Skip to main content

Talamh úr á bhriseadh i mBun Cranncha mar chuid d'infheistíocht €31 mhilliún i Scéim Séarachais nua

Tá infheistíocht €100m ag Uisce Éireann i mbonneagar fuíolluisce Dhún na nGall ag leanúint ar aghaidh.

Tá Uisce Éireann, agus é ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, réidh le tosú ar oibreacha i mBun Cranncha sna seachtainí le teacht mar chuid d'infheistíocht dar luach €31 mhilliún chun an bonneagar fuíolluisce i mBun Cranncha, i mBealach Féich agus i Srath an Urláir a uasghrádú. Mar thoradh ar an scéim séarachais cuirfear feabhsuithe suntasacha ar cháilíocht an uisce i Loch Súilí agus san Fhinn trí dheireadh a chur le forsceitheadh uisce stoirme, tríd an gcomhshaol a chosaint agus trí thacú le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch.

Tá Scéim Séarachais Bhun Cranncha agus Bhealach Féich/Shrath an Urláir á cur chun cinn in dhá chéim, agus tá oibreacha tógála ar siúl cheana féin i mBaile Féich agus i Srath an Urláir ó Mhí Mhárta. Sa dara céim dheireanach de thógáil na scéime móire séarachais sin brisfear talamh úr i mBun Crannacha sna seachtainí le teacht.

Is forbairt shuntasach í an Scéim Séarachais do bhailte Bhun Cranncha, Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, agus beidh tairbhí ann mar thoradh uirthi maidir le timpeallacht nádúrtha áitiúil Loch Súilí agus na Finne, mar aon le tacaíocht le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na mbailte. 

Dúirt Clárbhainisteoir Uisce Éireann Eunan Canavan: "Tá lúcháir orainn tabhairt chun críche na mblianta d'obair chrua i bpleanáil agus i bhforbairt na scéime séarachais seo a fheiceáil agus muid ag tosú ar thalamh úr a bhriseadh i mBun Cranncha an mhí seo. Tá na hoibreacha tógála a tosaíodh i mBealach Féich agus i Srath an Urláir i Mí Mhárta ag dul ar aghaidh go maith. Is príomhthosaíocht de chuid Uisce Éireann is ea deireadh a chur le forsceitheadh neamhchomhlíontach uisce stoirme isteach i Loch Súilí agus san Fhinn, an baol a laghdú go dtarlódh forsceitheadh le linn stoirmeacha, chomh maith le tacú le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch Bhealach Féich agus Shrath an Urláir amach anseo. Tá an tionscadal seo ríthábhachtach chun an comhshaol a chosaint chomh maith le féachaint chuige go seasfaidh an bonneagar i mBun Cranncha, i mBealach Féich agus i Srath an Urláir an aimsir."

Dúirt Eunan freisin: "Tá scála na hinfheistíochta i nDún na nGall agus soláthar an bhonneagair chriticiúil sin i mBun Cranncha, i mBealach Féich agus i Srath an Urláir thar a bheith suntasach. Tá thart ar €100m á infheistiú againn i nDún na nGall mar chuid de sholáthar roinnt tionscadal straitéiseach de réir mar a dhéanaimid ár ndícheall chun seirbhísí agus bonneagar fuíolluisce den chéad scoth a sholáthar d'Éirinn anois agus amach anseo."

I measc na n-oibreacha atá beartaithe do Bhun Cranncha tá soláthar stórála uisce stoirme ag Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhun Cranncha agus ag Stáisiún Caidéalúcháin Westbrook, rud a laghdóidh an baol go mbeidh forsceitheadh ann le linn stoirmeacha. Déanfar thart ar 3 km de líonra séarachais i mBun Cranncha a uasghrádú freisin chun a chumas a mhéadú, rud a éascóidh fás daonra an bhaile faoi láthair agus amach anseo. Áireofar leis na hoibreacha freisin uasghráduithe ar na stáisiúin chaidéalúcháin reatha ag Westbrook, Bóthar Dhoire, Lodán, Earlsfort agus The Pier, chomh maith le dhá phíobán forsceite stoirme atá ann cheana féin a dhíchoimisiúnú. 

Feicfidh cónaitheoirí Bhun Cranncha agus cuairteoirí air oibreacha ar siúl feadh Marian Park, Cahir O'Doherty Avenue, Aileach Road, Railway Road, Cockhill Road agus Castle Avenue a bheidh á ndéanamh ag Ward & Burke Water Limited thar ceann Uisce Éireann. 

Tá an-leas á bhaint ag clár sprioctha infheistíochta Uisce Éireann ar fud Dhún na nGall sa bhonneagar fuíolluisce atá ann cheana freisin do phobail ar fud an chontae. Sa Cheathrú Caol, i gCill Charthaigh agus in Ailt an Chorráin tá oibreacha ag dul chun cinn ar sceideal mar chuid d'infheistíocht €20m chun ionaid cóireála fuíolluisce nua agus bonneagar gaolmhar a sholáthar, agus deireadh á chur le sceitheadh camrais neamhchóireáilte isteach sa chomhshaol. Cuireadh tús le déanaí i mbliana le hoibreacha mar chuid de Scéim Séarachais dar luach €50m i Ráth Mealtain, i mBaile na nGallóglach agus i Ráth Maoláin. Tá pleananna á gcur chun cinn ag Uisce Éireann freisin mar chuid de sholáthar ionad cóireála fuíolluisce úrscothach nua i gCarraig Airt, i gCill Mhic Réanáin agus i dTamhnach an tSalainn. Ina theannta sin, i nDún na nGall, le tionscadal Scéim Séarachais Chúl an Tí cuirfear deireadh le sceitheadh camrais neamhchóireáilte sa Daoil, rud lena bhfeabhsófar an acmhainneacht cóireála fuíolluisce agus lena ligfear d'fhás reatha agus amach anseo an daonra. Tá oibreacha mar chuid den tionscadal sin chun tosú sna seachtainí le teacht. 

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint. 

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.