Skip to main content

Sonraí Oscailte

Ceadúnú  - Sannadh Creative Commons

Tá mórchuid na dtacar sonraí ar fáil faoi Creative Commons Attribution 4.0 licence.

Sannadh

Ní foláir sonraí Uisce Éireann agus a ndíorthaigh a chreidiúnú leis na 5 ráiteas a leanas:

  1. Ráiteas Cóipchirt: Cóipcheart Uisce Éireann
  2. Foinse Uisce water.ie 
  3. Ráiteas Ceadúnais: Foilsítear na sonraí seo faoi Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
  4. Séanadh: Séanann Uisce Éireann aon fhreagracht as aon earráid nó as aon easnamh sna sonraí, a n-infhaighteacht, nó aon chaillteanas nó damáiste a eascródh as a n-úsáid
  5.  Fógra a thabhairt, nuair is infheidhme, más rud é go ndearnadh aon mhionathraithe ar an ábhar agus fógra a thabhairt maidir le haon mhionathraithe a rinneadh roimhe seo 
Tacair Shonraí  

Foilseofar tacair shonraí ar an tairseach náisiúnta do shonraí oscailte de réir mar a bhíonn siad ar fáil.

Data

Zóin Soláthair Uisce

Uisce Éireann

Is éard atá sa tacar sonraí seo ná liosta de Zóin Soláthair Uisce atá faoi shainchúram Uisce Éireann. Is ionann Zón Soláthair Uisce agus limistéar atá á sholáthar ag scéim soláthair uisce aonair. Go hiondúil áirítear ann aistarraingt amháin nó níos mó; (as abhainn, loch nó screamhuisce), ionad cóireála, stóráil i dtaiscumair agus an líonra na bpíobán dáileacháin chun an t-uisce a sheachadadh chuig gach uile theaghlach nó gnó.
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Uisce, Soláthar uisce
Data

Limistéir Méadraithe Ceantair

Uisce Éireann

Is ionann Limistéar Méadraithe Ceantair, agus limistéar sainithe den líonra dáileacháin ar féidir é a leithlisiú le comhlaí agus ar féidir na cainníochtaí uisce atá ag dul isteach agus ag teacht amach a mhéadrú.
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Uisce, Soláthar uisce
Data

Ceirtleáin Fuíolluisce

Uisce Éireann

Is ionann "ceirtleán" agus limistéar ina bhfuil an daonra, nó gníomhaíochtaí eacnamaíochta comhdhlúite go leor go mbailítear agus go n-iompraítear fuíolluisce chuig ionad cóireála fuíolluisce nó chuig pointe sceite deiridh;
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Uisce, Soláthar uisce, Fuíolluisce, Ceirtleáin,
Data

Ionaid Cóireála Uisce

Ionaid Cóireála Fuíolluisce arna oibriú ag Uisce Éireann.
Ainm na gColún Ainm an ionaid chóireála; Limistéar Údaráis Áitiúil(láthair an ionaid de réir limistéir údaráis áitiúil);24 uair an chloig. Toilleadh Deartha (m³/in aghaidh an lae);Oibritheoir um dhearadh, tógáil agus oibriú (oibritheoirí ar chonradh); L5 uimhir (uimhir thagartha do shócmhainn).
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Uisce, Soláthar uisce
Data

Stáisiúin Pumpála Uisce

Uisce Éireann

Liosta de Staisiúin Pumpála Uisce arna oibriú ag Uisce Éireann. 
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Uisce, Soláthar uisce, Bonneagar
Data

Taiscumair

Uisce Éireann

Liosta de thaiscumair ina bhfuil uisce á stóráil iontu mar chuid de líonraí soláthair Uisce Éireann.
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Uisce, Soláthar uisce, Taiscumair, Lochanna
Data

Ionaid Cóireála Fuíolluisce

Uisce Éireann

Ionaid Cóireála Fuiolluisce arna oibriú ag Uisce Éireann. Is éard atá i gceist le hionad cóireála fuíolluisce ná: ionad ina bhfuil umair agus trealamh chun próisis cóireála tánaisteacha nó príomhúla a chur ar fáil, agus i gcásanna áirithe próisis cóireála treasacha a chur ar fáil de bhreis ar an gcóireáil thánaisteach.
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Fuíolluisce, Cóireáil uisce
Data

Stáisiúin Pumpála Fuíolluisce

Uisce Éireann

Liosta de Staisiúin Pumpála Fuíolluisce ar stáisiúin iad ina mbailítear séarachas a gineadh i bpobail agus as a n-aistrítear an séarachas  go hionaid chóireála.
Foilsitheoir: XLSX
Teanga: Béarla
Dáta Mionathraithe: 20 Nollaig 2023
Eochairfhocail: Fuíolluisce, Fuíoll uisce, Cóireáil uisce, Bonneagar
Teagmháil 

Má bhíonn ceist ar bith agat déan teagmháil linn ag OpenData@water.ie.

Straitéis na Sonraí Oscailte

Ag teacht leis an straitéis náisiúnta Straitéis na Sonraí Oscailte 2017-2022 tá Uisce Éireann tiomanta do Shonraí Oscailte a chur ar fáil. 

De bhreis ar sin, is le Treoir AE 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a hathúsáid agus as na treoracha aisghairthe 2003 agus 2013 a chruthaítear creat reachtúil AE ionas gur féidir le gnónna agus saoránaigh úsáid a bhaint as faisnéis atá ann cheana agus atá i seilbh chomlachtaí na hearnála poiblí.

Is le Treoir na Sonraí Oscailte a shainordaítear go scaoilfí sonraí na hearnála poiblí i bhformáidí atá saor agus oscailte. Trasuíodh an Treoir go dlí na hÉireann le IR376/2021 ar an 22 Iúil 2021.

Is é an cuspóir foriomlán atá leis an Treoir ná geilleagar sonraí an AE a neartú tríd an méid de shonraí na hearnála poiblí atá ar fáil d'athúsáid a mhéadú agus trí deimhin a dhéanamh de go bhfuil iomaíocht chóir ann agus rochtain éasca ar fhaisnéis na hearnála poiblí agus go méadófar ar nuálaíocht trasteorann bunaithe ar shonraí.

Is é bunphrionsabal na Treorach ná go mbeidh sonraí rialtais oscailte trí dhearadh agus le réamhshocrú. Áirítear le forálacha na Treorach:

  • Go scaoilfear sonraí neamh-phearsanta i bhformáid oscailte agus go dtiocfaidís le caighdeáin oscailte.
  • Go mbeadh sonraí ar fáil i bhfíor-am agus le Comhéadain Feidhmchláir (API, nuair is indéanta).
  • Rialacha nua maidir le táillí a ghearradh - is prionsabal é an tsaor-athúsáid
  • Athúsáid sonraí taighde, ar taighde é a rinneadh le cistiú poiblí. 
  • Liosta de Thacair Sonraí Ardluacha leagtha síos i ngníomh cur chun feidhme.
  • Cosc a chur le gaibhniú sonraí, cuir in aghaidh aon socruithe eisiacha.
  • Sonraí atá i seilbh gnóthas poiblí ar nós fontas poiblí agus soláthraithe iompair a athúsáid.
Learn more Learn more - opens in a new tab