Skip to main content

Tá Uisce Éireann ag obair chun críoch agus deireadh a chur le Fógra 'Uisce a Fhiuchadh' do limistéir logánta i mBaile Locha Riach

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Clár oibre suntasach ag dul chun cinn chun idir caighdeán agus soláthar uisce do chustaiméirí i mBaile Locha Riach a fheabhsú

Tá Uisce Éireann ag déanamh dul chun cinn le hoibreacha chun an líonra uisce i mBaile Locha Riach a fheabhsú ionas gur féidir deireadh a chur leis an 'bhFógra Uisce a Fhiuchadh'a luaithe agus is féidir é. 

Is éard atá i gceist leis an tionscadal atá á chur i gcrích i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe ná 1.8km de phiobán iarainn a bhaint amach agus píobán nua a chur ina áit.

Mhínigh Justin Doran ó Uisce Éireann go mbeidh ar chumas Uisce Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le deireadh a chur leis an bhFógra 'Uisce a Fhiucadh'sna codanna sin den líonra ina gcuirfear píobán nua in áit na seanphíobáin iarainn.

''Tá criúnna ag obair i láthair na huaire chun 619M de phiobán nua a leagadh as an 1.8 km den seanphíobán iarainn atá le hathnuachán. Is céim bhunriachtanach í seo chun an soláthar uisce a chuirtear ar fáil chuig tithe agus chuig gnónna i mBaile Locha Riach a chosaint agus cinnteoidh an obair seo go mbeidh an soláthar uisce amach anseo níos sábháilte, níos iontaofa agus níos inbhuanaithe.''

"Ba mhaith linn ár leithscéal a ghabháil as an gcur isteach ar chustaiméirí ar an soláthar seo. Táimid ar ár seacht ndícheall an clár bunriachtanach oibríochtaí seo a chur i gcrích don mbaile ar an mbonn is tapúla agus is éifeachtúla, ionas go mbeidh  soláthar sábháilte agus iontaofa uisce ann do na gliúnta amach romhainn."

Tá tosaíocht tugtha ag Uisce Éireann d'oibríochtaí faoin gClár Náisiúnta Laghdaithe Sceití. Is clár é a laghdaíonn leibhéal ard sceite agus cuireann sé feabhas ar chaighdeán uisce, rud a chiallíonn go mbeidh soláthar uisce níos iontaofa ar fáil do phobail. 

Tá 'Farrans Construction' i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe ag déanamh na hoibre ar son Uisce Éireann agus táthar ag tuar go mbeidh an tionscadal críochnaithe faoi Earrach na bliana 2024. Go dtí sin leanfaimid ag aghaidh ag déanamh monatóireacht ar an soláthar uisce áitiúil d'fhonn sláinte ár gcustaiméirí a chosaint.

Mar chuid den gclár laghdaithe sceití leagfar síos naisc nua do sheirbhís uisce ón bpríomhphíobán poiblí uisce ar an mbóthar chuig teorainn áitreabh na gcustaimérí agus nascfar é sin le soláthar uisce na gcustaiméirí.

Ar mhaithe leis an gcur isteach ar chustaiméirí ar laghdú, déanfar an obair a theorannú go codanna gearra agus cuirfear córas bainstithe tráchta i bhfeidhm do thréimhse an tionscadáil ionas go seachadfar na oibreacha go sábháilte agus go héifeachtach.

Tá na seans ann go gcuirfear isteach ar feadh tréimhsí gearra ar an soláthar uisce. Cinnteoidh foireann an tionscadail go gcuirfear custaiméirí ar an eolas 48 uair a'chloig sula mbeidh ar aon chur isteach ar an soláthar uisce.

Idir na dá linn, is mian le hUisce Éireann agus le Comhairle Contae na Gaillimhe a mheabhrú do chustaiméirí go bhfuil an 'Fógra Uisce a Fhiuchadh' i bhfeidhm go fóill do roinnt limistéar lena n-áirítear, Sráid an Chaisleáin, Sráid na hEaglaise, Sráid Uí Chonraoi, Sráid Uí Cheallaigh, Sráid Phiogóid, Sráid Dolphin, Corrán Chnoc Chairméal, Bóthar Bhaile Átha an Rí, Ardán Liam Uí Mhaoilíosa, Sráid Cross, Ionad Cúraim Lae Naomh Breandán agus an L-8273 idir Bóthar an Ghoirt agus Seanbhóthar na Gaillimhe.

Eisíodh an fógra chun sláinte tomhaltóirí a chosaint agus toisc gur aimsíodh leibhéil ró-ísle chloirín san uisce  agus ardleibhéil iarainn agus moirtiúlachta sa soláthar uisce phoiblí.

Tá léarscáil den limistéar atá buailte ar fáil ar ár láithreán gréasáin sa chuid dar teideal Supply and Service Section . Is féidir le custaiméirí féachaint cibé an bhfuil a n-áitreabh san áireamh trí chuairt a thabhairt ar water quality section den láithreán gréasáin agus Éirchód an áitribh a chur isteach nó trí ghlaoch gutháin a chur ar líne-chabhrach Uisce Éireann do chustaiméirí, atá ar oscailt 24/7 ar an uimhir 1800 278 278.

Déanfar teagmháil go díreach le custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le hUisce Éireann maidir leis an bhFógra Uisce a Fhiuchadh agus meabhraítear dóibh gur féidir an t-uisce a ól tar éis é a fhiuchadh agus a fhuarú.

Ní foláir uisce a fhiuchadh (ar fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad agus lig dó fuarú ansin) má úsáidtear é:

  • Lena ól
  • Do dheochanna a dhéantar le huisce
  • Chun sailéid agus bianna comhchosúla a ullmhú, nach ndéantar a chócaráil sula n-itear siad
  • Chun oighear a dhéanamh ach déan deimhin de go gcaitheann tú amach aon chiúb oighir atá ann cheana i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí.

Cad ba chóir a dhéanamh?
Úsáid uisce a ullmhaíodh lena ól agus bianna nach gcócarálfar á ullmhú ( e.g. sailéid a ní);

  • Is féidir an tuisce a úsáid do shláinteachas pearsanta, folcthaí agus leithris a shruthlú ach níl sé sábháilte chun fiacla a scuabadh nó chun béal duine a fholcadh
  • Fiuch an t-uisce go mbeidh gal láidir ag teacht ón uisce go leanúnach ( mar shampla le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú. Clúdaigh é agus stóráil é sa chuisneoir nó in áit fuar. Níl uisce ón sconna te sábháilte lena ól. Ní fhágfaidh scagairí uisce tí go bhfuil an t-uisce sábháilte lena ól. 
  • Ba choir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí lena chinntiu nach slogfaidh said  an t-uisce folctha.
  • Ag Ullmhú Bainne Foirmle Do Naíonáin Nuair atá Fógra 'Ná hÓltar an tUisce' i bhfeidhm, is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna a cuireadh ar fiuchadh é uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus gur ligeadh dó fuarú roimh ré. Is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce buidéil. Rialaítear uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad 'Uisce Mianra Nádúrtha' air a úsáid toisc go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé gur annamh a bhíonn sé sin i gceist. Is féidir 'Uisce Mianra Nádúrtha' a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, don tréimhse is lú ama is féidir; tá sé fíorthábhachtach go mbíonn a ndóthain le hól ag leanaí. Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun bainne foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad), agus lig dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint as foirmle réidh-le-húsáid nár ghá a thuilleadh uisce a chur isteach ann.

Ba cheart go láimhsealfaí uisce fiuctha go cúramach chun dó agus scalladh a sheachaint. Is furasta do thimpíste tarlú go mór mhór nuair a bhíonn leanaí thart.

Beidh faisnéis chun dáta ar fáil ar Water Supply Updates agus léarscáil den limistéar atá buailte, ar Twitter @IWCare agus ar an líne chabhrach do chustaiméirí atá ar fáil 24/7 ar 1800 278 278.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.