Skip to main content

Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce

Cad atá sa Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce?

Ghlacamar leis an gCreatphlean den Phlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU) i samhradh na bliana 2021, agus ansin chuireamar tús le céim 2 den PNAU. Is é atá i gceist leis an gcéim sin ná ceithre Phlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce a fhoilsiú le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Tá na pleananna sin bunaithe ar an modheolaíocht a úsáideadh sa Chreatphlean agus ar an modheolaíocht sin a úsáid maidir leis na Grúplimistéir Réigiúnacha de Sholáthairtí Uisce atá mar chuid dár soláthar uisce poiblí náisiúnta.

Is iad seo na ceithre réigiún:

Rinneadh an méid seo a leanas i ngach Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce:

  • Modheolaíocht an Chreatphlean a úsáid maidir leis na Grúplimistéir Réigiúnacha de Sholáthairtí Uisce.

  • Réitigh réigiúnacha a fhorbairt le haghaidh na soláthairtí uisce uile laistigh de na grúplimistéir sin.

Tabharfar na réitigh réigiúnacha le chéile agus tabharfar tosaíocht dóibh i dteannta a chéile a luaithe a ghlacfar le gach aon cheann de na ceithre dhréachtphlean PRAU ar leibhéal náisiúnta.

Bhain céim ar leith de chomhairliúchán poiblí le gach aon cheann de na ceithre dhréachtphlean PRAU agus na tuarascálacha timpeallachta a bhí ag gabháil leo.

Tá glactha leis an bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - an tOirdheisceart (PRAU-OD) anois, agus ciallaíonn sé seo go bhfuil an dara céim forbartha (an chéim dheiridh) den Phlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce curtha i gcrích. Is iad na ceithre Phlean Réigiúnacha um Acmhainní Uisce in éineacht lenár gCreatphlean, an chéad PNAU de chuid na hÉireann riamh.