Skip to main content

Meabhraíonn Uisce Éireann do thiománaithe go bhfuil bóthar Bhaile Átha an Rí Iata toisc go bhfuil tionscadal bunriachtanach ar siúl

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Is mian le hUisce Éireann a chur in Iúl don bpobal i mBaile Átha an Rí go bhfuil gá leis an mbóthar a dhúnadh mar gheall ar an dara céim de Scéim Tionscadal Shéarachais Bhaile Átha an Rí. 

Caithfear Sráid an Droichid a dhúnadh chun scaoileadh leis na hoibreacha ar an tionscadal bunriachtanach fuíolluisce seo a chur ar aghaidh. Is  tionscadal é a chuirfidh le fás agus  le forbairt sa todhchaí agus cuirfidh an tionscadal bunriachtanach fuíolluisce seo feabhas nach beag ar an líonra séaraigh atá ann anois.  

Mar chuid den gcéad chéim eile den tionscadal, tá tús curtha le hoibreacha ar Shráid an Droichid agus ar Lána na Cúirte chun scaoileadh le dul chun cinn san obair bainteach le píobán nua séarachais a chur isteach ag pointe trasnaithe an abhann .   

Is ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na gcriúnna agus an phobail a dhúnfar an bóthar ó 31 Deireadh Fómhair go 1 Nollaig. Osclófar an bóthar go sealadadh i rith thréimhse na Nollag agus cuirfear soilse tráchta sealadacha ar Shráid an Droichid sula ndúnfar an bóthar arís ón 3 Eanáir go deireadh mhí Feabhra, 2024.  

Ghabh Com Claffey ó Uisce Éireann buíochas leis an bpobal as a bhfoighne agus a gcomhoibriú roimhré agus an tionscadal bunriachtanach seo á chur chun cinn.  

"Tuigimid go gcuirfidh sé isteach ar dhaoine an bóthar a bheith dúnta agus déanfaidh ár gcriúnna a seacht ndícheall an chur isteach sin a mhaolú. Cuirfimid deireadh le dúnadh an bhóthair i rith mí na Nollag chun cuidiú le gnónna i rith thréimhse ghnóthach na Nollag."

"Is fearr tairbhe fadtéarmach an tionscadail ná aon mhíchaothúlacht ghearrthréimhseach. Is den riachtanas é líonra séaraigh atá oiriúnach don bhfeidhm atá leis a bheith ann chun  tacaíocht a thabhairt do ghnónna agus d'fhorbairt shóisialta araon sa phobal. Ní hamháin go dtacóidh na hoibreacha seo le forbairt reatha agus forbairt a dhéanfar sa todhchaí ar thithíocht agus ar thráchtáil ach rachaidh siad chun leasa fheidhmúlacht iomláin  an líonra séaraigh."

Tá Coffey Construction Ltd. atá ag obair ar son Uisce Éireann ag súil go mbeidh an tionscadal i gcrích faoi cheann dheireadh na bliana 2024.  Idir na dá linn, leanfaidh Uisce Éireann ar aghaidh ag cur eolas chun dáta ar fáil don bpobal áitiúil i mBaile Átha an Rí de réir mar a leanfaimid orainn ag déanamh dul chun cinn.   

Tá Uisce Éireann freagrach as uisce óil phoiblí agus seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil do Mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do leas pobal a dhéanamh trí uasghádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar a thacóidh le fás agus le forbairt inbhuanaithe, de bhreis ar sin táimid tiomanta d'uisce óil sábháilte a sholáthar agus táimid tiomanta do leas na timpeallachta a dhéanamh. Chun a thuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.water.ie.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.