Skip to main content

Fógra Beirithe Uisce eisithe do Sholáthar Uisce Poiblí Réigiún na Rosann

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

I ndiaidh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag eisiúint Fógra Beirithe Uisce, le héifeacht láithreach, do chustaiméirí a fhaigheann a gcuid uisce ó Sholáthar Uisce Poiblí Réigiún na Rosann. 

Tá an fógra seo, a éiríonn as deacrachtaí oibríochtúla agus meicniúla ag Ionad Cóireála Uisce Chroithlí de bharr na haimsire sioctha atá ann faoi láthair, á chur i bhfeidhm le sláinte thart fá 10,000 custaiméir a chosaint. 

Is iad na ceantracha lena mbaineann an Fógra Beirithe Uisce ná Croithlí, Loch an Iúir, Anagaire, Cionn Caslach, An Clochán Liath, Gaoth Dobhair, Oileán Ghabhla, Oileán Inis Fraoigh agus gach ceantar agus gach grúpscéim uisce a dtig a soláthar uisce ó Ionad Cóireála Uisce Chroithlí. 

Thig le Custaiméirí seiceáil an bhfuil a bhfoirgneamh/a dteach san áireamh trí chuairt a thabhairt ar leathanach Cáilíocht an Uisce ar www.water.ie agus Éirchód na háite a chur isteach nó trí scairt a chur ar líne cúnaimh custaiméara Uisce Éireann, atá ar fáil 24/7, ar 1800 278 278. Tá léarscáil den cheantar atá i gceist ceangailte leis seo, agus tá sí ar fáil le léamh ar leathanach 'soláthar agus seirbhís' an tsuímh www.water.ie. 

Cuirfear isteach ar an tsoláthar uisce ata ag roinnt custaiméirí inniu ar Sholáthar Uisce Poiblí Réigiún na Rosann, ach táthar ag súil go mbeidh soláthar iomlán ar fáil arís tráthnóna inniu. Moltar do chustaiméirí uisce a bheiriú sula n-óltar é, go dtí go gcluinfidh siad fógra eile ag cur in iúl nach gá sin a dhéanamh. 

Tá saineolaithe uisce óil ó Uisce Éireann agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ag obair leis na fadhbanna a réiteach ag an ionad cóireála agus déanfar an fógra sealadach seo a chealú chomh luath agus atá sé sábháilte sin a dhéanamh, i gcomhairle leis an FSS. 

Tá Seamus O'Brien ó Uisce Éireann iontach buartha faoin chur isteach atá ag tarlú do chustaiméirí anois, agus dúirt sé: "Tá an aimsir shioctha i ndiaidh cur isteach ar chumas cóireála an ionaid. Is í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí d'Úisce Éireann, agus ba mhaith linn a chur in iúl do chustaiméirí go bhfuil an fógra seo á chur i bhfeidhm le sláinte an phobail a chosaint. Tuigeann muid frustrachas an phobail go mór, agus thig linn a dheimhniú go bhfuil muid ar ár seacht ndícheall anois leis na fadhbanna atá ag cur isteach ar an ionad cóireála a réiteach. Gabhann muid ár léithscéal arís as an trioblóid a chruthaíonn sé seo do dhaoine."

Tá caighdeáin uisce óil Uisce Éireann iontach docht daingean, i gcomhréir le rialacháin Uisce Óil an AE, agus tá na corrlaigh shábháilteachta (safety margins) iontach leathan. Nuair a aithnítear contúirtí do cháilíocht an uisce tríd an tástáil agus faireachan níos géire a dhéanann Uisce Éireann, déantar teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus eisítear Fógraí Beirithe Uisce chun sláinte an phobail a chosaint. In achan uile chás, déantar gníomh láithreach chun dul i ngleic le cúis na faidhbe le go dtig an fógra a chealú chomh luath agus atá sé sábháilte sin a dhéanamh, i gcomhairle leis an FSS. 

Aon chustaiméir leochaileach atá cláraithe le hUisce Éireann, faigheann siadsan cumarsáid dhíreach i dtaca le Fógraí Beirithe Uisce. Cuirtear i gcuimhne do chustaiméirí go bhfuil sé sábháilte an t-uisce a ól nuair a bhíonn sé beirithe. 

Is gá uisce a bheiriú do na húsáidí seo a leanas:

  • Deochanna a dhéantar le huisce;
  • Sailéid agus bia den chineál sin a ullmhú, bia nach ndéantar a chócaráil sula n-itear é;
  • Fiacla a scuabadh
  • Oighear a dhéanamh - caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí, chomh maith le huisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce atá beirithe. 

Cad iad na rudaí ba chóir a dhéanamh: 

  • Úsáid uisce beirithe nuair atá bia á ullmhú nach ndéanfar a chócaráil (e.g. ag ní sailéad);
  • Thig uisce a úsáid fá choinne sláinteachas pearsanta, ag folcadh agus ag sruthlú an leithris, ach chan fá choinne scuabadh fiacla ná folcadh béil;
  • Beirigh an t-uisce trí é a thabhairt go dtí pointe ina bhfuil sé ag boilgearnach go bríomhar (e.g. le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú. Clúdaigh é agus cuir sa chuisneoir é nó in áit atá fuar. Níl sé sábháilte uisce a ól ón sconna te. Ní leor scagóirí uisce tí le huisce a dhéanamh sábháilte le hól. 
  • Ba chóir a bheith cúramach nuair a bhíonn páistí san fholcadán lena chinntiú nach n-ólfaidh siad aon uisce folctha de thaisme;
  • Foirmle Linbh a ullmhú: Nuair a bhíonn fógra beirithe uisce i bhfeidhm, thig leat foirmle linbh a ullmhú le huisce ón sconna atá beirithe uair amháin (ag boilgneach ar feadh Bomaite Amháin) agus fuaraithe roimh ré. Is féidir uisce buidéalaithe a úsáid chun foirmle linbh a ullmhú chomh maith. Rialaítear gach uisce buidéalaithe, seachas uisce nádúrtha mianraí, go dtí an caighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce buidéalaithe a bhfuil 'Uisce Nádúrtha Mianraí' (nó Natural Mineral Water) scríofa air a úsáid, mar go dtig leibhéil iontach ard sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, ach is annamh é. Is féidir Uisce Nádúrtha Mianraí a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ar fáil, ar feadh an achair ama is gairide agus is féidir, mar go bhfuil sé tábhachtach leanaí beaga a choinneáil uiscithe. Má úsáidtear uisce buidéalaithe le foirmle linbh a ullmhú, ba chóir é a bheiriú uair amháin (ag boilgneach ar feadh Bomaite Amháin), agus é fuaraithe mar is gnáth. Is féidir foirmle 'réidh-le-húsáid', nach bhfuil aon uisce breise de dhíth fána choinne, a úsáid chomh maith.  
  • Ba chóir a bheith an-chúramach ar fad le huisce beirithe chun scalladh agus dó a sheachaint, mar go dtig le timpistí a tharlú go hiontach furasta, go háirithe le páistí. 

Tá an scéal is déanaí ar fáil ar Leathanach Nuachta an tsuímh water.ie, ar Twitter @IWCare agus tríd an líne chúnaimh atá againn do chustaiméirí, ar fáil 24/7, ar  24/7 on 1800 278 278. 

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.