Skip to main content

Daingníonn Uisce Éireann soláthar uisce na Srúibhe

Tá cúis eile ceiliúrtha tugtha ag Uisce Éireann do chustaiméirí sa tSrúibh séasúr seo na Nollag, le suiteáil rathúil de phríomhlíonraí nua uisce de 4.5km lena gcinnteofar soláthar uisce níos daingne don bhaile cois farraige.

Leis an tionscadal suntasach seo, a cuireadh i gcrích le seachtainí beaga anuas, laghdófar na teagmhais de phíopaí pléasctha agus de bhristeacha sa soláthar uisce agus cinnteofar soláthar iontaofa uisce do chustaiméirí agus do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar. Rinne criúnna 4.5km de phríomhlíonra uisce nua a chur in ionad na sean-phríomhlíonraí uisce a bhí soghabhálach i leith pléasctha rialta agus ardleibhéal sceite.

Mar fhreagra ar rátaí arda sceite ón bpríomhlíonra reatha sna ceantair sin, rinneadh athbhreithniú fairsing ar an líonra faoin gClár Athshlánaithe um Príomhlíonraí Uisce, rud a chuir ar chumas fhoirne Uisce Éireann foinse an sceite a aimsiú agus oibreacha deisiúcháin a phleanáil.

Cuireadh tús leis na hoibreacha athsholáthair anuraidh agus rinneadh iad i gcéimeanna pleanáilte chun cur isteach ar an sreabhadh tráchta a íoslaghdú agus chun an mhíchaoithiúlacht do chónaitheoirí áitiúla a laghdú. Bhain na hoibreacha le naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos freisin ón bpríomhlíonra uisce poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoine na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí.

Ghabh Patricia Lowry, Bainisteoir Cláir le hUisce Éireann, buíochas leis an bpobal áitiúil as a gcomhoibriú agus na hoibreacha riachtanacha sin á ndéanamh.
“Mar thoradh ar na hoibreacha laghdaithe sceite sin, tá soláthar uisce níos sláine agus níos iontaofa á fháil ag custaiméirí sa tSrúibh agus sna ceantair máguaird. Bhíomar ag cailleadh uisce óil glan luachmhar faoin talamh agus tá uisce luachmhar, mar sin, is toradh iontach é na sceití a dheisiú agus an líonra a fheabhsú. Mar thoradh ar athsholáthar seanphíopaí stroighne laghdaítear go suntasach an méid uisce óil a chailltear faoin talamh trí sceitheadh."

Ba é Farrans Construction a chuir na hoibreacha i gcrích thar ceann Uisce Éireann.

Tá tionscadal na Srúibhe, Dún na nGall, ina chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann agus cuideoidh sé leis an bhfóntas a sprioc 2030 a bhaint amach maidir le ráta sceite náisiúnta 25%. Tá an-dul chun cinn déanta ag an bhfoireann Náisiúnta Laghdaithe Sceite ó bhí 2018 ann, nuair ba é 46% an ráta sceite. 

Ó 2018, tá os cionn €500 milliún infheistithe ag Uisce Éireann chun nuashonrú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre tríd an gClár Náisiúnta um Laghdú Sceite a sholáthar. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú ag Uisce Éireann gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Déan teagmháil linn

Lean orainn ar na meáin shóisialta nó cur glaoch orainn