Skip to main content

Custaiméir leochaileach a chlarú

Tuigimid go bhfuil riachtanais éagsúla ar ár custaiméirí nuair a mbíonn síad ag úsáid ár tseirbhísí uisce agus teagmhála a dhéanamh linn. Táimid anseo chun cabhair a thabhairt dóibh.

Tá clár seirbhísí speisialta forbartha againn do chustaiméirí atá cláraithe mar dhaoine leochaileacha agus clár seirbhísí tosaíochta dóibh siúd atá cláraithe mar chleithiúnaithe criticiúla ar uisce.

Clár seirbhísí spéisíalta agus seirbhísí tosaíochta

Tá an Clár Seirbhísí Speisialta ann do chustaiméirí atá 66 bliana d'aois nó níos sine, lagamhairc, bodhar nó lagéisteachta, a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, míchumas intleachtúil nó deacracht sláinte meabhrach. Seolfaimid téacs chuig custaiméirí maidir le cur isteach neamhphleanáilte a d'fhéadfadh maireachtáil níos faide ná ceithre huaire an chloig agus d'imeachtaí ina bhfuil uisce mí-oiriúnach mar bhia don duine. Beidh muid i dteagmháil leat freisin dhá lá ar a laghad sula gcuirfear isteach ar phleananna.

Tá an Clár Seirbhísí Tosaíochta ann do chustaiméirí a bhfuil spleáchas criticiúil acu ar uisce mar thoradh ar a riocht míochaine. Beidh muid i dteagmháil leis na custaiméirí seo dhá lá ar a laghad roimh chur isteach pleanáilte, agus le haghaidh cur isteach neamhphleanáilte a d'fhéadfadh maireachtáil níos faide ná ceithre huaire an chloig.

Déan teagmháil linn

  • 1800 278 278 nó +353 1 707 2828 (oscailte 24/7). Féadfaidh na rátaí ar uimhreacha 1800 a bheith éagsúil. D'fhéadfadh go mbeadh glaonna ó fhóin phóca níos costasaí.
  • Scríobh chugainn: Uisce Éireann, Bosca OP 860, South City Delivery Office, Cathair Chorcaí
  • Ríomhphost: vulnerablecustomer@water.ie
  • Minicom LoCall 1800 378 378 (do chustaiméirí lagéisteachta lena dtrealamh féin)

Cláraigh mar dhaoine leochaileacha

Is féidir leat tú féin nó duine éigin i do theach a chlárú mar chustaiméir leochaileach ar líne, nó duine malartach a ainmniú chun déileáil le do bhillí agus do chomhfhreagras.