Skip to main content

An tIarthuaisceart chun an soláthar uisce óil a chosaint sna 25 bliain atá romhainn amach

Cuimsítear leis an bplean deiridh aiseolas a fuarthas le linn chomhairliúchán poiblí 13 seachtaine

Ghlac Uisce Éireann leis an bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tIarthuaisceart (PRAU-IT), a chosnóidh sláinte phoiblí, a thacóidh le fás agus a chomhlíonfaidh dúshláin an athraithe aeráide ar fud réigiún an Iarthuaiscirt sna 25 bliain atá romhainn amach. 

Is é An Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU) an chéad phlean straitéiseach 25 bliain d'Éirinn a chuireann ar ár gcumas bogadh i dtreo soláthairtí uisce phoiblí atá sábháilte, slán, iontaofa, agus inbhuanaithe dár gcustaiméirí agus dár bpobail go léir, agus cosnófar sláinte phoiblí agus an comhshaol ag an am céanna. 

I ndiaidh gur glacadh le Creatphlean an PNAU agus tuarascálacha gaolmhara in 2021, roinneadh an PNAU ina 4 phlean réigiúnacha ar leith agus, tar éis comhairliúchán poiblí ar an dara plean réigiúnach, tugadh an PRAU-IT cothrom le dáta agus ghlac Uisce Éireann leis chomh maith le Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Cinneadh maidir le Measúnacht Chuí.

Is féidir tuarascáil chomhairliúcháin ina dtugtar achoimre ar an aiseolas a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí, mar aon leis an PRAU-IT agus na tuarascálacha gaolmhara go léir, a chíoradh agus a íoslódáil ag https://www.water.ie/projects/strategic-plans/national-water-resources/rwrp/north-west/. Nó is féidir teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann ag nwrp@water.ie nó 1840 46 36 76, ina gcás siúd ar mhian leo PRAU-IT, Cinneadh MC agus ráiteas MST a chíoradh, is féidir é sin a dhéanamh ach é a iarraidh i gceann dár n-oifigí.

Ag labhairt di ar Chreatphlean deiridh an PRAU-IT, dúirt Máiréad Conlon, Ceannaire Straitéise um Acmhainní Uisce le hUisce Éireann, "Tá caomhnú acmhainní uisce luachmhara na hÉireann ina thosaíocht ag Uisce Éireann. Agus méadú ar an mbrú i gcónaí chun freastal ar an éileamh reatha ar uisce mar thoradh ar fhás ar an daonra, ar an athrú aeráide agus ar ár rialacháin chomhshaol atá ag athrú, tá sé fíor-riachtanach go bpleanálfaimid don am atá romhainn. Cuirfidh an Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - an tIarthuaisceart ar ár gcumas é sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe, agus tacóidh sé le forbairt eacnamaíoch agus fás ar an daonra ar fud an réigiúin ag an am céanna."

"Cinnfear an t-uisce is féidir linn a sholáthar anois agus amach anseo tríd an dóigh a bpleanálfaimid ár n-acmhainní uisce inniu. Ligeann an cur chuige Thrí Cholún, 'Úsáid Níos Lú', 'Caill Níos Lú' agus 'Soláthar níos Cliste' d'Uisce Éireann an raon réitigh is leithne agus is féidir a mheas trí na pleananna réigiúnacha a fhorbairt. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a chuir aighneacht isteach faoin bpróiseas comhairliúcháin. Is é an Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce- an tIarthuasceart an tríú ceann dár bpleananna réigiúnacha agus tá glactha leis anois."

Fuarthas 39 aighneacht ar fad, lena n-áirítear freagraí ó Oifig an Rialtóra Pleanála, Ibec, agus ó údaráis áitiúla i ndáil le beartas náisiúnta agus réigiúnach i leith fáis agus forbartha.

Mairfidh an comhairliúchán ón 22 Samhain 2022 go dtí an 21 Feabhra 2023. Bhí cóipeanna crua de na hábhair a bhain leis an gcomhairliúchán poiblí ar fáil le taispeáint don phobal in 29 oifig údaráis áitiúil agus in dhá leabharlann contae le linn na tréimhse comhairliúcháin. Chomh maith leis sin, rinne Uisce Éireann éascaíocht ar sheimineáir ghréasáin do dhaoine sa phobal a raibh suim acu san ábhar agus seimineáir ghréasáin agus cruinnithe eolais i bpearsan araon d'ionadaithe tofa.

Cuimsítear i gCéim 2 den PNAU forbairt cheithre Phlean Réigiúnacha um Acmhainní Uisce (PRAUnna).

  • Dréachtphlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tOirthear agus an Lár Tíre (PRAU-OLT)
  • Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tIarthuaisceart
  • Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tIardheisceart
  • Plean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tOirdheisceart

Cuimseofar le gach plean réigiúnach comhairliúchán neamhreachtúil maidir le scagadh agus scóipeáil le húdaráis chomhshaoil, agus beidh comhairliúchán poiblí reachtúil ann ina dhiaidh sin.

Tá comhairliúcháin maidir leis an bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - An tOirthear agus an Lár Tíre agus an tIardheisceart curtha i gcrích anois agus tugadh na pleananna cothrom le dáta agus glacadh leo. Seoladh an comhairliúchán ar an bplean réigiúnach deiridh don Oirdheisceart ar an 11 Iúil agus beidh sé ar siúl go dtí an 3 Deireadh Fómhair 2023.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.