Skip to main content

Srianta uisce ag teastáil san oíche in Inis Oírr

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Gaillimhe, tá Uisce Éireann ag moladh do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí in Inis Oírr uisce a chaomhnú de bharr titim ar an leibhéal uisce sa taiscumair. Beidh na srianta i bhfeidhm chuile oíche ón 11i.n go dtí an 7r.n.

Deir Tim O'Connor, Uisce Éireann go bhfuil;

"Na srianta seo a bheas i bhfeidhm i rith na hoíche an-tábhachtach chun an gnáth sholáthar a chinntiú i rith an lae. Tá am na srianta uisce curtha mar seo againn ionas gur beag éifeacht a bheas acu ar mhuintir an oileán ach, ní mór leanacht ar aghaidh le moltaí an HSE i leith níochán lámha srl. Tá muid ag impí ar phobal Inis Oírr a bheith ciallmhar agus iad ag úsáid a gcuid uisce óil. Is féidir 6 lítear uisce sa nóiméad a shábháil má chasann tú as an sconna agus tú ag níochán do chuid fiacla. Moltaí beaga praicticiúla mar sin atá muid ag moladh do dhaoine a ghlacadh san áireamh. Tá breis eolais ar an suíomh www.water.ie maidir le caomhnú uisce."

Ba mhaith le hUisce Éireann agus le Comhairle Contae na Gaillimhe leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht agus ba mhaith leo buíochas a ghabháil leis an bpobal roimh ré as ucht a gcomhair. Coinneofar daoine ar an eolas faoi na leibhéil stórála uisce sna taiscumair agus tabharfar fógra do thomhaltóirí nuair a bheidh siad in ann filleadh ar a gcuid uisce a úsáid ar an ngnáthbhealach.

Na Príomhleideanna a mholann Uisce Éireann maidir le caomhnú uisce:

  • Saor ó ligean: Seiceáil an bhfuil do theach saor ó ligean. Seiceáil an bhfuil aon róshreabhadh ann agus deisigh aon sconnaí, sistéil nó píobáin atá ag sileadh.
  • Ná fág an sconna ag rith: Má scuabann tú do chuid fiacla agus an sconna ag rith, úsáidfidh tú suas le 6 lítear in aghaidh an nóiméid - is méid uafásach é sin. Ní úsáidfidh tú ach 1 lítear uisce má scuabann tú do chuid fiacla agus an sconna curtha as.
  • Cithfholcadh vs. Folcadh: Úsáidtear 80 lítear uisce sa mheánfholcadh. I gcomparáid leis sin, ní úsáidtear ach 49 lítear sa mheán-chithfholcadh a mhaireann seacht nóiméad. Chun ollchoigilt uisce a dhéanamh, glac cithfholcadh seachas folcadh.
  • Níos lú ama: Toisc go n-úsáidtear 7 lítear uisce in aghaidh an nóiméid sa mheán-chithfholcadh, ní gá duit ach aon nóiméad amháin a ghearradh ó do chithfholcadh cúig nóiméad chun suas le 7 lítear a choigilt in aghaidh an lae!
  • Lódáilte go hiomlán: Déan cinnte de go mbíonn do mhiasniteoir agus do mheaisín níocháin lódáilte go hiomlán i gcónaí. Úsáideann meaisín níocháin nua-aimseartha thart ar 65 lítear uisce in aghaidh an chiogail. Úsáideann miasniteoir 20 lítear in aghaidh an chiogail. Má dhéanann tú cinnte de go mbíonn siad lódáilte go hiomlán, ní hé amháin go gcaomhnóidh tú uisce, ach laghdóidh tú do bhillí fuinnimh freisin.
  • Ná sruthlaigh an t-uisce ar fad ar shiúl: Sruthlaítear síos an leithreas aon trian den uisce ar fad a úsáidtear sa bhaile. Bíonn sistéil mhóra áirithe éifeachtach go fóill fiú amháin nuair a shruthlaítear go bog iad. Cuir gléas díláithriúcháin isteach sa sistéal (áit nach mbeidh sé sa bhealach ar pháirteanna gluaisteacha) chun uisce a choigilt.
  • Ná déan dearmad ar uisce a bhailiú: Sáracmhainn do do ghairdín is ea uisce báistí. Bailigh uisce báistí ó do gháitéir le buta uisce, ach déan cinnte de go mbíonn an coimeádán mór cumhdaithe go slán i gcónaí ar mhaithe le do shábháilteacht.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.