae Chiarraí a thabhairt le chéile chun seirbhísí uisce a sholáthar do phobail ar fud Chiarraí.”

"Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le custaiméirí roimh ré as a gcomhoibriú agus as a gcuid bhfoighne agus an tionscadal seo á chur i gcrích againn.''

Tá na hoibreacha le tosú ag tús mhí Mheán Fómhair agus táthar ag súil go mbeidh siad críochnaithe faoi dheireadh mhí na Samhna. Chun na hoibreacha a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtach, beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm ag an am seo i bhfoirm chóras stop agus gluais. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí. Chun cur isteach a íoslaghdú, beidh na hoibreacha teoranta do chodanna gearra. D’fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ag teastáil le haghaidh tréimhsí gairide, agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe. 

D’fhéadfadh deisiú sceite a bheith casta. Tá níos mó ná 63,000 km de phíobáin uisce faoi thalamh againn in Éirinn - píobáin go leor chun dul thart ar an domhan aon uair go leith. Ní féidir formhór na dteagmhas de sceitheadh a fheiceáil, rud a fhágann go mbíonn uisce luachmhar á chailleadh, ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. 

Tá líne chabhrach um chúram do chustaiméirí Uisce Éireann ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí a bhfuil ceisteanna ar bith acu dul i dteagmháil linn ar X @IWCare.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár Náisiúnta Laghdaithe Sceite, tabhair cuairt ar ár leathanach tiomanta.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar Water Service Updates.
 

Déan teagmháil linn

Lean orainn ar na meáin shóisialta nó cur glaoch orainn.