Skip to main content

Cead faighte maidir le hinfheistíocht €50m sa Bhonneagar Fuíolluisce do Ráth Mealtain, do Bhaile na nGallóglach agus do Ráth Maoláin

Cuireann Uisce Éireann fáilte roimh an gcinneadh a ghlac an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD, chun faomhadh aireachta a dheonú le haghaidh Scéim Séarachais Ráth Mealtain, Bhaile na nGallóglach agus Ráth Maoláin a fhorbairt. Mar thoradh ar an scéim séarachais nua cuirfear feabhas suntasach ar cháilíocht an uisce trí dheireadh a chur le scaoileadh camrais neamhchóireáilte go díreach isteach in Inbhear na Leanainne, i Loch Súilí agus i Maggy's Burn, chun an comhshaol a chosaint agus forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a thacú.

Tá na pleananna beagnach i gcrích agus fuarthas na ceaduithe pleanála agus na tailte atá riachtanach. Críochnaíodh soláthar an chonartha tógála go rathúil agus anois, tar éis toiliú an Aire a fháil, is féidir tús a chur leis an obair thógála láithreach bonn. 

Áirítear leis an tionscadal forbairt ionaid cóireála fuíolluisce úrscothaigh nua ag Tír Rodaigh lena ndéanfar freastal ar choibhéis daonra de thimpeall 5,500. Áireofar leis an tionscadal freisin díchoimisiúnú an bhonneagair atá ann atá ag tearcfheidhmiú, lena n-áirítear an t-ionad cóireála ag Baile na nGallóglach agus an dabhach shéarachais ag Ráth Maoláin, mar aon le stáisiúin chaidéalaithe nua a thógáil ag Baile na nGallóglach, Ráth Mealtain agus Ráth Maoláin. Le príomhphíobán aníos nua aistreofar fuíolluisce ó na stáisiúin chaidéalaithe chuig an ionad cóireála nua ag Tír Rodaigh. Beidh sé riachtanach píobán sceite nua a thógáil, trína ndéanfar sceitheadh sábháilte fuíolluisce chóireáilte a éascú isteach i Loch Súilí.

Dúirt Ceannasaí Réigiúnach Uisce Éireann Patrick Greene nach bhfacthas méid sholáthar an bhonneagair chriticiúil sin riamh.

"Tá €100m á infheistiú againn i dTír Chonaill mar chuid de sholáthar roinnt tionscadal straitéiseach de réir mar a dhéanaimid ár ndícheall chun seirbhísí agus bonneagar fuíolluisce den chéad scoth a sholáthar d'Éirinn anois agus amach anseo. Cuirimid fáilte roimh chinneadh an Aire chun cead a dheonú don tionscadal lena ligfear dúinn dul ar aghaidh le forbairt an tionscadail ríthábhachtaigh sin. Tá sé fós ina eochairthosaíocht d'Uisce Éireann deireadh a chur le sceitheadh fuíolluisce neamhchóireáilte isteach in Inbhear na Leanainne, i Loch Súilí agus i Maggie's Burn agus is tionscadal criticiúil é seo maidir leis an gcomhshaol a chosaint mar aon le féachaint go seasfaidh an bonneagar an aimsir i dTír Chonaill don todhchaí." 

Dúirt Patrick freisin: "Leis an scéim séarachais bainfear an riosca do cháilíocht an uisce in abhantrach le sruth Loch Fearna agus Inbhear na Leanainne. Leis an tionscadal bainfear an riosca freisin do na limistéir faoi chosaint laistigh de Loch Súilí, lena n-áirítear na Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta, na Limistéir faoi Chosaint Speisialta, Uiscí Sliogéisc agus Uiscí Snámha ainmnithe, lena n-áirítear Trá Ráth Maoláin. Trí uisce níos glaine a bheith ann feabhsófar luach taitneamhachta na limistéar freisin, go háirithe i Ráth Maoláin lena gcuirfear le stádas Brait Ghoirm Thrá Ráth Maoláin a thabhairt ar ais. Leis an tionscadal feabhsófar cáilíocht an uisce agus sceitheadh bradáin go hionchasach i Maggie's Burn atá ina Uisce Salmainide ainmnithe. Leanfaimid ar aghaidh ag obair go dlúth leis an bpobal áitiúil agus déanfaimid nuashonruithe breise a eisiúint de réir mar a chuirfimid an tionscadal ríthábhachtach seo chun cinn".

Tá an-leas á bhaint ag clár sprioctha infheistíochta Uisce Éireann ar fud Thír Chonaill sa bhonneagar fuíolluisce atá ann cheana freisin do phobail ar fud an chontae. Sa Cheathrú Caol, i gCill Charthaigh agus in Ailt an Chorráin tá oibreacha ag dul chun cinn ar sceideal mar chuid d'infheistíocht €20m chun ionaid cóireála fuíolluisce nua agus bonneagar gaolmhar a sholáthar, agus deireadh á chur le sceitheadh camrais neamhchóireáilte isteach sa chomhshaol. Tá oibreacha mar chuid de Thionscadal Líonraí Séarach €31m Bhun Cranncha, Bhealach Féich & Shrath an Urláir chun tosú freisin sna míonna le teacht. Tá pleananna á gcur chun cinn ag Uisce Éireann freisin mar chuid de sholáthar ionad cóireála fuíolluisce úrscothach nua i gCarraig Airt, i gCill Mhic Réanáin agus i dTamhnach an tSalainn. Ina theannta sin, i dTír Chonaill, le tionscadal Scéim Séarachais Chúl an Tí cuirfear deireadh le sceitheadh camrais neamhchóireáilte sa Daoil, rud lena bhfeabhsófar an toilleadh cóireála fuíolluisce agus lena ligfear d'fhás reatha agus amach anseo an daonra. Tá oibreacha mar chuid den tionscadal sin chun tosú sna míonna le teacht. 

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint. 

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.