Skip to main content

Tréimhse Iarratas Ceangail

A luaithe agus a théann tú i dteagmháil linn maidir le ceangal nua nó modhnaithe is ea is fearr é maidir le a bheith in ann do chuid spriocanna ama a bhaint amach. Moltar go láidir duit imeacht i dteagmháil le hUisce Éireann le hiarratas ceangail a luaithe sa tionscadal agus is féidir.

Iarratas a dhéanamh do Cheangal

Ba chóir duit d'fhoirm Iarratas Ceangail a chur isteach a luaithe agus a fhaightear cead pleanála.

Measúnú ar Iarratas Cheangail Nua

Déanfaidh Uisce Éireann d'iarratas a mheas le deimhniú go bhfuil sé fós indéanta, agus déanfaimid an réiteach dearaidh is lú costais a thomhas duit.

Promhadh Dearadh

Baineann seo le forbairtí tithíochta amháin ar ghá bonneagar a ghlacadh faoina chúram. Is féidir Uisce Éireann obair i gcomhar leat chun dearadh an bhonneagair áitiúil a phromhadh.

Tairiscint a fháil

Eiseoidh Uisce Éireann tairiscint ceangail duit, lena sonraítear costais agus na hoibríochtaí de dhíth chun do cheangal a chumasú. Is é 16 seachtaine an meán-amlíne ó Iarratas Ceangail go Tairiscint

Glacadh leis an Tairiscint

Is féidir dul isteach i gcomhaontú Ceangail le hUisce Éireann trí ghlacadh leis na téarmaí agus coinníollacha lena leagtar amach sa Tairiscint, lena ndéanfar an íocaíocht riachtanach agus an doiciméadúchán a shíniú agus a thabhairt ar ais taobh istigh de thréimhse bailíochtaithe na tairisceana.

Céim Thógála

I ndiaidh duit glacadh leis an tairiscint, is féidir tús a chur le hÁrachas Cáilíochta ar ghá a glacadh faoi chúram amach anseo, déanfar é seo a chur i gcrích trí iniúchtaí a dhéanamh ar an mbonneagar agus é á suiteáil.

Ceangal Fisiceach

Déanfar na sonraí a leagan amach sa Tairiscint Ceangail maidir leis na hoibríochtaí atá de dhíth chun do cheangal fisiceach a dhéanamh. Tógann sé 12 sheachtain ar an meán ó Cheadúnas Oscailte Bóithre a fháil go ceanglas a chur i gcrích.

Eisiúint Phacáiste Fáilte

Eiseoidh Uisce Éireann pacáiste fáilte a luaithe agus a chuirtear oibríochtaí ceangail i gcrích. Déanfar an nós imeachta ar ghá leanúint i gcás athdhíol réadmhaoine a leagan amach sa phacáiste fáilte seo.

Ceangailte le Líonra Uisce Éireann

A luaithe agus atá tú ceangailte beidh tú in ann leas iomlán a bhaint as ár gcuid seirbhísí.

Tosaigh d'Iarratas Ceangail

Tá Uisce Éireann freagrach as ceangail uisce agus fuíolluisce go tithe agus gnólachtaí ar fud na tíre. Táimid ag obair i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla chun ceangal uisce a fháil a dhéanamh níos fusa.