Skip to main content

Cuirfidh Uisce Éireann tús le mórthionscadal fuíolluisce i nGaeltacht na nDéise

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Tá áthas ar Uisce Éireann a fhógairt go gcuirfear tús go luath leis an uasghrádú ar an gcóras bailithe fuíolluisce agus cóireála uisce stoirme i mBaile na nGall i nGaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge.

Rachaidh na hoibreacha uasghrádaithe go mór chun tairbhe don phobal áitiúil agus cinnteofar go gcloífear le rialacháin fuíolluisce náisiúnta agus AE. Nuair a bheidh an obair críochnaithe, beidh feabhas ar cháilíocht an uisce i gCuan Dhún Garbhán, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC), agus cosnófar gnáthóg uisceach oisrí agus sliogéisc eile laistigh den uisce sliogéisc ainmnithe seo.

Áireofar leis an tionscadal uasghrádú a dhéanamh ar an stáisiún caidéalaithe atá ann cheana féin sa Mhóta, dhá stáisiún caidéalaithe eile, 3km de shéarach nua agus áit eile stórála uisce stoirme chun minicíocht Sceitheanna Uisce Stoirme (SWOanna) sa bhá a laghdú.

Agus é ag trácht ar bhuntáistí an tionscadail, dúirt Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, Colm Claffey "Cinnteoidh an bonneagar nua agus feabhsaithe seo go gcaithfear go cuí le fuíolluisce i mBaile na nGall agus go gcomhlíonfaidh sé na caighdeáin chomhshaoil is airde sula scaoilfear amach go sábháilte é sa timpeallacht mhuirí."

Labhair sé tuilleadh faoi sin: "Cuirfidh sé seo le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na bpobal atá ina gcónaí sa chuid álainn seo de Phort Láirge. Tá lúcháir orainn go bhfuil na hoibreacha le tosú go luath agus gabhaimid buíochas leis an bpobal as a bhfoighne agus a dtacaíocht agus an tionscadal riachtanach seo á chur i gcrích againn."

Is iad David Walsh Civil Engineering Ltd a thabharfaidh faoin tionscadal thar ceann Uisce Éireann. Tá tús á chur le himscrúduithe láithreáin laistigh den phobal leis an obair thógála atá beartaithe go luath in 2025. Táthar ag súil go mbeidh an tionscadal seo críochnaithe in earrach na bliana 2026.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hoibreacha, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Déan teagmháil linn

Lean orainn ar na meáin shóisialta nó cur glaoch orainn.