Skip to main content

Sceitheadh a laghdú i dTobar Caoin agus i gCoire an tSalainn

Tá daingniú an tsoláthair uisce i nDún na nGall fós ina phríomhthosaíocht d'Uisce Éireann de réir mar a leanann an feachtas ar aghaidh chun sceitheadh a laghdú agus chun soláthar uisce do bhailte agus do ghnólachtaí a fheabhsú i gceantar na nGleanntach.

Agus é ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, tá sé sceidealaithe go ndéanfaidh Uisce Éireann 745 mhéadar de sheanphíobáin uisce a athsholáthar feadh an L-1723 Bhóthar Mhachaire ó Thobar Caoin go Coire an tSalainn a bhí i mbaol pléasctha agus sceite go minic ó am go chéile. Tá athsholáthar á dhéanamh ar na príomhlíonraí le píopaí nua-aimseartha.

Tugadh tús áite don tionscadal mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann a bhfuil soláthar uisce níos sábháilte agus níos iontaofa á chur ar fáil aige do phobail ar fud na hÉireann.

Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis na hoibreacha sna laethanta le teacht agus táthar ag súil go mbeidh siad curtha i gcrích faoi Mhí Feabhra an bhliain seo chugainn. Nuair a chuirfear i gcrích iad, bainfidh custaiméirí sa cheantar seo sásamh as soláthar uisce feabhsaithe a bhfuil níos lú cur isteach ag baint leis. 

Cuirfidh Farrans Construction an tionscadal i gcrích ar son Uisce Éireann. 

Agus í ag trácht ar an tionscadal, dúirt Bainisteoir an Chláir, Patricia Lowry: "Tá an obair bhunriachtanach seo ina cuid d'infheistíocht shuntasach ag Uisce Éireann chun feabhas a chur ar an líonra uisce sna Gleannta, agus tús áite á tabhairt d'infheistíocht sna háiteanna a bhfuil an gá is mó agus pobail á gcumasú chun dul ó neart go neart."

Dúirt Patricia: "Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre sin a bheith míchaoithiúil, ach cinnteoidh foirne oibre, áfach, go mbeidh na limistéir oibre teoranta do chodanna gearra d'fhonn an tionchar ar chustaiméirí a íoslaghdú. Ba mhaith linn a dhearbhú don phobal go mbeidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm áit a mbeidh píobáin uisce á dtógáil agus go gcoimeádfar rochtain do thrácht áitiúil agus éigeandála i gcónaí."

Tá an tionscadal seo mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite agus cuideoidh sé linn ár sprioc 2030 a bhaint amach maidir le ráta sceite náisiúnta de 25%. Bhain an fhoireann Náisiúnta Laghdaithe Sceite an-chuid amach ó 2018 nuair a bhí an ráta sceite ag 46%. 

Ó 2018, tá os cionn €500 milliún infheistithe ag Uisce Éireann chun nuashonrú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre tríd an gClár Náisiúnta um Laghdú Sceite a sholáthar. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú againn gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár Náisiúnta Laghdaithe Sceite tabhair cuairt ar www.water.ie/reducingleaks.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.