Skip to main content

Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí

Tá fás an-suntasach i gCathair Chorcaí agus sna ceantair máguaird mar thoradh ar rath eacnamaíoch Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Tá sé beartaithe leis an gCreat Náisiúnta Pleanála 2040 go mbeidh Corcaigh ar an réigiún cathrach is mó fáis in Éirinn le méadú réamh-mheasta 50% go 60% ar a dhaonra sa tréimhse suas go dtí 2040. Mar thoradh ar an bhfás sin, is dúshláin roimh an mbonneagar draenála fuíolluisce coinneáil suas leis an éileamh méadaithe ar thalamh sheirbhísithe nua le haghaidh tithíochta, forbairtí tráchtála agus tionscail.

Tá sé d'aidhm againn Dréacht-Straitéis Fuíolluisce inbhuanaithe agus cost-éifeachtúil a bhunú do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí a fhreastalaíonn ar na riachtanais draenála réamh-mheasta go dtí 2080. Sainaithneofar i Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí straitéisí agus tionscadail draenála inbhuanaithe do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí atá ag fás.

An Straitéis

I Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, breithneofar cumas an bhonneagair fuíolluisce atá ann cheana agus sainaithneofar roghanna maidir le bonneagar fuíolluisce a uasghrádú agus bonneagar fuíolluisce nua a thógáil suas go dtí 2080. Áireofar leis an straitéis anailís ar an mbonneagar fuíolluisce atá ann cheana chomh maith le bailiú sonraí, measúnuithe ar fhás an daonra agus ar fhás eacnamaíoch, measúnacht straitéiseach timpeallachta, comhairliúchán le páirtithe leasmhara chun réitigh mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a shainaithint ar riachtanais an réigiúin maidir le fuíolluisce. Beidh an straitéis i gcomhréir le hoibleagáidí reachtúla agus le spreagthaí rialála arna ndearadh chun cuspóirí timpeallachta náisiúnta agus idirnáisiúnta araon a chomhlíonadh ar a bhfuil achoimre sa Chreat-treoir Uisce (CTU) agus sna Treoracha maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (TCFU).

Cad atá ag tarlú anois?

Beidh an chéad bhabhta de chomhairliúchán ar siúl go dtí an 9 Iúil 2024 agus lorgófar tuairimí agus aiseolas leis ar an bPáipéar Saincheisteanna, ar staidéar Scóipe na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus ar Thuarascáil Scagtha na Measúnachta Cuí (MC). Chun tuilleadh faisnéise a fháil, Bileog Faisneise ar an gComhairliuchan ar Dreacht Straiteis Fuiolluisce Chorcai.

An Limistéar Staidéir

Áirítear leis an limistéar staidéir Mórcheantar Uirbeach Chorcaí agus Greanach mar a léirítear i bhFíor 1. Is mórcheantar uirbeach réigiúnach é Mórcheantar Uirbeach Chorcaí (MUC), arna shainaithint amhlaidh sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus sa Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach. 

Áirítear le MUC Cathair Chorcaí, a bruachbhailte agus na bailte agus na ceantair thuaithe atá ar fhíorimeall Chathair Chorcaí mar aonad comhtháite amháin. Clúdaíonn an MUC 820km2, agus tá daonra beagán os cionn 307,500 ina gcónaí ann, mar a cinneadh ó Dhaonáireamh 2022 le méadú ar an bhfás ar dhaonra Cheantar Cathrach Chorcaí go dtí 476,000 in 2040. Tá breis agus 25 baile agus sráidbhaile i gceist sa limistéar staidéir chomh maith le lárionad uirbeach

An gá atá leis an staidéar:

Tá roinnt dúshláin soláthair uisce le sárú ag Mórcheantar Uirbeach Chorcaí, lena n-áirítear:

  • Méadú ar an daonra.
  • Dúshláin reatha maidir le comhlíontacht i gcás roinnt ionaid cóireála fuíolluisce agus líonraí séarachais sa limistéar staidéir.
  • Riachtanais acmhainne maidir le cóireáil agus líonra fuíolluisce chun déileáil le hualaí reatha agus sa todhchaí ó Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
  • Brúnna ar na dobharlaigh ghlactha ó sceitheadh fuíolluisce laistigh de Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
  • Tionchair an Athraithe Aeráide.

Beidh riachtanais na bpáirtithe leasmhara go mór i gceist leis an straitéis, tacóidh sí le fás geilleagrach, cuirfidh sí athrú aeráide san áireamh, agus freastalóidh sí ar éileamh daonra atá ag fás agus cosnóidh sí an timpeallacht.

Na tairbhí a bhaineann leis an staidéar:

Icon

Straitéis fuíolluisce inbhuanaithe a fhorbairt do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí i gcomhréir le Creat-Treoir Uisce (CTU) an Aontais Eorpaigh agus na Rialacháin maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

Icon

Breac-chuntas a thabhairt ar na ceanglais maidir le draenáil agus cóireáil fuíolluisce atá ábalta freastal ar éilimh an limistéir staidéir i gcomhthéacs na bPleananna Forbartha reatha, an Chreata Náisiúnta Pleanála, Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíoch 2020 agus acmhainneacht forbartha fadtéarmaí an cheantair suas go dtí an bhliain 2080.

Icon

Réitigh mhalartacha le haghaidh bainistiú éifeachtach fuíolluisce a shainaithint chun an timpeallacht a chosaint agus a fheabhsú, tacú le fás sóisialta agus eacnamaíoch a thagann le Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce Uisce Éireann agus le Ráiteas Beartais Seirbhísí Uisce Rialtas na hÉireann (RBSU).

Icon

Measúnú a dhéanamh ar réitigh mhalartacha agus na réitigh draenála fuíolluisce is fearr a shainaithint agus aird á tabhairt ar an gcostas iomlán saolré, ar inbhuanaitheacht agus ar fheidhmíocht na timpeallachta.

Icon

Réiteach a shainaithint chun moltaí Straitéis Fuíolluisce Chorcaí a chur chun feidhme, mar aon le tús áite a thabhairt do thionscadail cur chun feidhme dá leithéid.

Icon

Straitéis inoiriúnaithe a fhorbairt ina bhfuiltear ag súil go mbeidh na torthaí nasctha le tionchair luaineacha amhail an t-athrú aeráide agus athrú ar an daonra agus lena ndearbhaítear go mbainfidh an straitéis táscairí feidhmíochta agus torthaí amach ar an gcostas is lú.

Icon

Nasc dearfach a chothú leis an bpobal, agus muinín in UÉ mar chaomhnóirí iontaofa seirbhísí uisce a spreagadh, agus an iontaofacht sin a léiriú.

Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí

Conas a bheith Rannpháirteach

Táimid sa tóir ar d'ionchuir féin anois sa Pháipéar Saincheisteanna, sa Tuarascáil Scagtha agus Scóipe i dtaobh Measúnacht Chuí ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) tríd an gcomhairliúchán poiblí seo, a bheidh ar siúl ón 15 Bealtaine go dtí an 9 Iúil 2024. Chomh maith le haiseolas abhartha a bhailiú, cuirfear léargas ar fáil le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí seo ar dhearcthaí i leith na straitéise.  

Chun cabhrú le páirtithe leasmhara aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán seo, cuirimid fáilte roimh aiseolas ar na ceisteanna comhairliúcháin seo a leanas, níl an t-aiseolas teoranta do na ceisteanna seo, áfach.

Icon

An bhfuil moltaí ar bith agat ar mhaith leat go mbreithneodh Uisce Éireann orthu agus Straitéis Fuíolluisce Chorcaí dá chuid á ullmhú aige?

Icon

Cuimsítear i limistéar staidéir Straitéis Fuíolluisce Chorcaí Mórcheantar Chorcaí agus uiscí glactha Chuan Chorcaí agus Chuan Lasmuigh Chorcaí agus dobharlaigh uisce na Creat-treorach Uisce. An bhfuil aon tráchtanna agat maidir leo sin?

Icon

An bhfuil aon tuairimí agat faoin gcur chuige maidir leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) do Straitéis Fuíolluisce Chorcaí?

Icon

In alt 2.1 de chaibidil 2 Thuarascáil Scóipe MST déantar achoimre ar chuspóirí Straitéis Fuíolluisce Chorcaí. An bhfuil aon tráchtanna agat maidir leis na cuspóirí sin?

Icon

Rinne Uisce Éireann athbhreithniú ar phleananna, ar bheartais agus ar chláir a bhaineann le Straitéis Fuíolluisce Chorcaí i gcaibidil 4 de Thuarascáil Scóipe MST. An bhfuil cinn ar bith eile ann ar cheart machnamh a dhéanamh orthu?

Icon

I gcaibidil 3 de Thuarascáil Scóipe MST leagtar amach staid na timpeallachta bunlíne agus na treochtaí amach anseo. Tá achoimre ar na saincheisteanna timpeallachta i dtábla 3.16. An bhfuil aon tráchtanna agat maidir leo sin?

Icon

I gcaibidil 5 de Thuarascáil Scóipe MST leagtar amach na cuspóirí timpeallachta as a mbainfear úsáid chun an Straitéis Fuíolluisce agus na tionchair fhéideartha dá cuid ar an timpeallacht a mheasúnú Tá achoimre ar na cuspóirí sin i dtábla 5.1. An bhfuil aon tuairimí agat fúthu sin?

Icon

Cén dóigh ar mian leat go rachadh Uisce Éireann i dteagmháil leat de réir mar a rachaidh an plean ar aghaidh?

Chun aighneacht a dhéanamh, seol chugainn í le do thoil trí ríomhphost nó sa phost faoin 9 Iúil 2024.

Seoladh rphoist: cws@water.ie

Seoladh Poist: Uisce Éireann, Bosca PO 860, Oifig Seachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí

Na Chéad Chéimeanna eile - Comhairliúchán a Dó:

Nuair a bheidh comhairliúchán 1 thart, déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú agus plé ar an aiseolas a fuair sé ó na páirtithe leasmhara. I nGeimhreadh 2024, foilseofar Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, agus déanfar comhairliúchán poiblí reachtúil ocht seachtaine, sula ndéanfar í a athbhreithniú agus a thabhairt chun críche in 2025.