Skip to main content

Tá Ráth Maoláin le leas a bhaint as infheistíocht Uisce Éireann

Is féidir le custaiméirí Uisce Éireann i Ráth Maoláin a bheith ag tnúth le soláthar uisce níos iontaofa agus tús á chur le hoibreacha feabhsúcháin suntasacha sráidbhaile cois farraige an mhí seo.

Tá tús áite tugtha ag Uisce Éireann d’athsholáthar níos mó ná 600 méadar de phríomhphíobán uisce a bhfuil damáiste déanta dó, rud a chinnteoidh go laghdófar an cur isteach mar gheall ar phléascadh agus ar bhriseadh soláthair do chustaiméirí. Ní hamháin go mbeidh níos mó muiníne ag tithe agus ag gnólachtaí áitiúla as a soláthar leis na hoibreacha tábhachtacha sin, ach leis an bpíbobair nua, cuirfear deireadh le sceitheadh uisce cóireáilte isteach sa talamh. 

Tabharfaidh na foirne faoin tionscadal athsholáthair príomhphíobáin uisce sin ar Shráid an Phóna agus ar an bPríomhshráid sa sráidbhaile. Tá Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, Patricia Lowry, ag tnúth leis an tionscadal a sholáthar do chustaiméirí i Ráth Maoláin.

Beidh réimsí buntáistí ag baint leis an obair sin dár gcustaiméirí sa cheantar lena n-áirítear iontaofacht an tsoláthair agus cáilíocht uisce fheabhsaithe. Cuideoidh sé linn chomh maith lenár sprioc 2030 de ráta náisiúnta sceite 25% a bhaint amach. Tá dul chun cinn mór déanta ag an bhfoireann Náisiúnta um Laghdú Sceitheadh ó bhí 2018 ann nuair a bhí an ráta sceite ag 46%.

Chun na hoibreacha a sholáthar ar bhealach sábháilte agus éifeachtach, beidh gá le dúnadh bóthair ar Shráid an Phóna agus ar an bPríomhshráid, Ráth Maoláin, ó Dé Luain an 31 Márta go dtí Dé hAoine an 6 Meitheamh.

Cuirfear stop leis an mbainistíocht tráchta ar fad, agus osclófar an bóthar arís do na deirí seachtaine saoire bainc a bheidh ar siúl i rith na tréimhse sin.

Beidh malairtí slí i bhfeidhm agus is féidir leis an bpobal a bheith cinnte go mbeidh rochtain áitiúil agus éigeandála ann i gcónaí. 

Deir Patricia ansin: “Tuigimid go mbíonn an cineál sin oibre mí-áisiúil, agus tá ár bhfoirne ag déanamh gach iarracht cur isteach ar an bpobal áitiúil a íoslaghdú. Tá na hoibreacha sin ríthábhachtach chun slándáil soláthair Ráth Maoláin a chinntiú anois agus amach anseo, agus is mó i bhfad na buntáistí fadtéarmacha ná aon mhíchaoithiúlacht ghearrthéarmach. Gabhaimid buíochas leis an bpobal as a bhfoighne agus as a gcomhoibriú agus na hoibreacha riachtanacha sin á gcur ar aghaidh”.  

Tá na hoibreacha sin á ndéanamh mar chuid de Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdú Sceite.

Beidh na ceantair oibre teoranta do chodanna gairide chun tionchar a íoslaghdú agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair an chloig ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhriseadh atá beartaithe. 

Tá na hoibreacha á ndéanamh ag Farrans Construction thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go mbeidh siad críochnaithe faoi Shamhradh 2025.

Is sampla eile iad na hoibreacha feabhsúcháin seo d’infheistíocht Uisce Éireann i sráidbhaile Ráth Maoláin. Tá oibreacha ar an uasghrádú dar luach €50 milliún ar an líonra bonneagair fuíolluisce atá ar siúl i Ráth Maoláin, Ráth Mealtain agus Baile na nGallóglach beagnach críochnaithe. Nuair a bheidh an tionscadal seo críochnaithe, laghdófar an baol go mbeidh tuilte séaraigh ann agus tabharfar aghaidh ar fhorsceitheadh séaraigh neamhchomhlíontach isteach in Maggy’s Burn, Inbhear na Leanainne agus Loch Súilí. Feabhsófar leis freisin cumas an líonra séarachais lena n-éascófar an fás daonra reatha agus amach anseo, agus a thacóidh le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch Ráth Maoláin, Ráth Mealtain agus Baile na nGallóglach agus an cheantair máguaird.

Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá oscailte 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil chun aon fhiosruithe a fhreagairt.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.