Skip to main content

Gealltanais go mbeidh soláthar feabhsaithe uisce in Indreabhán an samhradh seo

Tá tús curtha ag Uisce Éireann le hoibreacha chun príomhlíonra uisce a chur isteach in áit an tseanchinn i gCnocán Mhaicín, Indreabhán le gur féidir uisce slán, sábháilte agus iontaofa a chur ar fáil. Is ríthábhachtach na hoibreacha iad seo chun uisce a chaomhnú, an acmhainn is luachmhaire dá bhfuil againn, agus cinnteoidh siad nach bpléascfaidh a oiread sin píopaí amach anseo, rud gur mhinic roimhe seo a tharla cur isteach ar an soláthar uisce nó é a bheith as feidhm dá bharr.

Tá Gerry O'Donnell, Ceannasaí Réigiúnach an Chláir um Sceitheadh a Laghdú, ag tnúth lena chinntiú go mbeidh bristeacha níos lú ann sa soláthar uisce do chustaiméirí in Indreabhán ón samhradh seo ar aghaidh. 

"Trí obair a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe, thug muid tús áite do na hoibreacha laghdaithe sceite sin sna ceantair is mó gá leo. Is é is cuspóir leis an tionscadal seo ná thart ar 650m de phríomhlíonra uisce caite a athsholáthar. Tá píopaí nua á gcur isteach chun dul i ngleic le brú uisce, le fadhbanna soláthair agus sceite a chuireann isteach ar roinnt bailte agus gnólachtaí i gceantar Indreabháin."  

Dúirt Gerry: Lena chinntiú go dtáirgtear uisce óil sábháilte agus iontaofa gach lá i gContae na Gaillimhe, ní mór an méid uisce cóireáilte, glan a chailltear trí sceitheadh a laghdú. Tá Uisce Éireann tar éis 414m de phríomhlíonra uisce nua a chur isteach in áit sean-phríomhlíonra a bhfuil damáiste déanta dó sa Lochán Beag, Indreabhán. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le custaiméirí as comhoibriú agus as leanúint de bheith foighneach linn fad is atáimid i mbun an soláthar uisce ar fud an chontae a uasghrádú agus a fheabhsú."

Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí. Sa chás go bhfuil na naisc seirbhíse ar thaobh an phobail déanta as luaidhe, cuirfear cinn nua isteach ina n-áit mar chuid den obair feabhsúcháin seo.

Is é Farrans Construction a thabharfaidh faoi na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus tabharfar na hoibreacha chun críche faoi dheireadh mhí na Bealtaine. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm chun na hoibreacha a éascú ach ligfear do thrácht áitiúil agus éigeandála i gcónaí. 

Cuidíonn an Clár Laghdaithe Sceite Náisiúnta chun soláthar uisce níos iontaofa a sholáthar don phobal in Éirinn, chun sceitheadh ar leibhéal ard a laghdú agus cáilíocht an uisce a fheabhsú. Ó 2018 i leith, is ionann an méid seo a chur i gcrích agus breis is €500 milliún a infheistiú chun uasghrádú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú ag Uisce Éireann freisin gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar le gur féidir soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.

D'fhonn tuilleadh a fháil amach, tabhair cuairt ar: https://www.water.ie/projects/national-projects/leakage-reduction-programme/.

Tá líne chúram custaiméirí Uisce Éireann ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí a bhfuil ceisteanna ar bith acu dul i dteagmháil linn ar Twitter @IWCare. Le haghaidh nuashonraithe faoi chúrsaí áitiúla, tabhair cuairt ar an rannán Nuashonruithe faoi Sholáthar Uisce ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann nó socraigh d'áit ar ár suíomh gréasáin.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.