Skip to main content

An lámh in uachtar do sholáthar uisce na Cúile

Bainfidh An Chúil Uachtarach leas as Clár Laghdaithe Sceite Uisce Éireann mar gheall ar oibreacha atá ar na bacáin a chinnteoidh soláthar uisce níos iontaofa. 

Tá Uisce Éireann i mbun athsholáthar a dhéanamh ar tuairim is 2km de phríomhlíonra uisce damáistithe sa Chúil Uachtarach, sa Chreamhghort agus i mBaile na nGallóglach; codanna den líonra iad sin atá tugtha do phleáscadh píobán agus sceití uisce go minic.  

Is mó an mhuinín a bheidh ag an bpobal as a sholáthar uisce nuair a gcuirfear deireadh le clistí seirbhíse gan choinne.  

Cuireadh na hoibreacha siar go sealadach go mall an bhliain seo caite agus táthár ag dreim le tús a chur leo arís go luath i Mí an Mhárta 2024 agus meastar go mbeidh na hoibreacha i gcrích faoin samhradh i mbliana.  Nuair a bheidh na hoibreacha i gcrích, bainfidh custaiméirí leas as soláthar uisce feabhsaithe agus ní bheidh an suaitheadh céanna ar an soláthar. 

Ag labhairt di ar an togra, dúirt Bainisteoir Chlár Uisce Éireann, Patricia Lowry: "Tá an obair bhunriachtanach seo mar chuid d'infheistíocht shuntasach ó Uisce Éireann chun an líonra uisce i mBaile na nGallóglach a fheabhsú, tugtar tús áite d'infheistíocht sna háiteanna is mó a mbíonn gá léi agus cumasaíonn sé do phobail bláthú."

"Tuigimid go maith gur féidir le hobair den chineál seo chur isteach ar an bpobal áitiúil, ach déanfaidh ár gcriúnna gach iarracht aon chur isteach a laghdú." 

Beidh na hoibreacha ar siúl ar an R245, acomhal Bhóthar Charraig Airt go Séipéal na Cúile, déanfar an obair i gcodanna de réir a chéile chun aon chur isteach ar chustaiméirí a laghdú. D'fhonn na hoibreacha a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtúil, dúnfar bóithre áitiúla ar feadh tréimhsí gearra agus chuirfear córas i bhfeidhm chun an trácht a bainistiú fad is a bheidh an obair ar siúl. Cuirfear an pobal ar an eolas maidir leis seo roimh ré. Beidh bealaí eile ar fáil agus beidh comharthaíocht chuí in airde maidir le haon atreorú tráchta. Beidh rochtain áitiúil ar fáil i gcónaí agus beidh rochtain ar fáil do na seirbhísí éigeandála i gcónaí. 

Is é Farrans Constructions atá ag déanamh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann. 

Is cuid de Chlár Laghdaithe Sceite Uisce Éireann an togra seo agus cabhróidh sé linn an sprioc atá againn ráta sceite de 25% a bhaint amach do 2030. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bhfoireann Náisiúnta Laghdaithe Sceite ó 2018 nuair a bhí ráta sceite de 46% ann. 

Ón mbliain 2018, tá infheistiú de bhreis agus €500 milliún déanta ag Uisce Éireann chun an líonra uisce faoi thalamh a uasghrádú fud fad na tíre tríd an gClár Náisiúnta Laghdaithe Sceite. Beidh €250 milliún eile á infheistiú againn gach bliain go deireadh na bliana 2030 - deiseofar sceití agus cuirfear píobáin nua isteach chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil. 

Chun a thuilleadh eolais a fháil maidir leis an gClár Náisiúnta Laghdaithe Sceite, féach le do thoil ar www.water.ie/reducingleaks.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.