Skip to main content

Comhairliúchán poiblí ar an dréacht-PSSU 2050

Sa dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (PSSU 2050), leagtar amach ár gcuspóirí agus na bealaí ina bhfuil sé mar aidhm againn iad a bhaint amach i gcomhthéacs na ndúshlán suntasach is dócha a bheidh romhainn sna 25 bliana atá romhainn.

Soláthraíonn Uisce Éireann, mar sholáthraí náisiúnta seirbhísí uisce poiblí na hÉireann, 1.7 billiún lítear uisce óil dár gcustaiméirí gach lá agus bailíonn agus cóireálann sé níos mó ná 1.2 billiún lítear fuíolluisce sula gcuirimid ar ais go sábháilte sa timpeallacht é. Tá sé ríthábhachtach dár sochaí go ndéantar seirbhísí uisce sábháilte, slán agus inbhuanaithe a sholáthar, lena dtacaítear le sláinte an phobail, lena dtacaítear le seachadadh tithíocht agus post agus lena gcosnaítear ár dtimpeallacht agus ár gcuid acmhainní luachmhara uisce.

An dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050

Cuireann dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 ár gcuspóirí straitéiseacha i láthair go dtí an bhliain 2050, ag teacht lenár bhfís. Tugtar achoimre leis freisin ar na céimeanna a ghlacfaimid chun obair a dhéanamh i dtreo na cuspóirí sin a bhaint amach sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an bhileog faisnéise ar an gComhairliúchán ar Dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050.

Icon

An méid a bheidh ann

Tá an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 ar cheann de shraith pleananna agus doiciméad beartais atá ina dtreoir maidir le seachadadh seirbhísí uisce agus fuíolluisce in Éirinn. Leagtar amach sa dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 an creat uileghabhálach le haghaidh pleananna cur chun feidhme níos mionsonraithe ina dhiaidh sin, lena n-áirítear mar shampla an Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU).

Icon

Cuir do chuid tuairimí in iúl

Táimid ag lorg d'ionchuir anois sa dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, agus sa dréacht-Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus sa dréacht-Ráiteas Tionchair Natura. Beidh an comhairliúchán ar siúl ar feadh ocht seachtaine ón 21 Bealtaine go dtí an 16 Iúil 2024.  Gheobhaimid aiseolas maidir leis an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 agus na tuarascálacha timpeallachta gaolmhara agus chomh maith leis sin, leis na torthaí ón gcomhairliúchán, tabharfar léargas dúinn ar dhearcthaí i leith seirbhísí uisce poiblí agus fuíolluisce agus ar na dúshláin atá romhainn anois agus a bheidh romhainn amach anseo.

Cad a bhfuilimid ag dul i gcomhairle faoi anois?

I ndréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 cuirimid na dúshláin atá romhainn maidir le seirbhísí uisce a sholáthar idir seo agus 2050. Leagaimid amach gníomhaíochtaí chun déileáil leis na dúshláin sin, lena n-áirítear an chaoi ar athraíomar ár gcur chuige maidir le pleanáil fhadtéarmach ionas gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar na treochtaí nua atá ag teacht chun cinn i dtodhchaí éiginnte. Leis an gcomhairliúchán poiblí seo, tugtar deis uathúil duit bheith páirteach le hUisce Éireann i bhforbairt ár straitéise 25 bliain do sholáthar seirbhísí uisce in Éirinn. Is é is cuspóir don chomhairliúchán seo bheith rannpháirteach ar bhealach fóinteach lenár bpáirtithe leasmhara go léir, go háirithe iad siúd ag a bhfuil spéis i seirbhísí uisce agus fuíolluisce, chun eolas níos fearr a thabhairt ar ábhar dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050. Is mian linn freisin tuairimí a bhailiú maidir lenár gcuid cuspóirí straitéiseacha, aidhmeanna, gníomhartha agus dúshláin i leith sheachadadh an Phlean.

Cad atá san áireamh leis an PSSU?

Icon

Shainaithníomar 4 chuspóir straitéiseacha i ndréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá roimh ár n-eagraíocht agus ar na seirbhísí a chuirfimid ar fáil suas go dtí 2050.

Icon

Tá 14 aidhm straitéiseacha ag gabháil leis na 4 chuspóir straitéiseacha sin a bheidh ina gcuidiú againn chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais infheistíochta is tábhachtaí atá againn, chun freagairt do riachtanais bheartais de réir mar a thagann siad chun cinn agus chun leas a bhaint as deiseanna nua chun ár mbonneagar a athrú ó bhonn.

Icon

I gcomhréir le hAlt 33(4) den Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013, tá na modhanna atá beartaithe againn chun ár gcuid cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach leagtha amach againn. Léirítear iad mar 35 príomhghníomhaíocht.

Conas a bheith Rannpháirteach

Tugann an comhairliúchán poiblí seo maidir leis an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 an deis duit do chuid dearcthaí, léargas agus smaointe maidir lenár bplean 25 bliana a nochtadh.

Táimid ag lorg do léargas anois ar an dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, ar an Dréacht-Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus ar an Dréacht-Ráiteas Tionchair Natura tríd an gcomhairliúchán poiblí seo, a bheidh ar siúl ó 21 Bealtaine go 16 Iúil 2024. Chomh maith le haiseolas a bhaineann leis an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 agus na tuarascálacha comhshaoil a ghabhann leis, na torthaí ón gcomhairliúchán, tabharfar léargas dúinn ar dhearcthaí i leith na gcuspóirí straitéiseacha, na , n-aidhmeanna, na ngníomhartha, agus na ndúshlán i leith seachadadh an Phlean.

Is féidir le páirtithe leasmhara leas a bhaint as dhá rogha chun cuidiú leo aighneacht a chur isteach agus tá fáilte rompu rogha amháin nó an dá rogha a chomhlánú. Níl iontu sin ach áis, áfach, agus breithneofar gach aighneacht ábhartha a gheofar mar fhreagairt ar an gcomhairliúchán. Tugaimid cuireadh duit freastal ar dhá sheimineár poiblí chun foghlaim tuilleadh faoin dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, an 29 Bealtaine 2024 nó an 5 Meitheamh 2024. Táimid ag tnúth go mór le comhoibriú leat ar an bplean straitéiseach tábhachtach seo a mhúnlóidh seachadadh ár seirbhísí uisce do na glúnta atá le teacht.

Físeán an Dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050

Déan teagmháil linn

Ríomhphost: wssp@water.ie 

Post: An Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce, Uisce Éireann, P.O. Oifig Poist 13216, Gleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha Cliath

Saorghlao: 1800 46 36 76

Na Chéad Chéimeanna eile

Nuair a bheidh an comhairliúchán seo thart, déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú agus plé ar an aiseolas a fuair sé ó na páirtithe leasmhara ar fad. Cuirfear na haighneachtaí agus na tuairimí a gheofar ón gcomhairliúchán poiblí san áireamh, agus déanfar dréacht-PSSU 2050 a nuashonrú agus a eisiúint le formheas an Aire.

I ndiaidh ceadú an aire a fháil, glacfar an Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 deiridh go luath in 2025, in éineacht le Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Cinneadh MC. Leagfar amach i Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus léireofar ann na leasuithe a rinneadh ar an bPlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 mar thoradh ar an gcomhairliúchán.

Déanfar athbhreithniú rialta ar bPlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, gach cúig bliana, chun a chinntiú go mbeidh sé ábhartha i gcónaí. Cuirfidh na hathbhreithnithe seo ar ár gcumas dul i ngleic le cúinsí de réir mar a thagann athruithe orthu agus dul i ngleic le riachtanais a bhíonn ag athrú i rith an ama.

Déanfar an Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 a leasú chun dáta bunaithe ar leasuithe ar an reachtaíocht a bhaineann le seirbhísí uisce agus bunaithe ar fhaisnéis níos fearr, go háirithe faisnéis a bhaineann le feidhmíocht sócmhainní, le déimeagrafaic agus leis an athrú aeráide.