Skip to main content

Scéim Séarachais an Spidéil

Tionscadal Fuíolluisce

I gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe, tá oibreacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann ar Líonra Scéim Séarachais an Spidéil.

Leis an ionad cóireála fuíolluisce arna uasghrádú le déanaí mar aon leis an mbonneagar gaolmhar tabharfar tairbhí don Spidéal maidir le sláinte, sláine na timpeallachta agus cáilíocht fheabhsaithe an uisce do chách. Leis an tionscadal sin cuirfear deireadh le sceitheadh camrais neamhchóireáilte coibhéiseach le níos mó ná 600 araid rothaí isteach i gCuan na Gaillimhe gach lá.

Location
Gaillimh
Status
Completed
Type
Wastewater

Cad a bhí i gceist mar chuid den tionscadal sin?

Mar chuid den tionscadal €4.9 milliún sin, rinne Uisce Éireann an méid a leanas:

  • Thóg sé ionad cóireála fuíolluisce (ICF) nua a fhreastalóidh ar choibhéis daonra de 1000 duine.
  • Stáisiún caidéalúcháin nua faoi thalamh lena n-áirítear caidéil, gléasra meicniúil agus umar stórála uisce stoirme.
  • Píblínte séarachais chun fuíolluisce neamhchóireáilte a thabhairt chuig an ICF agus chun an t-uisce cóireáilte a thabhairt chuig an bpíblíne sceite.
  • Píblíne sceite nua chun fuíolluisce cóireáilte a sceitheadh ón ICF nua chuig an bpíobán sceite muirí atá ann cheana.
     

Cad iad na buntáistí a bhaineann leis an tionscadal seo?

Leis na hoibreacha uasghrádaithe a dhéanfar mar chuid den tionscadal seo déanfar an méid a leanas:

  • Feabhsófar cáilíocht an uisce agus sláine Chuan na Gaillimhe agus tairbhe á déanamh don iascaireacht agus do spóirt uisce eile.
  • Treiseofar luach taitneamhachta an Spidéil mar gheall ar thimpeallacht níos glaine, agus ar an mbealach sin gníomhóidh sé mar ardán le haghaidh forbairt shóisialta agus eacnamaíoch.
  • Cinnteofar go ndéanfar fuíolluisce a chóireáil i gcomhréir le Treoracha AE maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus i gcomhréir le ceadúnú um scaoileadh fuíolluisce na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.
     

Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tionscadail ag GalwayUWW@water.ie.

View all projects and plans

Visit our Projects section to find out what's happening in your area.