Skip to main content

Táthar ag leanúint ar aghaidh le Clár Laghdaithe Sceite Uisce Éireann i gCiarraí

Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chiarraí, agus tá oibreacha athsholáthair ar siúl i gCorca Dhuibhne ar nach mór 2km de shean-phríomhphíobáin uisce. Cuireadh tús leis an tionscadal an tseachtain seo caite, agus táthar ag súil go gcuirfear i gcrích i mí Bealtaine é. 

Beidh na hoibreacha ar siúl feadh an R559 ó Cheann Trá go Baile Mór, áit a mbeidh córas soilse tráchta 'stop-gluais' i bhfeidhm.

Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt Bainisteoir Punainne Uisce Éireann, Joe Carroll an méid seo a leanas: "Infheistíocht shuntasach eile is ea an infheistíocht seo i bhfeabhsú an tsoláthair uisce do mhuintir Chiarraí. Ceantar mór turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin is ea Corca Dhuibhne. Beidh soláthar uisce níos iontaofa ar fáil do mhuintir agus gnólachtaí na háite nuair a bheidh athsholáthar déanta againn ar an gcuid seo den phríomhphíobán uisce agus chomh maith leis sin, beidh laghdú ar sceitheadh uisce."

"Tionscadal suntasach de chuid Uisce Éireann is ea an ceann seo i gCiarraí agus is iad baill foirne na seirbhíse uisce a bhfuil a lán taithí acu a thabharfaidh faoin obair seo. Tá an Fhoireann Saothair Dhírigh um Sheirbhísí Uisce i gCiarraí ina shampla cruthanta dár gcuspóir maidir le baill foirne seirbhísí uisce a bhfuil eolas ar an gceantar acu agus baill foirne a bhfuil tacar sainscileanna acu a thabhairt le chéile in aon eagraíocht uile-Éireann amháin d'fhonn seirbhísí uisce feabhsaithe agus níos éifeachtúla a chur ar fáil dár bpobail, rud a thacóidh le cúrsaí tithíochta, le forbairt gheilleagrach agus le cruthú post ar fud na tíre."

"Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le custaiméirí roimh ré as a gcomhoibriú agus as a gcuid bhfoighne agus an tionscadal tábhachtach seo á chur i gcrích againn.''

D'fhéadfadh sé go mbeadh briseadh gearrthéarmach sa soláthar uisce ó am go chéile ach cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra do chustaiméirí 48 uair an chloig ar a laghad roimh aon bhriseadh pleanáilte sa soláthar. Chomh maith leis na hoibreacha thuasluaite, déanfar ceangail nua seirbhíse uisce a leagan ón bpríomhphíobán uisce poiblí sa bhóthar chomh fada le teorainneacha réadmhaoine custaiméirí, áit a ndéanfar ceangal le soláthar uisce na gcustaiméirí sin. Déanfar athsholáthar ar na ceangail seirbhíse atá ann cheana féin ar thaobh an phobail sa chás go bhfuil siad déanta as luaidhe

Is féidir le custaiméirí glaoch a chur ar Uisce Éireann ar 1800 278 278 má tá aon cheisteanna acu faoin tionscadal nó is féidir leo cuairt a thabhairt ar rannán na Nuashonrúchán maidir le Soláthar Uisce ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d'fhás agus d'fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú. Le haghaidh níos mó eolais téigh go dtí www.water.ie.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.