Skip to main content

Clár Náisiúnta an Laghdú Sceite

Caillimid go leor dár gcuid uisce sula sroicheann sé ár sconnaí. Tá muid infheistíocht a dhéanamh €500 milliún sa lionra uisce poiblí go dtí deireadh 2021, chun sceití a laghdú agus soláthar níos fearr a fháil.

An dúshlán a bhaineann le sceití

Gach lá caillimid thart ar 42% dár gcuid uisce sula sroicheann sé ár sconnaí. Bíonn sé deacair sceitheadh a fháil toisc go dtarlaíonn siad sa líonra píopaí faoin talamh. Tá go leor de na píopaí seo sean agus millte anois agus caithfear iad a dheisiú nó a athsholáthar chun ár gcáilíocht agus ár soláthar uisce a fheabhsú. In ainneoin é sin, tá dul chun cinn á dhéanamh againn. In 2018 ba é an ráta sceite go náisiúnta ná 46%, agus táimid ar an mbealach chun ráta sceite náisiúnta de 38% a bhaint amach faoi 2021.

Icon

63,000

ciliméadar píopaí

Icon

200+

Saneolaí ag deisiú na sceití

Icon

1,500

Sceitheadh deisithe gach mí

Icon

166m

Lítear uisce sábháilte in aghaidh an lae faoi 2021

Ár bplean d'Éirinn

Mar chuid den Chlár Náisiúnta an Laghdú Sceite, táimid ag obair le hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre chun 1,500 sceitheadh a shocrú in aghaidh na míosa. Tá ár bhfoirne ag obair go crua chun na sceitheanna seo a aimsiú agus a shocrú ar fud na tíre chun ár soláthar uisce a chosaint. Féach ar ár bhfíseáin thíos chun tuilleadh a fháil amach faoin gClár Náisiúnta an Laghdú Sceite agus faoin méid atá á dhéanamh againn chun sceitheadh a laghdú.

Táimid ar an mbealach chun 166 milliún lítear d'uisce óil a shábháil in aghaidh an lae faoi 2021.

Is leor an t-uisce sin chun 66 linn snámha de mhéid Oilimpeach a líonadh gach lá.

An chaoi a bhfuilimid ag laghdú sceitheadh

Tá 7 gcineál éagsúla oibre sa chlár Náisiúnta an Laghdú Sceite:

Icon

An Chéad Deisiú gan Chostas

Cuirimid imscrúduithe agus deisiúcháin sceite saor in aisce ar fáil i gcás ina bhfaightear sreabhadh leanúnach uisce ar phíopa soláthair uisce seachtrach na gcustaiméirí.

Icon

Aimsigh agus deisigh

Cuimsíonn an scéim seo saineolaithe a úsáideann trealamh fuaime faoi thalamh in áiteanna poiblí chun sceitheanna a aimsiú agus a dheisiú.

Icon

Athsholáthar Lionra

Tá ár gcuid píopaí faoin talamh le seirbhísí leictreachais, gáis agus teileachumarsáide agus mar sin sula ndéantar iad a athsholáthar, ní mór dúinn suirbhéanna píopaí faoi thalamh a dhéanamh ar dtús.

Icon

Athsholáthar Luaidhe

Is ábhar imní sláinte aitheanta é luaidhe in uisce óil. Táimid ag athsholáthar na bpíopaí luaidhe uile ar thaobh an phobail a nascann airíonna aonair leis an bpríomhlíonra uisce poiblí.

Icon

Bainistíocht brú

Bealach tábhachtach chun sceitheadh a laghdú is ea brú uisce ar an líonra poiblí a thomhas agus a bhainistiú. Nuair is gá brú a chothromú, cuirtear comhlaí speisialaithe ar na píopaí uisce poiblí.

Icon

Bunú Ceantair Méadar Dúiche

Tomhaistear sreabhadh uisce i réimsí ar leith ar an líonra chun na leibhéil sceitheadh a aithint. Nuair a thaispeántar leibhéil arda, treoraímid foirne chuig na ceantair seo chun na sceitheanna faoi thalamh a aimsiú.

Icon

Athsholáthar Meadair

Chun chinntiú go bhfuil méadair ghnó ag obair go héifeachtach, déanaimid suirbhé ar riocht na méadar atá ann, ag cinntiú go bhfuil na samhlacha cearta i bhfeidhm agus go ndéanaimid athsholáthar nuair mar is gá.

Cás-staideir

Léigh faoin gcaoi a bhfuil sceitheanna á socrú againn ar fud na tíre chun soláthar uisce níos iontaofa a sholáthar duit.

Scéal an Uisce

Clár faisnéise is ea é 'Scéal an Uisce', dírithe ar an luach criticiúil ár acmhainn nádúrtha luachmhar agus staid an líonra uisce poiblí. Féach ar ár gcaibidil maidir le sceití thíos.

An chéad deisiú gan chostas

Is é aidhm An Chéad Deisiú gan Chostas ná an méid uisce a chailltear trí sceitheanna ar áitribh chustaiméirí a laghdú. Déanfaimid fiosrúchán saor in aisce má tá seans ann go bhfuil sceitheadh ar do phíobán seachtrach soláthair, agus déanfaimid deisiúchán saor in aisce má aimsítear sceitheadh ar an bpíobán seachtrach soláthair.

*Go dtí seo, tá níos mó ná 150 milliún lítear uisce sábháilte in aghaidh an lae de bharr an scéim, go dtí deireadh an dara ráithe, 2019.

Na buntáistí a bhaineann leis an gClár Náisiúnta an Laghdú Sceite

  • Soláthar uisce níos iontaofa: Tá seans maith go bpléascfaidh seanphíopaí millte a dheisiú agus a athsholáthar, ag cur isteach do chustaiméirí a laghdú.

  • Cáilíocht uisce feabhsaithe: Rioscaí sláinte agus éilliú a laghdú trí phíopaí iarainn theilgthe agus luaidhe a chur in aois, a ndearnadh damáiste dóibh.
  • Leibhéil sceite a laghdú: An méid uisce óil glan a chailltear sa talamh a laghdú trí sheanphíopaí a ndearnadh damáiste dóibh a athsholáthar.
  • Naisc uisce: Cur isteach a laghdú trí naisc soláthair nua a chur in ionad seirbhísí roinnte agus clós cúil.

Nuacht agus an t-eolas is déanaí

Faigh amach níos mó faoin nuacht agus an t-eolas is déanaí maidir leis an gClár Náisiúnta an Laghdú Sceite

Seirbhísí custaiméar leochaileacha

Is féidir leat tú féin a chlarú nó duine éigin eile i do theach már custaiméar leochaileacha. Cláraigh ar líne nó cláraigh le sholáthar teachtaireachtaí téacs a fháil. Más mian leat labhair linn, glaoigh orainn ar 1800 278 278. Féadfaidh na rátaí ar uimhreacha 1800 a bheith éagsúil. D'fhéadfadh go mbeadh glaonna ó fhóin phóca níos costasaí.

Fan slán

Déanfaidh ár bhfoireann agus ár gconraitheoirí iad féin a aithint i gcónaí agus a gcárta aitheantais a thaispeáint duit. Mura bhfuil tú cinnte, diúltaigh rochtain agus glaoigh orainn ar 18000 278 278 nó dul chuig ár leathanach Fan Sábháilte.

Féach ar ár dtionscadail agus ár bpleananna

Téigh chuig ar ár dtionscadail agus ár bpleananna ionas gur féidir leat a fheiceáil ar na rudaí a bheith ar siúl i do cheantar