Skip to main content

Críoch agus deireadh le Fógra Fiuchta Uisce ar Inis Toirc

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Tá críoch agus deireadh le fógra fiuchta uisce ar Inis Toirc anois díreach.

Is féidir le Uisce Éireann dearbhú a thabhairt; ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gur féidir le custaiméirí an t-uisce a úsáid mar is gnách arís.

Cuireadh an fógra seo i bhfeidhm chun sláinte na gcustaiméirí a chosaint ag eascairt as fadhbanna le próiseas meicniúil agus leis an bpróiseas cóireála ag an ionad cóireála uisce áitiúil.

Luígh saineolaithe uisce óil ó Uisce Éireann isteach ar an obair chun críoch agus deireadh a chur leis an bhfógra a luaithe agus comh sábháilte agus ab fhéidir leo é. Cuireadh críoch agus deireadh leis an bhfógra toisc go bhfuarthas samplaí uisce a bhí sásúil.

Tuigeann Uisce Éireann an éifeacht a bhí ag an bhfógra ar chustaiméirí agus is mian leo buíochas a ghabháil leis an bpobal as a dtacaíocht nuair a bhí an fógra i bhfeidhm.

Is é príomhfhócas Uisce Éireann ná sláinte phoiblí a chosaint agus d’oibríomar i gcomhar lenár bpáirithe leasmhara chun críoch agus deireadh a chur leis an bhfógra comh tapaidh agus ab fhéidir linn é. Táimid fíorbhuíoch do chustaiméirí, d’Ionadaithe Tofa, agus do na meáin as cabhair a thabhairt an t-eolas a scaipeadh maidir leis an bhFógra Fiuchta Uisce.

Tá Ionad Teagmhála Uisce Éireann do Chustaiméirí (1800 278 278) ar fáil chun ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt maidir le críoch agus deireadh a bheith leis an bhfógra seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Tá séirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas réadama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin anseo.

Tá Uisce Éireann freagrach as idir sholáthar uisce óil phoiblí agus seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chumasú chun bláthú, trí uasghrádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar bunriachtanach chun tacú le fás agus le forbairt;agus uisce óil sábháilte a chur ar fáil mar aon leis an timpeallacht féin a fheabhsú.

Déan teagmháil linn

Lean orainn ar na meáin shóisialta nó cur glaoch orainn