Skip to main content

Bí Ceangailte

Is féidir leat cineál an cheangail le seirbhísí uisce a theastaíonn uait a roghnú thíos. Ag brath ar an gcéim den phróiseas pleanála ag a bhfuil tú, beidh ort foirm Fiosrúcháin Réamh-cheangail nó foirm Iarratais ar Cheangal a líonadh.

Roghnaigh cineál an cheangail le seirbhísí uisce a theastaíonn uait. Tabhair faoi deara go bhféadfadh cúnamh gairmiúil a bheith de dhíth chun an fhoirm a chomhlánú ina hiomláine agus chun moilleanna a sheachaint.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise

Tá Uisce Éireann faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 ("FOIA") agus faoi réir na gcód cleachtais arna n-eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a d'fhéadfaí a leasú, a nuashonrú nó a athsholáthar ó am go cheile. Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, cuirtear ar chumas bhaill an phobail rochtain a bheith acu ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí faoi réir díolúintí áirithe amhail nuair nach féidir na taifid arna n-iarraidh a eisiúint, mar shampla chun cearta ar phríobháideachas duine aonair eile a chosaint nó chun faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a chosaint.

Lipéadaigh go soiléir aon doiciméad nó aon chuid de ina bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de. Ní ghlacann Uisce Éireann le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a thagann chun cinn mar thoradh ar iarratais um shaoráil faisnéise a phróiseáil.

Ceisteanna faoi Cheangail?

Má tá ceist agat faoi iarratas a chuir tú isteach, nó má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait sula ndéanfaidh tú iarratas, comhlánaigh an Fhoirm Teagmhála Ginearálta um Cheangail.