Skip to main content

Seachadann Uisce Éireann do shráidbhaile i nDún na nGall roimh dháta mhí na Nollag

Ní bheidh an bhliain seo thart sula ndéanfaidh Uisce Éireann 850 méadar de phríomhphíobán uisce, atá soghabhálach i leith pléascthaí, a athsholáthair do mhuintir an Luinnigh. 

I gceann cúpla lá beidh foirne Uisce Éireann ar an láthair feadh stráice den bhóthar áitiúil, an L5363, chun sean-phíbobair a bhaint. 

Mar chuid den Chlár Náisiúnta um Laghdú Ligin, tá ligean laghdaithe ag Uisce Éireann ar fud na tíre ó 46% in 2018 go 38% anuraidh agus cuideoidh an obair seo, atá an-ghar don Aigéan Atlantach, le ráta ligin náisiúnta de 25% a bhaint amach faoi dheireadh 2030. 

Ach beidh muintir na háite sa Luinnigh sásta a chloisteáil go gcuirfear píbobair úr in ionad a sean-phíboibre iontaofa sula dtiocfaidh mí na Nollag isteach, rud a chuirfidh deireadh leis na pléascthaí a bhíonn an ó am go ham. 

"Tá a fhios againn an mhíchaoithiúlacht a bhíonn ann mar gheall ar phléascthaí agus ar chur isteach gan choinne ar thithe agus ar ghnólachtaí agus trí shean-phríomhlíonra uisce mar seo a athsholáthar sa Luinnigh, beimid ag laghdú an seans go gcuirfí isteach ar sholáthar an phobail," a mhínigh Ceannaire Réigiúnach Líonraí Uisce Éireann, Declan Cawley. 

"Leis na hoibreacha seo fosta laghdófar an méid uisce cóireáilte a chailltear faoin talamh agus sábhálfar acmhainn luachmhar," a deir Declan. 

Beidh gá le dúnadh bóthair ar an L5363 ón acomhal leis an R257 agus an L5373 ar feadh thréimhse na n-oibreacha ach tig le muintir na háite a bheith cinnte de go gcoinneofar an trácht éigeandála agus áitiúil i gcónaí.  

B'fhéidir go mbeadh gá le cur isteach gearrthéarmach uaireanta ar an soláthar uisce chomh maith, ach tabharfar fógra 48 uair an chloig ar a laghad roimh aon bhriseadh beartaithe. 

"Thar ceann Uisce Éireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bpobal áitiúil roimh ré as a bhfoighne agus a gcomhoibriú de réir mar a théann an tionscadal chun cinn. Is mó na buntáistí fadtéarmacha ná míchaoithiúlacht ghearrthéarmach ar bith," arsa Declan. 

Is féidir le custaiméirí ag a bhfuil ceisteanna faoin tionscadal glao a chur ar Uisce Éireann ar 1800 278 278 nó teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare. Le haghaidh nuashonruithe breise féach suíomh gréasáin Uisce Éireann.

Ón mbliain 2018, tá os cionn €500 milliún infheistithe ag Uisce Éireann chun nuashonrú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre tríd an gClár Náisiúnta um Laghdú Ligin a sholáthar. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú againn gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil. Chun tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar ár gClár um Laghdú Ligin.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.