Skip to main content

Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050

Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce

Cuireann an Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce (PSSU) cuspóirí Uisce Éireann i láthair don 25 bliain atá romhainn agus na bealaí ina mbainfimid amach iad. Tá sé ar chomhréim leis na ceanglais atá leagtha amach san Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013. D'fhoilsíomar ár gcéad Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce in 2015 agus anois táimid ag dul i mbun an phróisis chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (PSSU 2050) a chuirfear in ionad an phlean reatha.

Nuair a ghlacfar é beidh PSSU 2050 nua ina dhoiciméad straitéiseach tábhachtach a dhíreofar ar uisce óil sábháilte a sholáthar agus lena gcinnteofar go bhfuil an timpeallacht cosanta ó iarmhairtí sceite fuíolluisce. Cinnteofar leis freisin go bhfuil córais éifeachtúla nua-aimseartha againn a chomhlíonann riachtanais na gcustaiméirí, a chuireann le fás agus forbairt eacnamaíoch, agus a thugann luach ar airgead.

Tá sé de fhreagracht orainne a chinntiú go bhfaigheann ár gcustaiméirí go léir (teaghlaigh agus cuideachtaí) soláthar uisce óil atá sábháilte agus slán agus go mbaileofar a gcuid fuíolluisce, go gcaitear go cuí leis agus go gcuirtear ar ais go sábháilte chuig an gcomhshaol é.

Ba staidéar cuimsitheach é Fís Uisce 2050 a rinne Uisce Éireann i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara seachtracha agus le torthaí an staidéir sin cuireadh béim ar chumhacht na fadbhreathnaitheachta maidir le todhchaí uisce na hÉireann a chosaint.Le Tionscadal Fhís Uisce 2050 rinneadh plé ar an dóigh a bhféadfadh spreagthaí móra athruithe amhail an t-athrú aeráide, digitiú agus dúshláin don chomhshaoil dul i bhfeidhm ar an earnáil uisce níos leithne thar am. Le torthaí an tionscadail sin rinneadh eolas dár gcuid straitéisí agus pleananna amach anseo lena n-áirítear an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050. Cliceáil chun féachaint ar thuarascálacha chéim 1 agus chéim 2.

Comhairliúcháin

Icon

Comhairliúchán a hAon

Tá dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 á fhorbairt tar éis dhá chéim de chomhairliúchán. Rinneadh comhairliúchán tosaigh reachtúil maidir leis an bPáipéar Saincheisteanna, Tuarascáil Scóipe na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta, agus Tuarascáil Scagthástála MC i leith dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 le linn an fhómhair in 2023. Le linn na tréimhse comhairliúcháin, chuaigh Uisce Éireann i dteagmháil go díreach le príomhpháirtithe leasmhara reachtúla agus rialála. Rinneadh an t-aiseolas a fuarthas ar an bPáipéar Saincheisteanna agus ar Thuarascáil Scóipe na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus ar Thuarascáil Scagthástála MC a athbhreithniú agus a chur san áireamh agus sinn ag ullmhú dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050, den Tuarascáil Comhshaoil maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus den Ráiteas Tionchair Natura.

Icon

Comhairliúchán a Dó

Mar chuid den dara céim den chomhairliúchán, fáiltíonn Uisce Éireann roimh aighneachtaí anois maidir le dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 in éineacht le Tuarascáil Comhshaoil maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Dréacht-Ráiteas Tionchair Natura (próiseas MC). Chun tuiscint níos mó a fháil ar dhréacht-PSSU 2050 agus ar an méid a bhfuil comhairliúchán á dhéanamh againn ina leith tabhair cuairt ar an leathanach comhairliúcháin.

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Tá comhairliúchán ar dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 ar oscailt anois agus tá aiseolas á ghlacadh againn. Chun féachaint ar dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 agus ar na tuarascálacha timpeallachta gaolmhara tabhair cuairt ar an leathanach comhairliúcháin.

Ríomhphost: wssp@water.ie

Post: An Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce, Uisce Éireann, P.O. Oifig Poist 13216, Gleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha Cliath

Saorghlao: 1800 46 36 76

Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2015

Rinne an tAire an PSSU reatha a formheas in 2015 agus cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2015 go 2040. Táimid ag obair i dtreo an chéad PSSU eile a fhorbairt a chumhdóidh an tréimhse ó 2025 go 2050 leis an aidhm formheas an Aire a fháil faoi dheireadh 2024. Chun cáipéisí an PSSU 2015 a fheiceáil, féach thíos.