Skip to main content

An Clár Laghdaithe Sceite - An Luinnigh

An Clár Laghdaithe Sceite

Tá Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag athsholáthar an phríomhlíonra uisce atá ag dul in aois agus lena mbaineann fadhbanna ag An Luinnigh, Contae Dhún na nGall chun soláthar uisce níos iontaofa a sholáthar agus chun ardleibhéal sceite a laghdú.

Áirítear leis na hoibreacha beagnach 850 méadar de shean-phríomhlíonra uisce lena mbaineann fadhbanna a athsholáthar agus píobáin nua chomhaimseartha a chur ina náit. Tosóidh an clár chun an príomhlíonra uisce ag An Luinnigh, Contae Dhún na nGall a athsholáthar i mí na Samhna 2022. Tá na hoibreacha sin á gcur chun feidhme mar chuid de Chlár Laghdaithe Sceite Náisiúnta Uisce Éireann.

Beidh na hoibreacha bóthair ar siúl feadh an L5363 ag An Luinnigh.

Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí. Nuair a bhíonn na naisc seirbhíse reatha ar thaobh an phobail déanta de luaidhe, athsholáthrófar iad sin mar chuid den obair feabhsúcháin sin. 

Is é Farrans Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go gcuirfear i gcrích iad faoi dheireadh mhí na Nollag 2022.   

Location
Dún na nGall
Status
Completed
Type
Leakage reduction

Cad iad tairbhí na n-oibreacha?

Áirítear na nithe a leanas le tairbhí na n-oibreacha laghdaithe sceite:

  • Soláthar Uisce Iontaofa -Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse laghdófar na teagmhais de phíopaí pléasctha agus de bhristeacha sa soláthar uisce agus cinnteofar soláthar níos iontaofa uisce do chustaiméirí agus do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar.
  • Ligin Laghdaithe - Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse cuirfear deireadh leis na ligin atá ann agus laghdófar méid an uisce óil a chailltear sa talamh.
  • Oibriú Feabhsaithe agus Cothabháil Fheabhsaithe - Soláthrófar coigilteas costais leis na hoibreacha sin trí oibriú feabhsaithe an líonra uisce óna dteastóidh cothabháil níos lú sa todhchaí.

An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?

Ionas go ndéanfar na hoibreacha a sholáthar go sábháilte, déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d'fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a íoslaghdú. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm le linn na n-oibreacha, agus beidh dúnadh bóthair i bhfeidhm feadh an L5363 óna acomhal leis an R257 agus leis an L5373. Beidh an dúnadh bóthair i bhfeidhm le linn na n-oibreacha ó Dé Máirt an 1 Samhain - Dé hAoine an 16 Nollaig 2022. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí.

D'fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 n-uaire ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe.

Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith mí-oiriúnach agus déanfaidh na buíonta oibreacha a seacht ndícheall chun aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú.

View all projects and plans

Visit our Projects section to find out what's happening