Skip to main content

Tá mórthionscadal fuíolluisce ar bun ag Uisce Éireann i nGaeltacht na nDéise

I gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, tá mórthionscadal ar bun ag Uisce Éireann chun uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras bailiúcháin fhuíolluisce agus cóireála uisce stoirme i mBaile na nGall i limistéar Ghaeltacht na nDéise in Iarthar Phort Láirge.

Nuair a bheidh sé seo curtha i gcríoch, béarfaidh an dá infreastruchtúr buntáistí suntasacha leo don phobal áitiúil maidir le cosaint timpeallachta trí chaighdeán an uisce i mBá Dhún Garbháin a fheabhsú, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCS) agus ag laghdú an riosca a bhaineann le tuilte séarach idtithe agus i ngnóthais. Tabharfaidh an tionscadal tacaíocht don phobal iascaireachta áitiúil trí chúnamh a thabhairt maidir le gnáthóg uisceach oisrí agus sliogéisc eile a chosaint chun tacú le táirgeadh laistigh d'uisce sliogéisc sainithe.   

I ndiaidh oibreacha dearaidh sonracha, cuireadh iarratas pleanála isteach lena n-áirítear uasghrádú ar stáisiún caidéalúcháin a bhí ann roimhe seo ag An Móta, tógáil dhá stáisiún caidéalúcháin bhreise, 3km de shéaraigh nua agus breis stórais d'uisce stoirme chun minicíocht Sceitheanna Uisce Stoirme (SWOanna) isteach sa bhá a laghdú.

Maidir leis an tionscadal, dúirt David Shalloo, Bainisteoir an Chláir ag Uisce Éireann, "Tá ríméad orainn dul chun cinn a dhéanamh leis an tionscadal suntasach seo thar ceann na bpobal áitiúil i mBaile na nGall na gceantar máguaird. Tá sé ríthábhachtach d'fhorbairt an cheantair áille seo go gcuirfear seirbhís iontaofa cóireála fuíolluisce ar fáil i mbealach nach ndéanann dochar don timpeallacht."

Lean David, "Cinnteoidh an t-infreastruchtúr nua go ndéanfar fuíolluisce a chóireáil go sásúil agus go sásóidh sé na caighdeáin is airde sula gcuirfear amach sa timpeallacht mhuirí é, agus ní hamháin go dtabharfaidh sé seo deis do nádúr na farraige maireachtáil, ach tabharfaidh sé an deis is fearr dóibh a bheith faoi bhláth."

Tá amlíne do thús na n-oibreacha faoi réir ag ceadanna pleanála agus reachtúla, é sin ráite, táthar ag súil go dtosóidh an tógáil go luath in 2024. Tabharfar níos mó uasdátuithe de réir mar a leanann an tionscadal ar aghaidh.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí infreastruchtúr criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt go leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d'fhás agus d'fhorbairt inbhuanaithe, trí uisce óil sábháilte a sholáthar, agus tríd an timpeallacht a fheabhsú. Le haghaidh níos mó eolais téigh go dtí www.water.ie

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.