Skip to main content

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce an Iardheiscirt

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce an Iardheiscirt

Mar gheall ar fhorbairt an Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce an Iardheiscirt (PRAU-ID), beidh Uisce Éireann in ann den chéad uair riamh athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanais soláthair uisce go ginearálta do Réigiún an Iardheiscirt ina iomláine agus ó thaobh gach cineáil riosca de, lena n-áirítear cáilíocht, cainníocht, iontaofacht agus inbhuanaitheacht. Cuirtear ar ár gcumas roghanna áitiúla a bhreithniú chun dul i ngleic leis na riachtanais sin agus ar Roghanna Réigiúnacha níos mó lena mbeifear in ann dul i ngleic le riachtanais thar sholáthairtí iomadúla. 

Mar chuid den PRAU-ID, rinne Uisce Éireann athbhreithniú ar riachtanais an tsoláthair uisce ar fud 174 crios acmhainní uisce agus d'aithin siad roghanna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas ar bith eile. Cuirtear ar ár gcumas leis an bplean roghanna áitiúla a bhreithniú chun dul i ngleic le riachtanais laistigh de sholáthairtí aonair sin agus ar roghanna réigiúnacha lena mbeifear in ann dul i ngleic le riachtanais thar sholáthairtí iomadúla. 

Mar thoradh ar an gcomhairliúchán poiblí maidir le Céim 2 den Dréacht PRAU-ID agus na tuarascálacha timpeallachta lena mbaineann, cuireadh na haighneachtaí agus na tuairimí a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí san áireamh, agus rinneadh uasdátú ar an PRAU-ID. 

Tá níos mó sonraí ar fáil inár mbróisiúr faisnéise ar an PRAU-ID agus ar an gcomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl.

Tá an PRAU-ID glactha anois, agus tá Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Cinneadh maidir le Measúnacht Chuí ag gabháil leis. Foilsíodh Tuarascáil um Chomhairliúchán ina ndéantar achoimre ar an aiseolas a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí chomh maith.

Áirítear na nithe a leanas le toradh an PRAU-ID: 

  • Laghdú a dhéanamh ar líon na gCriosanna Acmhainní Uisce i Réigiún an Iardheiscirt ó 174 go 92. 
  • Criosanna Acmhainní Uisce idirnasctha móra a fhorbairt do na limistéir uirbeacha sa réigiún. 
  • 137 ionad cóireála uisce atá ann cheana a uasghrádú chun an riosca a bhaineann le cáilíocht uisce a laghdú ar fud na CAUnna ar fad,
  • Soláthairtí a idircheangal trí 644 chiliméadar de mhór-phríomhphíobáin a thógáil. 
  • 17 n-ionad cóireála uisce nua a fhorbairt. 
  • 90 ionad cóireála uisce a dhíchoimisiúnú de réir a chéile

Sceitheadh a laghdú go dtí 23% den éileamh réigiúnach trí bhainistíocht brú, rialú gníomhach sceite, agus athsholáthar spriocdhírithe sócmhainní. 

Áirítear na nithe seo leis na torthaí agus na tairbhí a bhaineann leis an gCur Chuige Roghnaithe Réigiúnach sin: 
  • Feidhmíocht fheabhsaithe ar fud na soláthairtí uisce uile ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de. 
  • Claochlú straitéiseach ón soláthar ilroinnte atá ann cheana chuig soláthar idirnasctha atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe. 

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce: Foilseacháin Iardheiscirt

Réigiúnach um Acmhainní Uisce: Foilseacháin Iardheiscirt

Nóta: Baineadh dhá chomhad faisnéise ón dréachtphlean PRAU-ID freisin as na doiciméid a úsáidfidh an GCC le linn an phróisis comhairliúcháin.

  1. "Forléargas ICUnna" ina dtaispeántar sonraí comhdhlúite na nIonad Cóireála Uisce don réigiún. Tá nasc leis sin curtha ar fáil ar an suíomh gréasáin.
  2. "Sonraí maidir le hastarraingtí nua agus méadaithe atá beartaithe do Réigiún an tIardheisceart ", ina dtaispeántar na sonraí comhdhlúite Astarraingtí don réigiún. De réir Airteagal 8 2(a)(iii) de Threoir (AE) 2020/2184, an Treoir maidir le hUisce Óil (athmhúnlú) ina sonraítear "geothagairtí do gach pointe astarraingthe sna dobharcheantair; ós rud é go bhféadfadh na sonraí sin a bheith íogair, go háirithe i gcomhthéacs na sláinte poiblí agus na slándála poiblí, cinnteoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí sin a chosaint agus a chur in iúl do na húdaráis ábhartha agus do na soláthairtí uisce amháin", ní fhoilseofar an fhaisnéis seo.

Réigiún an Iardheiscirt

Clúdaíonn an Réigiún thart ar 13,000 ciliméadar cearnach (arb ionann é agus 20% de Phoblacht na hÉireann) agus síneann sé amach ó ghob theas na tíre ó Uíbh Ráthach in iardheisceart Chontae Chiarraí, ó thuaidh go dtí Inbhear na Sionainne, agus soir ó dheas ag dul trí chontae Chorcaí isteach go contae Phort Láirge go dtí an Mhuir Cheilteach in Eochaill. Faigheann an réigiún tacaíocht ó ghréasán láidir príomhbhailte a sholáthraíonn fostaíocht sheasmhach agus acmhainneacht fáis eacnamaíoch. Soláthraíonn Uisce Éireann thart ar 316 mhilliún lítear uisce in aghaidh an lae do dhaonra atá comhdhéanta de 594,400 duine agus 45,000 gnólacht i Réigiún an Iardheiscirt. Is ionann é sin agus níos mó ná 18% de sholáthar iomlán Uisce Éireann ar fud na tíre.

Aimsigh do bhaile fearainn

Tá liosta de na cathracha, na bailte, na sráidbhailte agus na bailte fearainn a chumhdaítear leis an bPlean Réigiúnach seo ar fáil sna naisc thíos. Faightear an t-eolas a chuirtear ar fáil i liostaí na mbailte fearainn, na mbailte agus na lonnaíochtaí a chuimsítear i bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce Réigiún an Iardheiscirt ó Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann.

Limistéir pleanála réigiúnaí

Tuarascálacha Teicniúla na Limistéar Staidéir

Chun an PRAU-ID dréachta a sholáthar, rinneamar an réigiún a fhoroinnt ina aonaid bheaga chun cur ar ár gcumas bainistíocht a dhéanamh ar an bpróiseas um réitigh fhéideartha soláthair uisce (Roghanna) a shainaithint agus ár gCineálacha Cur Chuige Roghnaithe a roghnú chun easnaimh inár soláthar uisce agus i gcáilíocht an uisce a réiteach. Tugtar Limistéir Staidéir ar na haonaid bheaga sin. Soláthraítear Tuarascáil Theicniúil mhionsonraithe do gach Limistéar Staidéir ina gcuirtear síos ar na cineálacha réitigh ar leibhéal an Limistéir Staidéir agus ina soláthraítear achoimre ar an bpróiseas mionsonraithe um Roghanna agus Cineálacha Cur Chuige a Fhorbairt agus na torthaí a thagann astu le haghaidh gach Limistéir Staidéir. Soláthraítear tuarascálacha teicniúla na Limistéar Staidéir mar aguisíní a ghabhann leis an PRAU-ID dréachta. Tá Réigiún an Iardheiscirt comhdhéanta de thrí Limistéar Staidéir, mar a léirítear san íomhá seo a leanas.

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - Réigiún an Iardheiscirt taifeadadh seimineáir gréasáin

Treochlár Comhairliúcháin Phoiblí PRAU an Iardheiscirt

Físeán de Phlean Réigiúnach Acmhainní Uisce Réigiún an Iardheiscirt